Skip to main content
Louise O Keeffe and John Monaghan in costume at Run of the Mill Masterclass project 2019 Image by Vincent Lillis


Nuacht

Tionscadal Máistir-ranganna Run of the Mill

Tionscnamh de chuid Run of the Mill Theatre ab ea an togra maidir le Máistir-ranganna Run of the Mill d'fhonn cuidiú le compántas lucht amharclannaíochta atá faoi mhíchumas intleachta oibriú i gcomhar le dream ealaíontóirí de chuid na hÉireann atá i mbarr a réime ag sraith Máistir-ranganna san amharclannaíocht i dTeach Bhaile an Chaisleáin.

Le cistíocht faoi sparánachtaí 2019 Éire Ildánach i gCill Dara, bhí d’aidhm leis an togra cúnamh taca a thabhairt do dhaoine i gcompántas Run of the Mill Theatre (compántas uilechuimsitheach lonnaithe i gCill Dara) i mbun a gcuid saothair san am atá romhainn; i mbun scileanna nua a fhorbairt maidir le gach gné den ealaín agus i mbun réimsí nua den amharclannaíocht a thaithí nach raibh deis acu tabhairt fúthu roimhe seo.  Féachadh freisin faoin togra seo leis na healaíontóirí gairmiúla cuairte a spreagadh chun tuiscint níos fearr a chothú ar mhodhanna chun a gcuid gnáis oibre a chur in iúl ar bhealach den ilchuimsitheacht agus tuiscint nua ar dheiseanna lena mbaineann áisiúlacht agus uilechuimsitheacht do dhaoine faoi mhíchumas intleachta a chur chun cinn mar gheall ar a gcuid oibre i gcomhar leis an tionscadal seo.

Eagraíodh an tionscadal ar feadh seachtaine i mí Iúil 2019 i dtimpeallacht a mbaineann cuid mhór gnéithe den oidhreacht leis i dTeach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid, Co. Cill Dara. Tairgeadh 6 cinn de Mháistir-ranganna in imeacht 5 lá in éineacht le Cindy Cummings, damhsóir i mbun Rang Gluaiseachta,  Lisa Walsh, Ealaíontóir Míme, Eoin Winning, Dearthóir Fuaime, Sarah Foley, Dearthóir Stáitse agus Cultacha, Shaun Dunne, Drámadóir agus Grace Dyas, Léiritheoir Amharclannaíochta.  Rinne an Stiúrthóir Ealaíne Aisling Byrne comhordú ar an tionscadal le cúnamh ón ealaíontóir amharclannaíochta Ursula McGinn. Spreagadh na háisitheoirí agus na rannpháirtithe chun gnéithe d’oidhreacht agus d’ailtireacht na timpeallachta a úsáid i rith na ceardlainne.  Tugadh deis do na rannpháirtithe dearthóireacht a dhéanamh maidir le soilse i Stáblaí Theach Bhaile an Chaisleáin agus taibhréim míme a chur ar siúl amuigh faoin spéir ar bhalastráid an tí – gan a lua ach cúpla ceann d’imeachtaí spreagúla na seachtaine.

Thug na rannpháirtithe agus na háisitheoirí araon tuairisc ar fhorbairt agus ar fhorás maidir lena gcuid ealaíne i rith na seachtaine.  Cuireadh taithí ar réimsí den amharclannaíocht nach raibh ar intinn roimhe sin ar fáil do na rannpháirtithe (go háirithe, gnéithe den dearthóireacht) agus cuireadh de dhúshlán roimh na háisitheoirí a gcuid gnáis oibre féin a chur in iúl ar bhealach uileghabhálach, ní a dúirt go leor acu a rachadh i bhfeidhm orthu maidir le tograí eile san am atá romhainn.  Ba léiriú an tionscadal ar an tionchar agus dea-thoradh fadtéarmach is féidir a bheith ar dheiseanna a chruthú don chaidreamh cruthaitheachta ar fud an phobail uile.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×