Skip to main content
28.07.21. Limerick and Clare Education Training Board, Local Creative Youth Partnership, Markets Field, Limerick. Picture: Alan Place

Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Luimnigh agus an Chláir a
Bhunú

Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Luimnigh agus an Chláir a Bhunú

Gnéithe barrthábhachtacha maidir leis an gcur chuige a cuireadh i bhfeidhm chun ceann de na chéad Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Chruthaitheach a bhunú sa tír i Luimneach agus sa Chlár ab ea guth na hóige, cothromas agus infheictheacht. Tá na croíluachanna seo leagtha amach i Plean Straitéiseach do Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach 2020-2022 ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir.

Ba é fíorthús na Comhpháirtíochta i Luimneach agus sa Chlár tabhairt faoi chomhairliúchán mion le daoine óga, a ndearna modheolaíocht Hub na nÓg eolas dó chun guth na hóige a chur san áireamh ag gach leibhéal de ghníomhaíocht an chláir. I ndiaidh bualadh le níos mó ná 400 duine óg i gclubanna óige, ionaid phobail, ionaid soláthar díreach, seirbhísí míchumais agus roinnt timpeallachtaí iarscoile, thosaigh an Chomhpháirtíocht i mbun freagairt a thabhairt ar ghuth an duine óig maidir lena cláir a leagan amach agus a chur ar fáil. Tháinig go leor smaointe nuálacha chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin maidir leis an mbrí atá le cruthaitheacht do dhaoine óga. Cé go raibh damhsa, scannánaíocht, grianghrafadóireacht, péintéireacht ola, scríbhneoireacht scripte, turais chuig pictiúrlanna, lámhcheardaíocht agus hip hap ar chuid de na gníomhaíochtaí cruthaitheacha ba mhó a raibh tóir orthu, téamaí a chonacthas arís is arís eile ab ea an comhshaol, aire a thabhairt d’ainmhithe, báid a thógáil agus am saor a bheith ann díreach le bheith i gcomhluadar cairde.

 

Is in 2019 a cuireadh tús le cláir chruthaitheacha inar tugadh freagairt ar ghuth daoine óga i Luimneach agus sa Chlár. Bhí clár múrmhaisithe sa Scairbh, aonach ealaíne ilghnéitheach in Dance Limerick agus tionscadal grianghrafadóireachta i Ráth Caola ar roinnt de na chéad tionscadail ó smaointe daoine óga a fíoraíodh trí chomhairliúchán. Bhí gach comhairliúchán ina chloch chora maidir le comhpháirtíochtaí láidre a fhorbairt i gcodanna éagsúla de réigiún Luimnigh agus an Chláir. I measc na bpríomhchomhpháirtithe ó cuireadh tús leis, áirítear Seirbhís Óige an Chláir, Seirbhís óige Luimnigh, Foróige agus an lear mór clubanna neamhspleácha atá le fáil i dtimpeallachtaí pobail. Oibríonn an Chomhpháirtíocht i ndlúthchomhar le baill foirne Obair don Aos Óg in ETB. Ón túsphointe seo, bhí LCYP in ann teacht a bheith aici ar chlubanna agus tionscadail óige inar féidir guth an duine óig a bhfuil sé deacair teacht a bheith air agus nach gcloistear go minic a aimsiú. I gcás pobail nach ann do chomhlacht óige tiomnaithe, oibríonn LCYP le hionaid acmhainní teaghlaigh, comhairlí pobail, cláir críochnaithe scolaíochta, grúpaí gasógaíochta agus seirbhísí míchumais óige. Chomh maith leis sin, tá an fhoireann Obair don Aos Óg ríthábhachtach maidir le bealaí isteach ar eagraíochtaí pobail dá leithéid a oscailt.

 

Chomh maith leis sin, tá ról ríthábhachtach ag an earnáil ealaíon agus chultúir maidir le clár LCYP Luimnigh agus an Chláir a chur ar fáil. Chuaigh Fresh Film, Dance Limerick, Iarsmalann Hunt, Dánlann Ealaíne Chathair Luimnigh, Glór in Inis agus na trí amharclann óige bunaithe i gcomhpháirtíocht nó chuir siad comhairle ar fáil maidir le cláir ina raibh ról barrthábhachtach ag Oifig Ealaíon Luimnigh agus Oifig Ealaíon an Chláir – go háirithe i gcás Cruinniú na nÓg agus Oíche Chultúir. Cothaíodh comhpháirtíochtaí láidre freisin le Coiste Cúram Leanaí Luimnigh agus le Coiste Cúram Leanaí Chontae an Chláir, a bhfuil cláir ar siúl in éineacht leo i láthair na huaire i ndáil le damhsa agus scéalaíocht faoi seach.

Thug an Chomhpháirtíocht faoi dhá fhéile ealaíon don aos óg; Scairt na hÓige in 2020 agus Call and Response in 2021. Mar aon le hobair chruthaitheach daoine óga a chur ós comhair an phobail, cuidíonn na féilte seo le dul isteach i gceantair imeallacha sa dá chontae, ina tarraingítear cláir oibre ar scálaí éagsúla le chéile, d’fhonn ionchuimsiú agus naisc a fhorbairt. Oibríonn na ghnéithe iomadúla a bhaineann le féile a bhainistiú tuilleadh chun comhpháirtithe a fhorbairt ó na healaíona, gnó, forbairt shóisialta, agus ón aos óg. Ta comhlachtaí forbartha áitiúla ar nós Comhpháirtíocht PAUL agus Acmhainní Iarthar Luimnigh ina gcomhpháirtithe maidir le cláir a chur ar fáil agus tugann siad bealaí isteach nua do phobail.

De réir mar a thugann LCYP i Luimneach agus sa Chlár faoina thríú bliain i mbun gníomhaíochta, déanann sé amhlaidh ar bhunchloch láidir atá tógtha ar chomhpháirtíocht agus guth na hóige, laistigh de chur chuige atá bunaithe ar chearta, d’fhonn cruthaitheacht agus rannpháirtíocht sna healaíona a chur ar fáil do dhaoine óga a bhféadfadh bacainní bheith rompu maidir le cultúr a sholáthar.

Stay up to date

×