Skip to main content


Nuacht

Rinne painéil Óige Ildánach iniúchadh a thug léargas luachmhar ar riachtanais na ndaoine óga

Scroll
3 min read

Rinne painéil Óige Ildánach iniúchadh a thug léargas luachmhar ar riachtanais na ndaoine óga

3 min read

16/04/21

Rinne painéil Óige Ildánach iniúchadh a thug léargas luachmhar ar riachtanais na ndaoine óga

Ghlac os cionn 300 duine páirt i dhá dhíospóireacht phainéil ar líne a d’eagraigh Éire Ildánach ar 13 agus 15 Aibreán agus iniúchadh á dhéanamh ar thionscadail chruthaitheacha a raibh Éireannaigh óga páirteach iontu sa chóras oideachais agus lasmuigh di.

Bhí ionchur sa dhíospóireacht painéil seo ag daoine éagsúla a raibh baint acu le tionscnaimh de chuid Óige Ildánach  – amhail Clár na Scoileanna Ildánacha agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach  – agus thug sé léargas a bhí fíorluachmhar ar rolladh amach an Phlean le haghaidh Óige Ildánach go dtí seo.

Má chaill tú na díospóireachtaí painéil seo is féidir leat féachaint siar orthu anseo:

Creative Youth in the Education System

Open Video

Creative Youth in the Community

Open Video

Cuirfidh na torthaí ó na díospóireachtaí painéil le comhdháil ardleibhéil de chuid Óige Ildánach Creativity- a connection to our future now, a bheidh ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 13 Bealtaine 2021.

Is é an Taoiseach a chuirfidh tús leis an ócáid seo, agus beidh ionchur ann freisin ag  an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin, Catherine Martin, an tAire Oideachais, Norma Foley agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumas, Comhtháthú agus Óige, Roderic O’ Gorman.

Beidh dhá painéal plé mar chuid den phríomhchomhdháil freisin agus páirteach anseo beidh aíonna Náisiúnta agus Idirnáisiúnta, ina measc Andreas Schleicher (ECFE), Michelle Cullen (Accenture), Arlene Forster (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta), Dr Anne Looney (OCBÁC), Bo Stjerne Thomsen (LEGO Foundation), an t-údar Roddy Doyle, Helene Hugel (Helium Arts) agus an tOllamh Linda Doyle (Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath).

Is féidir clárú anois don ócáid oscailte ag:

Creativity – the connection to our future, now – Déardaoin 13 Bealtaine

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×