Skip to main content

Óige
Ildánach

Óige Ildánach – Plean maidir le Scód a ligean le Cumas na Cruthaitheachta i ngach Leanbh agus i ngach Duine Óg

Scroll
5 min read

Óige Ildánach – Plean maidir le Scód a ligean le Cumas na Cruthaitheachta i ngach Leanbh agus i ngach Duine Óg

5 min read

20/12/19

Óige Ildánach – Plean maidir le Scód a ligean le Cumas na Cruthaitheachta i ngach Leanbh agus i ngach Duine Óg

Tá de chuspóir leis an bPlean Óige Ildánach “a chinntiú go bhfuil rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn, faoin mbliain 2022, ar theagasc agus ar rannpháirtíocht sa cheol, sa drámaíocht, san ealaín agus sa chódúchán” agus leagtar amach sa phlean na modhanna ina dtabharfar i gcrích aidhmeanna an Chláir uile maidir le leanaí agus daoine óga.

Tá d’aidhm leis an bplean Óige Ildánach go gcuirfí leis na deiseanna rannpháirtíochta agus go n-imreofaí tionchar ar an mbeartas poiblí maidir le cúrsaí cruthaitheachta san oideachas foirmeálta agus i dtimpeallachtaí taobh amuigh den scoil.  Is  mian linn réim a chruthú ina mbíonn cothromaíocht idir eolas agus cruthaitheacht maidir le forbairt an duine óig ionas go dtugtar deis dóibh a theacht chun cinn ina saoránaigh lán le brí agus samhlaíocht.

Tá an Plean Óige Ildánach bunaithe ar phrionsabail éagsúla a leagtar tábhacht mhór orthu:

  • Aird – tá buntábhacht le Tuairim an Linbh agus an Duine Óig, tabharfar cluais dóibh agus beidh aird orthu de réir mar a bhíonn cláir oibre á leagan amach agus á gcur i bhfeidhm.
  • An Comhar – oibrítear in éineacht leis na geallsealbhóirí eile chun cur leis an toradh a bhíonn ar dhícheall an uile pháirtí ionas go dtugtar an toradh is fearr is féidir do leanaí agus do dhaoine óga na tíre i gcrích.
  • Nuáil – is den tábhacht go ndéanfaí de réir na ngeallúintí ginearálta a thugtar sa Phlean, ach ní mór chomh maith a bheith sásta foghlaim agus dul in oiriúint, sásta glacadh le hathrú agus le smaointe nua, sásta tabhairt faoi bhearta nua, dul sa seans agus leathnú amach.
  • Uilechuimsitheacht – cinnteofar go dtéitear i gcion ar oiread leanaí agus daoine óg agus is féidir, go háirithe orthu siúd atá i gceantar faoi mhíbhuntáiste agus orthu sin ar annamh aird orthu.

 

Above: Date: 23rd June 2018 John Brady, Creagh at Noel Arrigan Visual Art in Ballinasloe Library for Co. Galway Cruinniú na n Óg Photo by Xposure

Ó foilsíodh an Plean, tá cúnamh taca tugtha do réimse leathan tograí spleodracha tionscantacha – chomh maith le brostú breise a chur le tionscnaimh a bhfuil d’aidhm leo cuidiú le leanaí agus le daoine óga a gcuid cruthaitheachta a fhorbairt.  Mar shampla:

  • Amhránaíocht – Oibríodh i gcomhar le Sing Ireland chun rannpháirtíocht dhaoine óga in amhránaíocht agus i gceol an chóir a spreagadh agus a chothú.
  • Cloigíní Cruthaitheachta – ceann de na tionscnaimh príomhthábhachta “ar scoil” a bhfuil d’aidhm leis an dóigh a léiriú ar féidir an ealaín agus an chruthaitheacht a úsáid chun cuidiú le scoileanna oibriú i gcomhar chun dul i ngleic le deacrachtaí coitianta foghlama.
  • Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí (NAPD) – tugtar cúnamh maidir leis an gclár Rannpháirtíocht sa Chruthaitheacht trína spreagtar daltaí i scoileanna dara leibhéal chun dul i ngleic le cúrsaí ealaíne.
  • Bearta taca do mhúinteoirí – Tá tábhacht chinniúnach le Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD) do mhúinteoirí, agus d’ealaíontóirí a oibríonn i gcomhar le múinteoirí, maidir le dea-thoradh fadtéarmach agus inmharthana an Phlean Óige Ildánach.
  • Smaointeoireacht Iltreoch a Fhorbairt i Seomraí Ranga na Sraithe Sóisearaí – Rinne Comhairle Dearthóireachta agus Ceardaíochta na hÉireann, le cúnamh taca ó Éire Ildánach, DesignSKILLS a fhorbairt i gcomhar le seirbhís tacaíochta na scoileanna do mhúinteoirí na Sraithe Sóisearaí.  Faoin gclár seo, tugtar chun cinn an acmhainn agus an inniúlacht dearthóireachta i ndaltaí na sraithe sóisearaí i seomraí ranga iarbhunscolaíochta.  Cothaítear ceangal idir an lucht dearthóireachta agus déantúsaíochta gairmiúil agus na múinteoirí ionas go leagtar amach miontionscadal sé huaire a chloig a thugann deis do na daltaí an próiseas dearthóireachta a thaithí.  Bíonn béim ar ‘chéimeanna tosaigh’ an phróisis agus ar ghnéithe áirithe, mar shampla ceapadóireacht, réiteach fadhbanna, smaointeoireacht iltreoch, dul i bhfiontar agus tástáil.
  • Blianta Luathóige – Tá Togra Sparánachta maidir le Foghlaim agus Cúram Leanaí Luathóige á fhorbairt i ndáil le hionaid luathóige agus córas CPD do dhaoine a oibríonn le leanaí luathóige á fhorbairt maidir le hoideachas ealaíne leanaí óga.
  • An Chairt maidir leis an Ealaín san Oideachas – seoladh an chairt sa bhliain 2013 agus bíonn ról cinniúnach leis maidir le dhá réimse, Oideachas san Ealaín agus an Ealaín san Oideachas, a chur chun cinn. Tá Éire Ildánach tugtha do thabhairt i bhfeidhm na Cairte a chothú agus a bhrostú  agus don Tairseach Ealaín san Oideachas  Arts in Education Portal.

Tá mionsonraí breise ar fáil faoi thograí agus faoi thionscnaimh eile de réir mar a luaitear sa liosta ar dheis anseo

Stay up to date

×