Skip to main content
Kildare Covid19 notebook Documentary Film Online Launch


Nuacht

Tionscadal Dhialann Covid Sheirbhís Ealaíon Chill Dara.

Scroll
min read

Tionscadal Dhialann Covid Sheirbhís Ealaíon Chill Dara.

min read

22/11/21

Tionscadal Dhialann Covid Sheirbhís Ealaíon Chill Dara.

Bhí na leabhair nótaí ar fad díreach mar an gcéanna ach sin an áit ar tháinig deireadh leis na cosúlachtaí. Díríodh an tionscadal suntasach seo ar dhaoine níos sine agus orthu sin a bhí ag clutharú i gCill Dara. Sheachaid Seirbhís Ealaíon Chill Dara níos mó ná 140 leabhar nótaí Moleskine chuig tithe ar fud an chontae sa bhliain 2020, ag moladh do rannpháirtithe a gcuid cuimhní cinn, saothar ealaíne agus scéalta le linn na dianghlasála a roinnt, agus é mar rún go mbeadh na dialanna mar chuid de chartlann bhuan i gComhairle Contae Chill Dara faoi dheireadh. Tá na leabhair nótaí curtha ar ais chuig Seirbhís Ealaíon Chill Dara anois lena scanadh go digiteach, agus tá taisce cuimhní ó na tréimhsí dianghlasála le fáil iontu. Is í Lucina Russell an tOifigeach Ealaíon le Comhairle Contae Chill Dara agus deir sí gur suntasach an aoisraon a bhaineann leis an tionscadal seo, “gan ach sé bliana d’aois slánaithe ag an duine is óige agus 91 bliain slánaithe ag an duine is sine”. “Tá siad tosaithe ag teacht isteach anois le seachtain anuas. Luaigh go leor daoine go raibh siad ag súil go mbeadh an dianghlasáil thart um Cháisc. Labhair go leor daoine faoin uaigneas, faoin scoiteacht, faoin éadóchas, ach bhí misneach éigin ann freisin agus tuiscint go dtiocfadh deireadh leis. Tá roinnt mhaith tagairtí do ghníomhaireachtaí tacaíochta agus bhí baint ag cuid de na daoine a bhain leas as na dialanna le Cúram na Sean, An Nás agus le seirbhísí a thacaíonn le fadhbanna meabhairshláinte chomh maith. Tá go leor ráite acu sna leabhair nótaí faoi na seirbhísí, amhail seachadadh béilí. D’fhéadfaí a shamhlú go raibh páirt mhór ag bia sna leabhair nótaí. Bhain go leor daoine taitneamh as an tréimhse, agus go leor tagairtí d’éin agus do ghairdíní. Tá neart tagairtí iontu do mhadraí agus do chait,” a luaigh sí. “Is féidir leis na tionscadail bheaga shimplí seo a bheith mar chuid den mhórphictiúr”. Tá duine de na dialannaithe atá le feiceáil sa scannán faisnéise ar an rannpháirtí is sine sa tionscadal leabhair nótaí freisin. Shocraigh Elizabeth Kenny, atá 91 bliain d’aois, machnamh a dhéanamh ar a saol ina dialann. “Ní raibh a fhios agam ar chor ar bith. Seans go bhfuil rud éigin nach dtuigim tarraingthe agam orm féin. Sílim gurbh ar an lá arna mhárach a tharla sé. Fuair mé an peann agus dúirt, ‘Seo linn, Lizzy. Bí ag scríobh.’ Níl an scríobh iontach agam ach thosaigh mé ag scríobh agus choinnigh mé orm. Agus an bhfuil a fhios agat cén fáth a raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh? Mar go mbeidh mé 92 bliain mí Aibreáin seo chugainn, ar eagla go gcaillfinn an chuid bheag atá fágtha,” a dúirt sí le gáire. Tá ochtar clainne, 21 de gharchlann agus 19 de chlann gharchlainne ag Elizabeth. An chuid ba dheacra den dianghlasáil, dar léi, ná cumha a bheith uirthi i ndiaidh a cairde ón ionad cúram lae sa Nás. “Is breá liom mo shaol agus tá grá agam do mo theaghlach. Cé go mbíonn grá agat do do mhuintir féin, is iontach an rud é cara a bheith agat le labhairt leo, nach iontach? Is féidir rudaí a insint dóibh, tá a fhios agat.” Tá páirt ag cuid de na dialannaithe Covid níos sine sa scannán, a fuair tacaíocht ón gClár Éire Ildánach agus a stiúir David C Lynch, arb as Cill Dara ó dhúchas é. Taispeánadh an scannán den chéad uair ar líne mar chuid d’Oíche Chultúir 2020.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×