Skip to main content
U ARE ALIVE mural by Aches and Maser on Camden Street, Dublin

Náisiún
Ildánach

Aches agus an flosc cruthaitheachta faoi ealaín graifítí na hÉireann

Scroll
4 min read

Aches agus an flosc cruthaitheachta faoi ealaín graifítí na hÉireann

4 min read

17/01/20

Aches agus an flosc cruthaitheachta faoi ealaín graifítí na hÉireann

Tá an t-ealaíontóir graifítí, Aches, ar dhuine de na chéad sár-réaltaí atá taobh thiar den fhlosc cruthaitheachta de ghraifítí agus d’ealaín sráide atá ag fás thar cuimse i gcathracha agus i mbailte móra na hÉireann. Gluaiseacht chruthaitheach spreagúil atá anseo ina ndéantar sráideanna coincréite na cathrach a bhí fada, leadránach a athrú ó bheith ina gcanbháis fholmha nó go mbíonn siad ina saothair áille mhealltacha.

Foirm ealaíne an-phoiblí atá san ealaín graifítí, agus é cuimsitheach, inrochtana, agus é éasca páirt a ghlacadh ann agus taitneamh a bhaint as. Mar a mhaíonn Aches féin, “Is foirm ealaíne é do gach duine, bealach iontach don ghnáthdhuine a bheith in ann féachaint ar ealaín”.

Taobh istigh den ghluaiseacht seo, tá pobal bríomhar ealaíontóirí sráide uirbeacha, ealaíontóirí graifítí agus ealaíontóirí múrmhaisithe níos feiceálaí agus níos mó tionchair á imirt acu ar thírdhreach na n-amharcealaíon in Éirinn, agus iad ag cruthú saothair mhóra ina bhfuil teachtaireachtaí a thugann léargas ar mheon an phobail agus a spreagann glúin iomlán d’ealaíonta óga dóchasacha. Tá Éire Ildánach  bródúil as an tacaíocht atá tugtha aige do dhá thionscadal dá leithéid seo le 12 mhí anuas; Waterford Walls, comharghrúpa d’ealaíontóirí atá lonnaithe san Oirdheisceart agus é mar sprioc acu an spás uirbeach a athnuachan le go mbeidh Port Láirge ar an ngailearaí lasmuigh is mó agus is inrochtana in Éirinn, agus Seek Arts Dundalk, féile ealaíon uirbeach a bhfuil sé mar aidhm aige an chaoi a bhfeictear Dún Dealgan a athrú, ionas go mbeidh mar chroílár don chultúr.

D’oibrigh Aches ar an dá thionscadal, agus anuas air tá bunsaothair ealaíne deartha agus cruthaithe aige ar fud na hEorpa agus na Stát Aontaithe. D’oscail sé a thaispeántas aonair féin ag Atelier Maser in 2019, chomh maith le cuid de na píosaí ealaíne sráide is feiceálaí dá bhfuil ann a bheith cruthaithe aige ar fud Bhaile Átha Cliath le blianta beaga anuas. Insíonn sé dúinn faoin gcaoi ar thosaigh sé amach mar ealaíontóir, na rudaí a thugann inspioráid dó agus an chomhairle a bheadh aige d’ealaíontóirí óga in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Above: Mural created by Aches at Dundalk Seek Arts Festival, 2019

Bhí suim agam san ealaín ó bhí mé óg.

“Péintéir iontach ab ea m’athair ach ar an drochuair d’éirigh sé as seo mar chaitheamh aimsire sular rugadh mise. Mar sin féin, bhí dhá phictiúir dá chuid crochta sa teach againn agus mé ag fás aníos. Agus mé i mo pháiste bhínn i gcónaí ag tarraingt, cartúin nó greannáin á gcóipeáil agam den chuid is mó, go dtí go ndeachaigh mé chuig an meánscoil ag 12. Nuair a chuaigh mé isteach sa mheánscoil thosaigh mé ag tabhairt an graifítí faoi deara i bhfad níos mó agus cúpla bliain ina dhiaidh sin bhuail mé le roinnt daoine a bhí ag péinteáil graifítí. Thug siad amach mé in 2007 le mo chéad shaothar a phéinteáil agus ó shin i leith tá mé gafa go hiomlán leis. Thart ar an mbliain 2010 thosaigh mé ag péinteáil níos mó carachtar in éineacht le mo chuid saothair ach níor thug mé faoi seo i ndáiríre go dtí 2015. Tar éis dom roinnt carachtar agus portráidí a phéinteáil in aice leis na píosaí graifítí shocraigh mé ansin na portráidí a phéinteáil astu féin, mo chéad mhúrmhaisithe”

