Skip to main content
Zoom at Hugh Lane Gallery, Dublin City


Nuacht

Zoom@HughLane

Togra ar fud chathair Bhaile Átha Cliath ar fad atá i gceist le Zoom@HughLane lena gcuirtear bonn faoi acmhainn cruthaitheachta na leanaí trí shaothar ealaíne a fheiceáil agus a chruthú i nDánlann Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath. Déanann na leanaí saothar ealaíne atá ar taispeáint sa Dánlann a bhreathnú agus a phlé agus cruthaíonn siad saothar ealaíne dá gcuid féin, a eascraíonn óna mbíonn feicthe agus pléite acu, ag ceardlann faoi stiúir ealaíontóra.

Tá de théama forghinearálta leis an gclár seo go gcuirtear an bailiúchán agus na taispeántais shealadacha i nDánlann Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath, ar a súile do na leanaí, go dtéitear go domhain sa phlé ar shaothrú na n-amharc-ealaíon agus go ndéantar scrúdú níos géire ar shaothar trí phlé a dhéanamh air, ionas go bhfaightear tuiscint mhaith ar shaothair áirithe sa Dánlann agus go mbaintear spreagadh astu.  Mar gheall ar a fheabhas a d’éirigh leis an gcéad bhliain den chlár beartaíochta seo, a raibh leas ag 800 dalta as 26 bunscoil ar fud chathair Bhaile Átha Cliath as, tá síneadh curtha le Zoom ionas go dtabharfar 26 bunscoil eile faoina scáth i rith na bliana 2019-2020.

Tosaítear ar an gclár le réamhchuairt ar na scoileanna rannpháirteacha mar a dtugtar buneolas do na leanaí faoin togra agus faoi shaothair ealaíne de chuid na Dánlainne.  Le linn na gcuairteanna ina dhiaidh sin ar Dhánlann Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath, cuirtear saothar amharc-ealaíon os comhair na leanaí agus na múinteoirí agus spreagtar iad chun scrúdú níos géire a dhéanamh, an saothar a bhreathnú agus gnéithe a thabhairt faoi deara a mbeadh neamhaird acu orthu ar dtús.  Trí leas a bhaint as an modh ‘zúmála’ seo, bítear ag súil go ndéanfaidh na leanaí saothar a bhreathnú go ginearálta agus ansin go mionchúiseach, a gcuid scileanna tabhairt faoi deara a fheabhsú agus na cúiseanna atá acu le gnéithe faoi leith a roghnú a chur in iúl.

Tar éis phlé an ranga agus an obair sceitseála sa Dánlann, déantar cíoradh breise ar na téamaí a eascraíonn ón mbreathnú ‘zúmála’ le ceardlann faoi stiúir ealaíontóra i spás stiúideo oideachais faoi leith i nDánlann Hugh Lane agus cruthaíonn na leanaí saothar ealaíne dá gcuid féin, le meáin éagsúla, bunaithe ar an scrúdú ealaíne atá déanta acu.

Baintear leas as deis anamúlachta scáileáin uaine freisin chun tuairisc a choinneáil ar na smaointe a ritheann leis na leanaí mar gheall ar an gcuairt seo agus tá físeán á léiriú faoi láthair maidir le saothar ealaíne na leanaí féin.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×