Skip to main content
Two businessman connecting puzzle pieces togheter with copy space


Nuacht

Dhá thionscadal nua arna maoiniú ag Clár Éire Ildánach do Ghradaim Chomhairle Taighde na hÉireann

Scroll
2 min read

Dhá thionscadal nua arna maoiniú ag Clár Éire Ildánach do Ghradaim Chomhairle Taighde na hÉireann

2 min read

13/04/21

Dhá thionscadal nua arna maoiniú ag Clár Éire Ildánach do Ghradaim Chomhairle Taighde na hÉireann

Tá dhá thionscadal nua taighde, arna maoiniú ag Clár na Éire Ildánach, bronnta ag Comhairle Taighde na hÉireann chun taighdeoirí agus eagraíochtaí pobail / eagraíochtaí deonacha a nascadh le chéile.

Tá acadóirí atá ag obair sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, (COBÁC) agus i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach (MIC) páirteach sna tionscadail.

“Creative Capacity in Ireland: Working towards Wellbeing” leis an Dr. Michael Finneran (MIC)

“Glactar leis go hiondúil go bhfuil gníomhaíocht chruthaitheach go maith don fholláine agus go háirithe don mheabhairshláinte. Ach cén fáth? Agus cén toradh a bhíonn cleachtóirí cruthaitheachta ag súil leis de bharr a gcuid oibre? Déanfaidh an tionscadal seo scrúdú ar an taighde idirnáisiúnta chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí chruthaitheacha ar an bhfolláine. Lorgóidh sé an dea-chleachtas sa réimse seo in Éirinn agus déanfaidh sé é a cheiliúradh agustaispeánfaidh sé an fáth go n-éiríonn le tionscadail mhaithe. Tabharfaidh sé léargas freisin ar na rudaí a chuireann bac ar an dea-chleachtas, d’fhonn athruithe ar struchtúir agus ar bheartais a mholadh chun go bhféadfaidh cleachtas níos luachmhaire agus tuilleadh réimsí oibre teacht chun cinn sa réimse seo.”

Inclusion and engagement of Children of Muslim background in creative activities in Ireland: Exploring its relevance, describing hurdles and barriers, identifying national and international best practices and experience in mitigating them” leis an Ollamh Eilis Hennessy agus an Dr Zahra Farahani (UCD) agus Poetry Ireland agus An Chomhairle Síochána agus Athmhuintearais Moslamach mar chomhpháirtithe pobail.

Tá sé mar aidhm ag an taighde seo scrúdú a dhéanamh ar rannpháirtíocht leanaí a bhfuil cúlra Moslamach acu i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha in Éirinn. Léiríonn taighde go gcabhraíonn an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha le folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin. Mar sin féin, tá an baol ann go mbeadh leanaí Moslamacha in Éirinn fágtha amach agus nach mbeadh mórán gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar bun acu toisc gur inimirceach iad den chuid is mó agus go bhfuil siad ar leibhéal socheacnamaíoch níos ísle ná páistí príomhshrutha. Is iad na haidhmeanna atá leis an taighde seo ná na constaicí a stopann leanaí Moslamacha ó a bheith páirteach in imeachtaí cruthaitheacha a aithint, le béim ar na gnéithe cultúrtha, agus creat a sholáthar chun a rannpháirtíocht a fheabhsú, bunaithe ar an dea-chleachtas Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.”

Rachaidh na 76 tionscadal a fógraíodh i dteagmháil le pobail chun breathnú ar na fadhbanna éagsúla, lena n-áirítear deacrachtaí a bhíonn ag cúramóirí, daoine scothaosta, daoine óga, pobail imirceacha, agus an pobal LADT+. Is téamaí suntasacha freisin laistigh de na tionscadail taighde atá á bhfógairt is ea an tionchar a bhí ag paindéim Covid-19 ar fholláine ghrúpaí éagsúla sa tsochaí agus ar sheachadadh seirbhísí. Faigh tuilleadh eolais faoi na tionscadail eile a fuair maoiniú anseo.

 

Stay up to date

×