Skip to main content


Nuacht

‘Head in The Clouds’

Tá d'aidhm ag Lumen cur le cúrsaí cultúir i Luimneach agus sa réigiún máguaird. Amharclannaíocht Sráide a chleachtann an compántas agus baintear leas as traidisiún tréan láidir Chathair Luimnigh i mbun na healaíne sin agus Lumen ag féachaint le spéis an phobail a chothú le taibhréimeanna don tsúil atá spleodrach, sainiúil, spreagúil agus iad suite i dtimpeallacht foirgníochta Luimnigh.

Is mian le Lumen athbheochan a dhéanamh ar chúrsaí ealaíne i measc phobal na háite trí chaidreamh a chothú le dreamanna den phobal agus ealaín a chruthú i gcomhar leo trí chláir caidrimh allamuigh, trí cheardlanna agus trí rannpháirtíocht an phobail, agus ealaín agus amharclannaíocht sráide den scoth a chur i láthair ar an leibhéal Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.  I rith na bliana 2019, le cistíocht faoi Éire Ildánach agus mar chuid den cheiliúradh trí lá ar Fhéile Phádraig Naofa i Luimneach, chuir an compántas amharclannaíocht sráide Lumen ‘Head in The Clouds’ i láthair.

Ó fhís agus réim na samhlaíochta a eascraíonn beartaíocht an duine

One Giant Leap a bhí de théama le Paráid Lá Fhéile Pádraig 2019 mar cheiliúradh ar chothrom 50 bliain ó leag Neil Armstrong cos ar an ngealach.  Ba thagairt é freisin don athbheochan tréan leathanréimseach atá ar Luimneach le blianta anuas.  Faoi spreagadh ón ngealach agus ó spéis an duine i lóchrann na hoíche, chuir an compántas amharclannaíochta Lumen roimhe réim samhlaíochta a chruthú lenar bhain fantaisíocht agus aislingíocht, mar shampla eitleán faoileoireachta de leithéid íomhánna Leonardo, balún aer te ó ré Victoria agus gluaisteán gealaí ag lúbarnaíl agus ag damhsa idir na réaltaí mar chuid de Pharáid na Féile Pádraig i Luimneach.  Ar na Grúpaí Pobail a bhí páirteach i mbun saothar spleodrach ildaite den chineál seo a chruthú, bhí;

  • Amharclann Óige Luimnigh
  • Scoil an Tionscadail
  • Ionad Óige an Iarthair
  • Ionad Acmhainní Mheitheal Cniotála an Chnoic Theas
  • Cró na bhFear
  • Grúpa Pobail an tSlánaitheora Naofa

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×