Skip to main content

Roghanna Áisiúlachta

Accessibility options

Text size:

Greyscale:

High contrast:

Ráiteas maidir le Cúrsaí Áisiúlachta agus Éire Ildánach

Éire Ildánach a ritheann an láithreán gréasáin seo.  Is mian linn go mbeadh an láithreán gréasáin áisiúil le húsáid ag oiread daoine agus is féidir. Ciallaíonn sin, mar shampla, gur cheart go bhféadfá:

  • dathanna, codarsnacht agus airde litreacha a athrú
  • súmáil isteach suas le 300% gan an téacs a chur den scáileán  
  • nascleanúint a dhéanamh ar fud mhórchuid an láithreáin leis an méarchlár amháin
  • nascleanúint a dhéanamh ar fud mhórchuid an láithreáin le bogearra aitheanta cainte
  • éisteacht le mórchuid an láithreáin le léitheoir scáileáin (na leaganacha is nua san áireamh de  JAWS, NVDA agus VoiceOver)

Tá téacs an láithreáin freisin chomh sothuigthe agus is féidir. Tá lón comhairle ar fáil ar AbilityNet faoi bhealaí inar féidir gléasanna a shocrú ionas gur fusa iad a úsáid ag duine atá faoi mhíchumas.

Gnéithe áisiúlachta agus an láithreán gréasáin

Is eol dúinn nach bhfuil áisiúlacht iomlán ag baint le gach cuid den láithreán gréasáin seo:

  • ní oibríonn bogearra léitheoireacht scáileáin i ndáil leis na cáipéisí PDF is sine
  • níl ceannteidil ag gabháil le hábhar físeáin isteach ó láithreáin gréasáin eile
  • d'fhéadfadh nach furasta roinnt de na foirmeacha ar líne a líonadh leis an méarchlár amháin

An ní is ceart a dhéanamh sa chás nach mbíonn réimse den láithreán gréasáin áisiúil agat  

Sa chás go mbíonn gá agat le heolas ar an láithreán gréasáin seo i malairt formáide, mar shampla PDF áisiúil, cló mór, formáid sholéite, taifeadadh fuaime nó cló bhraille:

  • Guthán: 01 675 5913
  • rphost: creativeireland@chq.gov.ie
  • Seoladh Poist & Seoladh Sráide: Áras an tSeoighigh, 8 – 11 Sráid Lombard, Baile Átha Cliath 2

Fadhbanna áisiúlachta leis an láithreán gréasáin a chur in iúl

Bítear i gcónaí ag féachaint le feabhas a chur ar an láithreán gréasáin ó thaobh cúrsaí áisiúlachta.  Má thagann tú trasna ar dheacracht ar bith nach bhfuil luaite ar an leathanach seo nó más dóigh leat nach bhfuil coinníollacha áisiúlachta á sásamh againn, cuir scéal chuig creativeireland@chq.gov.ie nó 01 675 5913.

Eolas teicniúil maidir le cúrsaí áisiúlachta agus an láithreán gréasáin seo

Tá Éire Ildánach tugtha don láithreán gréasáin seo a bheith áisiúil ag an uile dhuine i gcomhréir le Rialacháin Inrochtaineachta na gComhlachtaí Earnála Poiblí (Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha) (Uimh. 2) 2018.  Ní comhlíonadh iomlán atá á dhéanamh ar na Treoirlínte maidir le hÁisiúlacht Ábhar Gréasáin, Leagan 2.1, Caighdeán AA, agus sin mar gheall ar na cásanna neamh-chomhlíonta a luaitear thíos.

Ábhar neamháisiúil

Tá an t-ábhar a luaitear thíos neamháisiúil ar na cúiseanna seo a leanas.

Nithe nach bhfuil ag teacht leis na rialacháin áisiúlachta

Maidir le gnéithe den chineál type=password a ionchur, ní féidir an líonadh uathoibríoch a shocrú maidir leis an bpasfhocal nua nó an pasfhocal reatha d'fhonn cuspóir an ionchuir a shainsonrú. Níl sin ag teacht le WCAG 2.1 AA 1.4.3. Is gné seo a eascraíonn ón ardán CMS atá in úsáid agus ní féidir a leasú faoi láthair.Tá lipéad glan ar fhoirm ar an leathanach bunchuairte maidir le Imeachtaí. Níl sin ag teacht le WCAG 2.1 A F68. Is gné seo a eascraíonn ón ardán CMS atá in úsáid agus ní féidir a leasú faoi láthair.Níl téacs nó img le tréithe alt le gach gné a . Níl sin ag teacht le WCAG 2.1 A F89. Táthar ag oibriú tríd an ábhar ineagarthóireachta ar fad d'fhonn a chinntiú go mbíonn ancaire le téacs agus/nó íomhá lena ngabhann tréithe alt leis an ábhar WYSIWYG ar fad.Tá leathanaigh áirithe a bhfuil lipéid ceannteidil leo atá folamh.  Níl sin ag teacht le WCAG 2.1 AA G130. Táthar ag oibriú tríd an ábhar ineagarthóireachta ar fad d'fhonn a chinntiú go mbíonn teidil le hábhar téacs agus/nó íomhá lena ngabhann tréithe alt leis an ábhar WYSIWYG ar fad.

Ábhar nach dtagann faoi scáth na rialachán áisiúlachta

Cáipéisí PDF agus cáipéisí eile - Tá roinnt de na seancháipéisí PDF agus de na seancháipéisí Word nach dtagann leis na caighdeáin áisiúlachta - mar shampla, ní móide go bhfuil siad leagtha amach sa chaoi is go n-oibríonn léitheoir scáileáin leo.  Ní bheadh sin ag teacht le WCAG 2.1 critéar comhlíontais 4.1.2 (ainm, ról-luach). Ní gá faoi na rialacháin áisiúlachta cáipéisí PDF ná cáipéisí eile a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 a dheisiú mura bhfuil bunriachtanas leo maidir le seirbhísí an chomhlachta a chur ar fáil. Beidh gach cáipéis nua PDF nó Word a fhoilsítear ag teacht leis na caighdeáin áisiúlachta.Ábhar físeáin isteach ó láithreáin gréasáin eile - Tharlódh nach mbeadh ceannteidil ar fáil le roinnt den ábhar físeáin isteach. Ní shásódh sin WCAG 2.1 critéar comhlíontais 1.2.2 (ceannteidil - réamhthaifeadadh). Níl beartaithe againn ceannteidil a chur le haon ábhar físeáin de chuid an tríú páirtí.

Modh tástála an láithreáin gréasáin

Ar an 14 Eanáir 2020 a tugadh an tástáil is deireanaí ar an láithreán gréasáin seo.Baineadh leas as SortSite, Wave Checker, A Checker, agus rinneadh tástáil i gcomórtas le treoirlínte WCAG 2.1.

Tástáladh:

príomhardán an láithreán gréasáin, mar atá ar fáil ar https://www.creativeireland.gov.ie/

An Modh Meastóireachta

Chuir Éire Ildánach chuig cúrsaí áisiúlachta a mheas ar an modh seo a leanas: Féinmheastóireacht go hinmheánach

Ar an 14 Eanáir 2020 a rinneadh an ráiteas seo a leagan amach. Ar an 14 Eanáir 2020 a tugadh an leasú is deireanaí air.

Stay up to date

×