Cuireadh spriocanna ardaidhme os comhair Éire Ildánach i mBaile Átha Cliath Theas i ndáil le cuidiú le healaíontóirí den aos dána agus le daoine cumasacha nua atá ag teacht chun cinn agus i ndáil leis an gcaidreamh a chothaítear, tráth a bhfuil síorathrú faoin timpeallacht, le saoránaigh Bhaile Átha Cliath Theas. Tá féiniúlacht chasta ilghnéitheach ag baint leis an gContae. Is ábhar spreagtha an meascán idir ceantair foirgníochta agus ceantair tuaithe ann. Tá áit faoi leith i gceist leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach sna gnéithe cultúir atá fite fuaite ina chéile i gContae Bhaile Átha Cliath Theas. Tá Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin agus an tIonad Gaeilge agus Cultúrtha i dTamhlacht cóngarach do phríomhchathair na tíre agus faoi scáth na sléibhte, tá beocht i dteanga na Gaeilge agus sa chultúr Gaelach i gContae Bhaile Átha Cliath Theas.
Tá suntas áirithe lena bhfuil le cur in iúl trí chruthaitheacht na ndaoine óga sa Chontae agus rinneadh cothú air sin ó thús an chláir. Dúirt Freshly Ground Theatre gur chuir deontas ar a gcumas lón eolais agus taithí breise a thabhairt i bhfeidhm i measc an chompántais arbh dheacair a dhéanamh murach an deontas agus go raibh a lorg ar a gcuid saothair. Tá an compántas den tuairim go bhfuil tábhacht ollmhór le hamharclannaíocht atá bunaithe sa phobal maidir le forbairt na hóige sa cheantar agus is mór an ní fairsinge a fheiceáil ag teacht ar scóip na hoibre.
Tá obair ilghnéitheach i gcomhar ar fud réimse ealaíne, ar fud eagraíochta, agus idir eagraíochtaí agus ealaíontóirí ina mhúnla córais atá lárnach maidir leis an Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta. Cuirtear, leis an gcur chuige sin, bonn treise faoin ealaíontóir, spreagtar ardaidhmiúlacht agus cuirtear leis an ábhar cultúir atá le taithí ag an duine agus ag an bpobal. Is deiseanna cruthaitheachta atá le tapú ag daoine an oidhreacht, an timpeallacht foirgníochta agus an timpeallacht dúlra agus na háiteanna ar fud an Chontae ina mbíonn ábhar cultúir. Tá ardán ar fáil leis an gclár don saothar cruthaitheachta a dhéanann daoine, nach móide é a cheapadh leis an bpríomhshruth go hiondúil, e.g. Taispeántas Phríosúnaigh na hÉireann agus pobal na nEalaíon Measctha Comhraic i dTamhlacht.