Tá clú ar an Iarmhí mar gheall ar a hoidhreacht cheoil, agus is í an Iarmhí áit bhreithe ealaíontóirí a bhfuil clú domhanda orthu ó Joe Dolan go Niall Horan. Spreag bailte agus tuath an chontae scríbhneoirí lena n-áirítear John Broderick, Oliver Goldsmith, JP Donleavy, Jonathan Swift agus James Joyce.
Mhaoinigh Éire Ildánch breis agus 400 tionscadal ó 2018 i leith, léirítear traidisiúin láidre chultúir agus chruthaitheacha na hIarmhí i Straitéis Chultúir agus Cruthaitheachta an chontae 2023-2027. Sa straitéis, deimhnítear tiomantas foirne Cultúir & Cruthaitheachta na hIarmhí chun tacú le pobal cruthaitheach inbhuanaithe ar fud an chontae trína tosaíochtaí straitéiseacha;
Forbairt Eacnamaíochta agus Tionscail Chruthaitheacha: tacú le gníomhaíochtaí cultúir agus cruthaitheacha a spreagann torthaí eacnamaíocha go háitiúil.
Éagsúlacht agus Rochtain: Éascú a dhéanamh ar chumas an chultúir agus na cruthaitheachta a bheith nuálaíoch agus comhoibriú lenár bpobail éagsúla.
Óige Ildánach: Daoine óga a chumhachtú trí phróisis agus trí straitéisí cultúir agus cruthaitheacha a n-acmhainneacht a bhaint amach agus cur lena n-acmhainneacht aonair.
Gníomhú ar son na hAeráide agus na hInbhuanaitheachta: Leas a bhaint as cumhacht an chultúir agus na cruthaitheachta chun rannpháirtíocht fhiúntach ar na hathruithe comhshaoil as cuimse atá le feiceáil againn a bheochan.
Foireann Chultúir agus Cruthaitheachta na hIarmhí: Tacú le tógáil acmhainne na bhFoirne Cultúir agus Cruthaitheachta le bheith i gceannas ar fhorbairt straitéisí comhoibríocha scála.
Ó fhás phróifíl na hIarmhí mar láthair scannánaíochta go dtí áiseanna cultúir an chontae a chur chun cinn mar Chaisleán Bhaile Átha Luain agus Luan Gallery, chomh maith le neartú a dhéanamh ar bhonneagar cultúir ionad agus spásanna ealaíon ar nós Teach agus Gairdíní Belvedere, Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr agus Tuar Ard, Amharclann Dean Crowe agus Páirc Áise & Oidhreachta Dhún na Sí; tá cruthaitheacht agus oidhreacht chultúir an chontae á cur i lár an aonaigh.
Ag aithint snáithe láidir na cruthaitheachta a nascann ár bpobail, tá sé mar aidhm ag Straitéis Chultúir agus Cruthaitheachta na hIarmhí creat tacaíochta a sholáthar d’fhiontair chruthaitheacha ar fud an chontae. Féachann straitéis Chultúir agus Cruthaitheachta na hIarmhí le tacú le pobail inbhuanaithe trí rannpháirtíocht ghníomhach a chumasú i gclárú samhlaíoch agus mealltach. Tá dhá phríomhphrionsabal mar bhonn agus thaca ag tosaíochtaí straitéiseacha na hIarmhí: forbairt inbhuanaithe agus cuimsiú sóisialta. Tá sé mar aidhm ag na tosaíochtaí Cultúir & Cruthaitheachta leasanna phobail éagsúla sóisialta agus cultúir na hIarmhí a léiriú.