Skip to main content


Nuacht

Trínár Súile: Indibhidiúlacht an Lucht Siúil á ceiliúradh ag portráidí comhaimseartha

Scroll
3 min read

Trínár Súile: Indibhidiúlacht an Lucht Siúil á ceiliúradh ag portráidí comhaimseartha

3 min read

2/11/22

Trínár Súile: Indibhidiúlacht an Lucht Siúil á ceiliúradh ag portráidí comhaimseartha

Agus é á thaispeáint den chéad uair ag ócáid theilgin aon uaire i gCearnóg Theach an Tionóil i mBaile Átha Cliath ar an 3 Samhain, is tionscadal grianghrafadóireachta léargasach nua é Trínár Súile, atá faoi stiúir an ealaíontóra Martin Beanz Warde.

Seo ceann de chúig thionscadal maidir le Folláine an Lucht Siúil Tríd an gCruthaitheachta, tionscnamh a d’fhorbair Éire Ildánach, Clár Éire Shláintiúil, FSS, an Oifig Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta agus an Chomhairle Ealaíon. Beidh an taispeántas Trínár Súile ar siúl i Músaem Grianghraf Éireann ón 3–30 Samhain, áit a bhfeicfear grianghraif atá roghnaithe ón tionscadal.

Féiniúlacht, folláine agus bród

Is fuirseoir ar a bhoinn, amharclannóir, grianghrafadóir, scríbhneoir, file, iriseoir agus duine atá ar son meabhairshláinte agus LADT+ an Lucht Siúil é Martin Beanz Warde a chomhoibrigh le naonúr rannpháirtithe ó Phobal an Lucht Siúil ó gach cearn d’Éirinn chun sraith grianghraf a dhéanamh a fhreagraíonn do théamaí na féiniúlachta agus na folláine.

Is é an cur chuige a bhí in úsáid don tionscadal ná gur bhuail Martin le gach duine de na rannpháirtithe agus gur thóg sé grianghraf díobh, agus ag an am céanna d’iarr sé orthu grianghraf a thógáil iad féin. Tugann a ngrianghraif léargas uathúil ar an dearcadh ar leith atá ag na rannpháirtithe féin maidir le réimse d’ábhair idir an misneach agus na haislingí atá acu, agus na rudaí a thugann pléisiúr agus saoirse dóibh agus a choinníonn slán iad.

Tá níos mó ná cumha nó steiréitopáil i gceist leis na híomhánna mealltacha de na rannpháirtithe Winnie Ward, Patrick McDonagh, Chantelle Stokes, Emma Ward, Timmie Casey, Thomas Connors, Martin Ward, Helena Power agus Emily Evans, iad uile idir 19 agus 36 bliana d’aois. Ina áit sin is amhlaidh a chuirtear portráidí comhaimseartha i láthair a cheiliúrann indibhidiúlacht an Lucht Siúil, rud a léiríonn an bród atá acu as a gcultúr.

Castacht agus cruthaitheacht

Mar gheall ar an meascán den phortráidí foirmiúla a rinne Martin agus grianghraif a thóg na rannpháirtithe féin, tugtar peirspictíochtaí éagsúla dúinn sa taispeántas Trínár Súile agus tugann sé léargas gan sárú ar fhéiniúlachtaí an duine aonair den Lucht Siúil, ag glacadh le castacht agus le miondifríochtaí.

Tarraingítear aird sa tionscadal ar ról an Lucht Siúil mar dhaoine atá éagsúil, cruthaitheach agus tugann sé aghaidh ar pheirspictíochtaí níos leithne ionas go bhfeicfear cultúr an Lucht Siúil mar rud luachmhar, dinimiciúil atá leabaithe mar chuid den saol in Éirinn na linne seo.

Is tionscadal de chuid Mhúsaem Grianghraf Éireann é seo i gcomhpháirtíocht leis an tionscnamh Open Doors agus le saineolaithe maidir leis an cuimsiú sóisialta. Tá cabhair curtha ar fáil don ealaíontóir Warde ó thaobh coimeádaíochta, oiliúna agus léiriúcháin le linn an tionscadail phíolótaigh seo a mhairfidh ar feadh sé mhí seo. D’oibrigh Anthony Haughey le Martin freisin agus é mar mheantóir piaraí don ealaíontóir.

“Tríd an tionscadal seo, d’éirigh liom bualadh le daoine den Lucht Siúil ó gach cearn d’Éirinn atá ag iarraidh aislingí a fhíorú nach bhféadfaí a shamhlú 20 bliain ó shin” a dúirt Warde in alt dá chuid san Irish Times le déanaí.

“D’fhoghlaim mé faoin éirim, faoin teacht aniar, agus faoin treallús atá laistigh den phobal, agus bhí sé de phléisiúir agam ardán a thabhairt do dhaoine nach gcloistear a nguth ach go hannamh.”

Beidh an chéad taibhiú de Trínár Súile ar siúl i gCearnóg Theach an Tionóil i mBaile Átha Cliath ar an 3 Samhain ag 6pm.

Beidh an taispeántas ar siúl i Músaem Grianghraf Éireann ón 3-30 Samhain 2022, tá cead isteach saor in aisce.

Léigh tuilleadh faoi na cúig thionscadal maidir le Folláine an Lucht Siúil Tríd an gCruthaitheacht anseo.

Stay up to date

×