Skip to main content


Nuacht

Dearbhaítear i dtaighde nua go n-ardaíonn gníomhaíochtaí ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha caighdeán na beatha agus cabhraíonn siad le dul i ngleic leis an dúlagar agus leis an imní

Scroll
min read

Dearbhaítear i dtaighde nua go n-ardaíonn gníomhaíochtaí ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha caighdeán na beatha agus cabhraíonn siad le dul i ngleic leis an dúlagar agus leis an imní

min read

1/06/23

Dearbhaítear i dtaighde nua go n-ardaíonn gníomhaíochtaí ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha caighdeán na beatha agus cabhraíonn siad le dul i ngleic leis an dúlagar agus leis an imní

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., torthaí chomhshaothar taighde le Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Dhul in Aois, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Leanann an an tuarascáil, a choimisiúnaigh clár Éire Ildánach, tuarascáil a rinneadh sa Staidéar roimhe seo, ‘Gníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag dul in Aois’ a eisíodh i mí na Samhna 2021. Scrúdaítear sa tuarascáil nua seo na naisc atá idir rannpháirtíocht daoine fásta níos sine i ngníomhaíochtaí ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha in Éirinn. Rinneadh iarracht sa tuarascáil seo scrúdú a dhéanamh ar an mbaint atá idir na gníomhaíochtaí seo agus torthaí sláinte coirp, meabhrach agus iompraíochta, chomh maith leis na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le rannpháirtíocht.

Príomhthorthaí

Tá baint ag rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha le caighdeán maireachtála níos airde agus leibhéil ísle dúlagair, struis, imní agus uaignis.

  • Tuairiscíonn daoine fásta níos sine a ghlac páirt roimhe seo ach nach ndéanann a thuilleadh, leibhéil cháilíochta beatha níos ísle agus leibhéil níos airde dúlagair agus uaignis i gcomparáid leo siúd atá rannpháirteach faoi láthair.
  • Tuairiscíonn daoine fásta níos sine nár ghlac páirt riamh go bhfuil caighdeán maireachtála níos ísle acu agus leibhéil níos airde struis agus imní i gcomparáid leo siúd a ghlacann páirt ann faoi láthair.
  • Tá baint fhadtéarmach idir cáilíocht beatha níos airde agus rannpháirtíocht
  • Is mó an seans go nglacfaidh mná páirt i ngníomhaíochtaí ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha ná fir, le 62% de na mná ina rannpháirtithe reatha nó roimhe seo i gcomparáid le 46% d’fhir
  • Tá baint ag gnóthachtáil ardoideachais le rannpháirtíocht. Tá sé níos mó ná cúig huaire níos dóchúla go nglacfaidh daoine fásta níos sine a bhfuil oideachas tríú leibhéal acu páirt ann i gcomparáid leo siúd a bhfuil oideachas scoile acu.
  • Tá na rátaí rannpháirtíochta is airde i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath agus níos ísle i gcontaetha níos tuaithe ar nós contaetha Chiarraí, an Chabháin, Mhuineacháin agus na hIarmhí.
  • Ba é an cineál gníomhaíochta ealaíon, cruthaitheach agus cultúrtha ba mhó éilimh ná éisteacht le ceol, é a sheinm nó a theagasc, agus bhí 52% de na rannpháirtithe páirteach sa ghníomhaíocht seo.
  • Ba é an spreagadh ba láidre le haghaidh rannpháirtíochta ná suim sa ghníomhaíocht, le taitneamh/spraoi agus ansin gnéithe/sochair shóisialta.
  • Ba é an suíomh ba mhinice le haghaidh rannpháirtíochta ná teach príobháideach agus ionaid phobail ina dhiaidh sin.

I bhfianaise na dtorthaí dearfacha cruthaithe do dhaoine níos sine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí cruthaitheacha, d’éiligh an taighde go gcuirfí clár cruthaitheach ar fáil chun rannpháirtíocht i ngrúpaí i mbaol a mhéadú. Leag sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le rochtain mhéadaithe ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha le fócas ar leith ar phobail lasmuigh de Bhaile Átha Cliath; chomh maith le tacú le filleadh ar rannpháirtíocht dóibh siúd a ghlac páirt roimhe seo ach nach ndéanann a thuilleadh.

An tAire Martin

"Daingnítear sa tuarascáil seo torthaí na tuarascála a rinneadh roimhe seo agus forbraíonn sí ar an bhfianaise láidir ar an nasc dearfach idir rannpháirtíocht sa saol cruthaitheach a chur chun cinn agus braistint sláinte agus folláine, i measc daoine níos sine inár bpobal"

Dúirt an tAire Martin:

“Daingnítear sa tuarascáil seo torthaí na tuarascála a rinneadh roimhe seo agus forbraíonn sí ar an bhfianaise láidir ar an nasc dearfach idir rannpháirtíocht sa saol cruthaitheach a chur chun cinn agus braistint sláinte agus folláine, i measc daoine níos sine inár bpobal. Leanfaidh mé ag díriú ar thacú le tionscnaimh a fheabhsaíonn folláine daoine níos sine trí rannpháirtíocht sna healaíona cruthaitheacha.”

Dúirt Príomh-Imscrúdaitheoir an Staidéir, an tOllamh Regius Rose Anne Kenny:

“Tar éis níos mó ná deich mbliana de thaighde cuimsitheach, tá tacar sonraí eisceachtúil agus luachmhar ag an Staidéar a nochtann gnéithe suntasacha de dhul in aois rathúil. Scrúdaítear sa tuarascáil nua seo ón Staidéar, i gcomhar le hÉire Ildánach, na gaolmhaireachtaí idir rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí seo agus gnéithe éagsúla de shláinte fhisiciúil, mheabhrach agus iompraíochta, chomh maith le buntáistí fadtéarmacha rannpháirtíochta den sórt sin a fhiosrú, ag leathnú ar thorthaí obair na Comhairle roimhe seo. Ina theannta sin, déantar iniúchadh ann ar réimse na ngníomhaíochtaí, na spreagthaí agus na mbac ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha.”

Dúirt an tOllamh Kenny, chomh maith:

“Go háirithe, ba le linn phaindéim COVID-19 a bhí an tréimhse bailithe sonraí, tréimhse ina raibh bearta sláinte poiblí a chuir srianta ar thionóil shóisialta, imeachtaí, iompar, agus oibriú ionaid chultúrtha in Éirinn, agus mar sin tá na torthaí seo thar a bheith tábhachtach. Chun rannpháirtíocht níos mó daoine fásta níos sine i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha a chothú, tá sé riachtanach beartais a bhunú a éascaíonn a rannpháirtíocht agus ag an am céanna deireadh a chur le baic inrochtaineachta, beag beann ar mhíchumas. D’fhéadfadh bearta den sórt sin feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine daonra atá ag dul in aois go tapa.”

Tá an tuarascáil – Gníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag Dul in Aois: Torthaí ó Bhabhta 6 den Staidéar Éireannach Fadaimseartha ar Dhul in Aois – ar fáil anseo.

Déanfar torthaí na tuarascála a phlé ar sheimineár gréasáin a d’óstáil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Clár Éire Ildánach ar an 1 Meitheamh 2023 ag 1 i.n. – Ticéid saor in aisce ar fáil ar Eventbrite.

Mhaoinigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an taighde trí Chlár Éire Ildánach. 

Stay up to date

×