Skip to main content
Limerick City

Luimneach

Tráth a bhfuil athrú tréan faoin saol inár dtimpeall, is féidir an ceangal leis an áit agus lena chéile a choinneáil tríd an oidhreacht agus trí chultúr na linne seo ionas gur féidir linn iniúchadh a dhéanamh ar an dream dár díobh sinn agus an modh ina mairimid in éineacht. Cuireann an chruthaitheacht ar ár gcumas dul i ngleic leis an athrú agus le réimsí dúshláin a thagann dá bharr. Cuidítear linn rudaí a fheiceáil i bhfianaise a chéile, seifteanna réitigh a aimsiú, dul ar aghaidh agus ceiliúradh a dhéanamh.

#weareculture - Ráiteas tréan a bhí sa haischlib seo maidir leis an ról atá leis an gcultúr agus leis an gcruthaitheacht i Luimneach agus comhartha go ndéanann an uile dhuine againn an cultúr a chruthú agus go mbaineann sé le cách. Mar gheall ar a bheith ina Príomhchathair Náisiúnta Cultúir sa bhliain 2014 agus iarratas a dhéanamh maidir le Príomhchathair Eorpach an Chultúir don bhliain 2020, bhí aird ar shaol ardaidhme an chultúir i Luimneach agus tarraingíodh isteach cuid mhór nár thaithigh beartaíocht cruthaitheachta go dtí sin. Spreagadh lucht an chultúir, bíogadh saoránaigh agus rinneadh cion tairbhe maidir leis an gcultúr a chur i gceartlár an bheartais phoiblí agus na pleanála maidir lena mbeidh i ndán do Luimneach sa ré atá romhainn.

I Luimneach, ní rud simplí an cultúr, tagann sraitheanna éagsúla i gceist. Ina fhianaise sin, feictear Luimneach dúinne trí shúile an ilamhairc agus feictear an réimse a bhaineann le cúrsaí féiniúlachta, cultúir, staire, taobh tíre agus cineálacha éagsúla cur in iúl a fhágann a lorg ar shainiúlacht an réigiúin mar gheall ar a bheith ar fáil in éineacht. Feictear gur gá an t-ilghnéitheacht, an t-idircheangal agus an t-idirdhisciplíneachas maidir le cruthaitheacht agus nuáil den chineál is mian linn a chothú i Luimneach.

Is í an aisling atá le hÉire Ildánach i Luimneach go gcruthófaí muinín as cultúr an réigiúin ionas go dtuigtear do lucht dhéanta na gcinntí agus don uile shaoránach i Luimneach an tábhacht atá leis an gcultúr agus leis an gcruthaitheacht maidir le haontacht, forbairt inmharthana agus maitheas an duine a chothú agus go nglacann siad páirt i dtabhairt chuspóirí na straitéise i gcrích.

D'fhonn an aisling ardaidhme a leagtar amach maidir leis an gclár Éire Ildánach a thabhairt i gcrích, táthar ag cur le buanna príomhthábhachta Luimnigh, buanna a hadmhaíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta le linn na bpróiseas tairisceana maidir le Príomhchathair Náisiúnta an Chultúir agus Príomhchathair Eorpach an Chultúir. Is iad sin:

• An téagar a bhaineann le heagraíochtaí éagsúla cultúir i Luimneach agus an acmhainn atá iontu a theacht chun cinn mar fhorais náisiúnta;
• Spéis agus ceannaireacht in earnáil an chultúir i Luimneach maidir le forbairt cultúir ar leibhéal an phobail;
• Díograis agus dúthracht maidir le ról an chultúir agus na healaíne i ndáil le hathchothú agus le forás acmhainne;
• Bríomhaireacht chultúr na n-óg agus an tionchar a bhíonn ag daonra mór mac léinn;
• Saibhreas agus beocht maidir leis an oidhreacht áitiúil agus leis an oidhreacht idirchultúir;
• An caidreamh tairbheach áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn á fhorbairt agus á chothú.

Image ALT text

‘Head in The Clouds’

Tá d'aidhm ag Lumen cur le cúrsaí cultúir i Luimneach agus sa réigiún máguaird. Amharclannaíocht Sráide a chleachtann an compántas agus baintear leas as traidisiún tréan láidir Chathair Luimnigh i mbun na healaíne sin agus Lumen ag féachaint le spéis an phobail a chothú le taibhréimeanna don tsúil atá spleodrach, sainiúil, spreagúil agus iad suite i dtimpeallacht foirgníochta Luimnigh.

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Etain McCooey

Comhordaitheoir Éire Ildánach

Teagmháil

Sarah O'Farrell

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Dr Pat Daly

Príomhfheidhmeannach

Teagmháil

Damien Brady

Bainisteoir Sinsearach, Leabharlanna & Músaem, Leabharlannaí Cathrach & Contae

Teagmháil

Mike Cantwell

Ceann ar Innovate Limerick

Teagmháil

Bernadette Collins

Pleanálaí Feidhmiúcháin, Comhordaitheoir Luimnigh 2030 & Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúir (EYCH) 2018

Teagmháil

Catherine Bowes Kelly

Oifigeach Riaracháin, Stiúrthóireacht Beartais Shóisialta

Teagmháil

Jacqui Hayes

Cartlannaí Cathrach & Contae

Teagmháil

Paul Ryan

Comhordaitheoir Réigiúnach Scannán

Teagmháil

Úna McCarthy

Stiúrthóir/Coimeádaí, Gailearaí Ealaíne Chathair Luimnigh

Teagmháil

Sarah McCutcheon

Seandálaí Feidhmiúcháin

Teagmháil

Sinead McDonnell

Oifigeach Feasachta Comhshaoil

Teagmháil

Thomas O’Neill

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Matthew Potter

Coimeádaí, Músaem Luimnigh

Teagmháil

Rosie Webb

Ailtire Sinsearach, Athnuachan Uirbeach & Sráidbhaile

Teagmháil

Iona Hennessy

Comhordaitheoir Luimneach Sláintiúil

Teagmháil

Stephane Duclot

Director of Rural, Community and Culture Development

Teagmháil

Ár Straitéis

Limerick-1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×