Skip to main content
Wagon Wheels - Johnny Murphy being interviewed in his wagon


Nuacht

Wagon Wheels

Is gearrscannán faisnéise le Terence White atá in Wagon Wheels. An ealaín a bhaineann le carbháin díon bairille a phéinteáil agus na daoine dúthrachtacha i gContae Loch Garman atá ag coinneáil an traidisiúin ag imeacht is ábhar don scannán.

Seoladh an scannán faisnéise in Ionad Ealaíne Loch Garman Dé Sathairn an 19 Deireadh Fómhair 2019 agus an teach lán go doras.  Bhí ardmholadh ar an scannán ón gcéad taispeáint sin.  Dea-thoradh eile ar an gclár oibre gurbh den lucht siúil níos mó ná leath na ndaoine a bhí i láthair agus go ndúirt cuid mhór acu gurbh é an chéad uair acu é istigh in ionad ealaíne.  Tá ar cheann de na príomhaidhmeanna maidir leis an gclár Éire Ildánach ag Comhairle Chontae Loch Garman go ndéantar ceiliúradh agus cothú ar an gcruthaitheacht i measc dhreamanna éagsúla an phobail agus go dtugtar clár cruthaitheachta chun cinn a dtagann an uile dhuine faoina scáth.

Bhí an-áthas ar an mbeirt is mó a gcuirtear a gcuid oibre i láthair sa scannán tuairisc a bheith á thabhairt ar a gcuid oibre agus braitheann siad gur mór an ní an tuairisc seo ar a gcuid ealaíne a bheith ar fáil go buan.

Dúirt Pippy Firman: “This has been my hobby for years and I never realised the interest there would be in it.  The premiere was brilliant to tell the truth.  Better than expected and I’ve had great feedback since

Dúirt Jonny Murphy: “It was very nice to be involved.  It was important to the family and it was great to have it recorded for my children and grandchildren.”

Is sampla sármhaith an scannán faisnéise seo den cheiliúradh atá á dhéanamh faoi Éire Ildánach ar chultúr agus ar oidhreacht Loch Garman.  Is léiriú é ar an dícheall atá á dhéanamh an traidisiún a bhaineann le carbháin díon bairille a phéinteáil a choinneáil ar siúl.  Léirítear freisin gur gné thábhachtach an cheird sin, ní amháin d’oidhreacht an lucht siúil, ach d’oidhreacht an chontae.  Trí aird a dhíriú ar na nósanna traidisiúnta seo agus tríd an gceird agus an scil a ghabhann leo a thabhairt ar aghaidh do dhaoine eile, féachtar leis na glúnta atá romhainn a chothú le hábhar an togra seo freisin.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×