Skip to main content


Nuacht

Rianaíonn ‘Threading the Táin’ eipic ársa Éireannach

Scroll
4 min read

Rianaíonn ‘Threading the Táin’ eipic ársa Éireannach

4 min read

22/04/22

Rianaíonn ‘Threading the Táin’ eipic ársa Éireannach

Beidh cúig tháipéis mhionsaothraithe, ag léiriú radharcanna ón eipic mhór Éireannach Táin Bó Cúailnge, á gcur ar taispeáint in ionad ealaíon na Tána ón 23 Aibreán.

I gcomhar le seoladh Fhéile na Tána 2022, tá sé fógartha ag Ionad Ealaíon na Tána go bhfuil seoladh déanta ar ‘Threading the Táin’, tionscadal pobail idirchontae d’amharcealaíona ina léirítear cúig tháipéis mar cheiliúradh ar Tháin Bó Cúailnge.

Le maoiniú ó Éire Ildánach agus léirithe ag Ionad Ealaíona na Tána i gcomhar le Creative Spark, taispeánann gach táipéis radharcanna ón eipic urramach ársa a bhaineann leis na cúig chontae atá luaite sa Táin – Ros Comáin, An Longfort, An Iarmhí, An Mhí agus Lú. Déanann Féile na Tána rianú freisin ar thuras seo na gcúig chontae.

Beidh seoladh an tionscadail ‘Threading the Táin’ ar siúl ag 7pm ar an 22ú Aibreán in Ionad Ealaíon na Tána, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Co. Lú.

Tá réimse de theicnící teicstíle úsáidte i gcruthú na dtáipéisí, lena n-áirítear ruaimniú, péinteáil, feiltiú, appliqué, faux chenille, bróidnéireacht láimhe agus cuilteáil, mar aon le fuáil láimhe agus meaisín.

Faoi cheannas an ealaíontóra Sophie Coyle atá lonnaithe i Lú agus a d’oibrigh go dlúth leis an seandálaí Paul Gosling agus le Mel O’Loan ó Fhéile na Tána, oibríodh amach cé na codanna den eipic ba cheart a chur sa táipéis. Fuair an tionscadal treoir ó ealaíontóir teicstíle i ngach contae agus an té sin i gceannas ar ghrúpa de lucht fuaite ón bpobal chun gach painéal a chruthú.

Is iad seo na healaíontóirí: Frances Crowe, Ros Comáin; Catherine Gray, An Longfort; Claire Delabre, An Iarmhí; Ina Olohan, An Mhí; agus Úna Curley, Lú. Ghlac breis agus 40 saorálaí páirt sa tionscadal. Nuair a thaispeántar le chéile iad, léiríonn na cúig tháipéis scéal iomlán na Tána, ach seasann gach píosa as féin mar saothar ealaíne aonair.

Making Of: Threading the Táin | An Táin Arts Centre

Open Video

Forbairt bhreise atá in ‘Threading the Táin’ ar an ngaol atá idir Ionad Ealaíon na Tána agus Féile na Tána. Bhí an méid seo le rá ag Mary Claire Cowley, ó Ionad Ealaíon na Tána atá ina Bainisteoir Tionscadail ar ‘Threading the Táin’:

“Fuair an tionscadal an-inspioráid go deo ón bpaisean don Táin atá léirithe ag Paul Gosling agus Mel O’Loan agus an fhoireann ar fad ag Féile na Tána. Mar chontaetha atá ceangailte ag snaidhmeáin na Tána, deis iontach a bhí anseo dúinne a theacht le chéile sa cheiliúradh comhoibríoch, stairiúil seo ar ár bhféiniúlacht agus ár gcultúr tríd an gceardaíocht, agus tá ríméad orainn a bheith ag seoladh ‘Threading the Táin’ i gcomhar le Féile na Tána 2022.”

Ag tosú ar an 10ú Meitheamh sa Chuaille, beidh féile na bliana seo ag rianú an bhealaigh a thóg an Tarbh Donn agus é ar a bhealach ón gCuaille go Connacht. Thar thrí dheireadh seachtaine na féile, tabharfar cuairt ar phríomh-shuíomhanna sa Chuaille, Dún Dealgan, Baile Átha Fhirdhia, Tailtin, Ceanannas agus an Muileann gCearr, agus críochnóidh sé i Ros Comáin ar an 26ú Meitheamh.

Beidh ‘Threading the Táin’ ar fáil ag an bpobal mar saothar ealaíne cúig phíosa a bheifear in ann a fheiceáil san Ionad Ealaíon na Tána, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Co. Lú ón Satharn 23ú Aibreán go dtí an Satharn 11ú Meitheamh, tráth a dtosóidh Féile na Tána.

Ansin, cuirfear an táipéis ar taispeáint i Ros Comáin do dheireadh na féile ar an 26ú Meitheamh. Ag an tráth sin, tabharfar gach píosa ar ais go dtína chontae ábhartha féin chun dul ar taispeáint go neamhbhuan.

Beidh seoladh an tionscadail ‘Threading the Táin’ ar siúl ag 7pm ar an 22ú Aibreán ag An Táin Arts Centre, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Co. Lú.

Faigh tuilleadh eolais faoin Táin March Festival 2022 agus an taispeántas ‘Threading the Táin’.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×