Skip to main content
Alex Creative Communities


Nuacht

“Cad is cóir dúinn a chruthú de réir ár samhlaíochta”

Thug leanaí scoile i gCathair Chorcaí a gcuid teorainneacha cruthaitheacha céim eile ar aghaidh a bhuí don chúnamh a fuair siad ó ealaíontóirí áitiúla.

Nuair a tugadh sracfhéachaint ar chúl stáitse do leanaí scoile ar ghairmeacha nach raibh cuma chruthaitheach orthu ar an gcéad iarraidh amach, fuair leanaí as Bunscoil St Maries of the Isle agus Scoileanna Náisiúnta Buachaillí agus Cailíní Sunday’s Well i gCorcaigh deis na gairmeacha a iniúchadh iad féin faoi threoir beirt ealaíontóirí thréitheacha.

Mar chuid de Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Cathrach Chorcaí a bheidh i bhfeidhm ar feadh cúig bliana, chuidigh na healaíontóirí Susie Walsh agus Leah Murphy leis na daltaí scrúdú géar a dhéanamh ar an gcruthaitheacht a bhaineann le gairmeacha cosúil leis an tseandálaíocht agus an ailtireacht. Mar thoradh air sin cruthaíodh píosa speisialta dar teideal ‘Tools of the Trade’, taispeántas den saothar a chruthaigh na leanaí agus a bhí ar taispeáint ag Músaem Poiblí Chorcaí.

 

Tools of the Trade

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×