Skip to main content
Photography: Patrick Browne


Nuacht

This Is Art! Tá an comórtas ealaíne iontach ar ais le haghaidh 2023!!

Scroll
min read

This Is Art! Tá an comórtas ealaíne iontach ar ais le haghaidh 2023!!

min read

1/03/23

This Is Art! Tá an comórtas ealaíne iontach ar ais le haghaidh 2023!!

FÓGRA DO GACH EALAÍONTÓIR ÓG!! Tá This Is Art!, an comórtas ealaíne uile-oileáin ar ais!! Tá RTÉ agus Clár Éire Ildánach ag iarraidh ar ealaíontóirí óga a gcuid oibre a chur isteach arís. Agus ceiliúradh á dhéanamh aige ar obair amharc-ealaíne a chruthaíonn páistí agus daoine óga ar fud oileán na hÉireann, tá This Is Art! ag tabhairt cuireadh d'ealaíontóirí ag gach leibhéal cumais atá 18 mbliana d'aois nó faoina bhun píosa ealaíne, a bheidh á thaispeáint i TIA agus ar líne i mbailiúchán digiteach, a chruthú ina n-aonar nó i ngrúpaí.

An bealach a n-oibríonn sé

Tá an comórtas oscailte do gach duine óg, beag beann ar chumas, atá 18 mbliana d’aois agus níos óige, atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann agus tá gach disciplín amharc-ealaíne san áireamh.

Tá 5 chatagóir ann:

  • Aois 7 agus faoi
  • Aois 8 go 11
  • Aois 12 go 15
  • Aois 16 go 18
  • Catagóir ghrúpa

Le cur isteach air

CRUTHAIGH píosa amharc-ealaíne bunaidh.

TÓG GRIANGHRAF nó Scan leagan digiteach de do shaothar.

UASLÓDÁIL d’iontráil, mar aon le ráiteas gearr ón ealaíontóir.

Déanfaidh painéal neamhspleách de mholtóirí athbhreithniú ar gach saothar ealaíne atá incháilithe ansin agus taispeánfar iad inár nGailearaí This Is Art! ar líne. Roghnófar saothair le cur ar chláracha fógraí de chuid na n-údarás áitiúil ar fud na tíre agus ar na meáin shóisialta.

An téama

Is é téama chomórtas na bliana seo ná ‘Seo spreagadh/This Is Inspiration’.

Deir Amanda Coogan, atá ar dhuine de na moltóirí: “Ciallaíonn spreagadh ‘beocht a chur isteach i rud’. Tá mé ag súil go mór lena fháil amach faoin rud a thugann spreagadh duitse. Cad iad na smaointe a roghnaigh tú le beocht a chur isteach iontu? Agus conas a roghnaigh tú tabhairt faoi? Tá an gearrchuntas an-leathan agus mar gheall air sin táimid ag súil go mór lena fháil cén chaoi a bhfreagróidh tú dó!”

Na Duaiseanna

Bronnfar duaischiste de níos mó ná €10,000 sna catagóirí éagsúla le haghaidh dearbháin bhreisoideachais agus ábhar a bhaineann le healaín.

Na Dátaí

  • Is é an 13 Márta an chéad dáta a nglacfar le hiontrálacha
  • Is é meán oíche 8 Bealtaine an dáta deiridh a nglacfar le hiontrálacha
  • Fógrófar na buaiteoirí ag Cruinniú na nÓg, 10 Meitheamh 2023

Ag labhairt di ag seoladh This is Art i nGailearaí Ealaíne Phort Láirge dúirt an tAire Catherine Martin: Is iontach an rud é This is Art! a fheiceáil! faoi rath agus ag fás. Is an-léiriú é ar thallann agus ar chruthaitheacht ár ndaoine óga agus tá ríméad orm a bheith á sheoladh go hoifigiúil i mbliana i bPort Láirge. Mholfainn do pháistí ar fud oileán na hÉireann a bheith cruthaitheach, spraoi a bheith acu agus páirt a ghlacadh i gcomórtas na bliana seo. Fógrófar na buaiteoirí ámharacha Dé Sathairn an 10 Meitheamh 2023 le haghaidh Cruinniú na nÓg – an lá náisiúnta ar a gcuirtear deiseanna cruthaitheachta saor in aisce ar fáil do dhaoine óga in Éirinn.”

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes: “Le dhá bhliain anuas, tá This is Art! tar éis aird a tharraingt ar an leibhéal cruthaitheachta atá i measc ealaíontóirí óga de gach aois agus ag gach leibhéal cumais ar fud na tíre. Bhíomar thar a bheith tógtha le caighdeán na n-iontrálacha a tháinig isteach chugainn. Dá bhrí sin, táimid ag súil go dtabharfaidh an oiread daoine óga agus is féidir freagra ar an gcuireadh uainn a gcuid samhlaíochta a úsáid, a bheith cruthaitheach agus páirt a ghlacadh sa tríú comórtas This is Art! Bunaithe ar an dá bhliain seo caite, beidh obair mhór le déanamh ag na moltóirí i mbliana. Go n-éirí go geal le gach duine.”

Dúirt Suzanne Kelly, Ceann Ábhar Leanaí agus Daoine Óga, RTÉ freisin“Tá ríméad agus bród ar RTÉ Kids cuidiú le hárdán a thabhairt do na páistí iontacha, cumasacha agus cruthaitheacha, fud fad oileán na hÉireann, a ghlacann páirt sa chomórtas This is Art!. I bpáirt le hÉire Ildánach ba mhaith linn an oiread agus is féidir daoibhse, atá in bhur múinteoirí nó tuismitheoirí a spreagadh leis na daltaí agus na páistí a ghríosadh le bheith ag cruthú. Ba bhreá linn na saothair ealaíne a chuireann bhur bpáistí isteach a fheiceáil agus iad a chur ar taispeáint inár ngailearaí digiteach. Cabhraigh linn a léiriú don domhan mór cé chomh cruthaitheach agus atá ár ndaoine óga.”

Agus má tá tú ag iarraidh é seo ar fad a bhuachan is iad na daoine seo a leanas a gcaithfidh tú dul i bhfeidhm orthu – na Moltóirí 2023.

  • Annie Fletcher – Stiúrthóir IMMA, Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann
  • Aoife Dooley – Maisitheoir
  • Tadhg Crowley – Coimeádaí Sinsearach, Músaem Glucksman, UCC
  • Amanda Coogan – Amharc-Ealaíontóir
  • Colin Martin – Péintéir, Scoil RHA, léachtóir i NCAD
  • Ruth Medjber – Grianghrafadóir

Faigh thuilleadh eolais: This is Art (rte.ie)

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×