Skip to main content

Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach
Chiarraí

Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí

Trí Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí (LCYP Chiarraí), forbraítear bealaí i gcomhair cruthaitheacht leanaí agus óige feabhsaithe i gCiarraí. Baintear é sin amach trí thacú le sraith líonraí agus comhoibrithe áitiúla trí chomhairliúchán óige, tacaíocht forbartha, oiliúint agus maoiniú.

Tacaíonn coiste stiúrtha le hobair an LCYP atá ina líonra le haghaidh comhoibriú é féin, ina gcuirtear deiseanna ar fáil do leanaí agus daoine óga ag leibhéal an chontae. Trí comhoibriú a dhéanamh, cinntítear dul chun cinn agus rannpháirtíocht níos fearr idir seirbhísí poiblí, grúpaí pobail, eagraíochtaí cruthaitheacha agus cultúir agus cleachtóirí cruthaitheacha.

Tá bonneagar láidir á fhorbairt i gCiarraí ina gcothófar timpeallacht ina gcinnteofar go léireoidh an daonra óg a gceart a bheith cruthaitheach agus iad ag fás aníos i gCiarraí. Déanann Coiste Oibre Ógra Chiarraí maoirseacht ar fheidhm rialachais agus comhlíonta an LCYP agus táimid lonnaithe laistigh de Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus faighimid tacaíocht uaidh.

Tá na ceardlanna, gníomhaíochtaí, cláir agus imeachtaí ar fad a eagraímid pleanáilte, leagtha amach agus stiúrtha ag daoine óga. Tá rannpháirtíocht na hóige trí chomhairliúchán le guth na hóige ina phrionsabal treorach ag LCYP Chiarraí, mar aon le tús áite a thabhairt do dhaoine óga atá níos leochailí nó imeallaithe ar bhonn sóisialta, geilleagrach nó geografach. Cuirtear maoiniú ar fáil do thionscadail trí Scéim Deontais Chruthaitheach don Aos Óg nó trí Scéim Deontais Amharclainne Óige. Fógraítear na scéimeanna deontais gach bliain.

Féach an nasc físe chuig an gClár Ealaíona Cócaireachta ar YouTube:

In 2021, tá ceithre thionscadal is fiche á seachadadh. Déanann Comhordaitheoir Cruthaitheach Óige maoirseacht ar chlár na bliana i gcomhar le heagraíochtaí pobalbhunaithe nó tríú páirtithe. Cinntíonn sé sin go dtugtar faoi thionscadail i dtimpeallachtaí éagsúla agus ilchineálacha do leanaí agus daoine óga. Tá sé tábhachtach do LCYP Chiarraí go dtacófar le roghanna chun páirt a ghlacadh i dtorthaí cruthaitheacha ina gcothaítear cruthaitheacht mar staid intinne, agus go mbeidh eispéiris chruthaitheacha agus scileanna cruthaitheacha faoi bhláth sa chontae.

Seasann cleachtóirí cruthaitheacha agus ealaíontóirí le heagraíochtaí áitiúla i dtimpeallachtaí pobail lena chinntiú go dtarlaíonn sé sin. Oibríonn LCYP go tréan chun caidrimh a fhorbairt ar fud timpeallachtaí lena n-áirítear Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, Soláthar Díreach, Óige an Lucht Siúil, timpeallachtaí Cumais Mheasctha, óige spriocdhírithe, Ógtheagmháil, Luathbhlianta agus Críochnú Scolaíochta. In 2021, tá tacaíochtaí amharclainne óige agus cruthaitheachta digití i gcomhar le hAmharclann Óige na hÉireann agus Camara Éireann, á ndíriú ar láithreacha barrthábhachtacha sa chontae. Faoi deireadh na bliana 2021, meastar go nglacfaidh 4,609 duine óg páirt i dtionscadal atá tacaithe ag LCYP ó cuireadh tús le LCYP Chiarraí in 2019.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: T Donoghue

 

Chuidigh LCYP le guth cruthaitheach a thabhairt do leanaí agus a chur in iúl dóibh go bhfuil a nguth tábhachtach” – David Fortune, Ealaíontóir agus Stiúrthóir ag Me+The Moon, Iúil 2021

 

“Tá ár gcomhpháirtíocht le LCYP ina chaidreamh fíorthábhachtach agus fiúntach anois agus tá gné nua ag baint leis an obair a dhéantar in Amharclann agus Ionad Ealaíon Naomh Eoin” – Máire Logue, Stiúrthóir Ealaíne, Iúil 2021

 

“Oibrímid leis na daoine is leochailí, agus ba dheas an t-athrú é eintiteas ar nós LCYP a bheith ann chun tacú leis an obair chruthaitheach a dhéanaimid nuair a bhí géarghá leis. Tá an treoir agus na hacmhainní sárluachmhar” – Máire Uí Léime, Comhordaitheoir, Ionad Acmhainní Teaghlaigh Neidín, Iúil 2021

 

Fuair mé an deis a bheith cruthaitheach agus oibriú in éineacht le chef proifisiúnta agus grianghrafadóir. D’oibríomar le chéile chun oidis iontacha a chruthú a raibh blas breá orthu freisin. Tríd an tionscadal cócaireachta a rinneamar, cuidíodh liom bheith níos neamhspleáiche. Bhain mé an-sult as páirt a ghlacadh sa tionscadal. Agus is breá le mo mhuintir é anois nuair a dhéanaim cócaireacht dóibh” – Stephen Buckley, Rannpháirtí, a thug ugach do Thrá Lí mar gheall ar a rannpháirtíocht i gclár ealaíona cócaireachta in 2020

 

Stay up to date

×