 

Above: Savita mural, created by Aches at The Bernard Shaw, Dublin in 2019

Nuair a bhí mé i mo pháiste ní bhíodh i gceist ach sceitseleabhair agus leathanaigh fhánacha, tá cuid acu fós agam.

“Nuair a thosaigh mé ag péinteáil graifítí bhínn ag péinteáil i gceantair chiúine, áiteanna iargúlta nach mbeadh daoine ag cur isteach ort. Ba mhinic na háiteanna seo i lánaí nó ar bhallaí a bhí i bhfolach ar chúl páirceanna nár úsáid aon duine níos mó. Agus mé ag éirí níos sine thosaigh mé ag péinteáil níos minice sa chathair, áiteanna ar nós Windmill Lane agus an Bernard Shaw a bhí go hiontach ag an am. Ar an drochuair tá láithreacha maithe ag éirí an-ghann i mBaile Átha Cliath.”

Above: U ARE ALIVE mural by Aches and Maser on Camden Street, Dublin

Tugann an ghluaiseacht ealaíne sráide seo deis don ghnáthdhuine ealaín a fheiceáil.

“Ní gá go mbeadh aon eolas acu faoi stair na healaíne agus ní gá dóibh íoc chun é a fheiceáil ach an oiread. Foirm ealaíne atá ann do gach duine, le healaíontóirí atá ag déanamh rudaí nua nach bhfacthas riamh cheana. Cruthaíonn sé carachtar i gcathair freisin, murab ionann agus na ballaí atá liath agus dorcha.

Ba mhór an onóir dom é ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag na féilte múrmhaisithe agus na seisiúin graifítí ar fad. Ar an drochuair mar gheall ar nach bhfuil foirgnimh arda againn in Éirinn (agus na cinn atá ard ní bhfaighfeá cead iad a phéinteáil go deo) níl punann de mhúrmhaisithe ar mhórscála ag mórán ealaíontóirí Éireannacha, rud a theastaíonn le bheith ag péinteáil ag na féilte seo.”

Above: Dolores O'Riordan mural by Aches in Limerick, 2019

Cé go bhfuil sé thart le fada an lá tá i bhfad níos mó spéise á chur anois san ealaín sráide in Éirinn.

“Pobal beag atá ann agus tá aithne ag formhór na n-ealaíontóirí ar a chéile agus cabhraíonn siad lena chéile. Le bheith ionraic áfach, tá i bhfad níos mó míbhuntáistí ná buntáistí in Éirinn i láthair na huaire, má theastaíonn uait a bheith ag péinteáil múrmhaisithe ar mhórscála. Tá neart foirgneamh tréigthe atá gan úsáid sa chathair a dteastaíonn beagán grá uathu, is dócha gurb é an múrmhaisiú an bealach is éasca le beagán beocht a chur sna foirgnimh seo gan aon mhórobair thógála a dhéanamh. Mura bhfuil sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh seo sa ghearrthréimhse b’fhearr dá mbeadh cuma shlachtmar orthu do na daoine a chaithfidh breathnú orthu gach uile lá. Má fhéachann tú ar phríomhchathair ar bith san Eoraip feicfidh tú go bhfuil an múrmhaisiú faoi bhláth, agus ealaíontóirí áitiúla agus ealaíontóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu ag péinteáil. Chomh maith le múrmhaisithe ar mhórscála a phéinteáil, má bhíonn tú ag péinteáil ar fhormáid níos lú, is beag stiúideo faoi dhíon atá ar fáil.

An t-aon chomhairle dáiríre atá agam ná díreach tú féin a choinneáil gnóthach agus infheistíocht a dhéanamh ionat féin, mar a bhaineann le ham agus le hairgead araon.

“Bí réamhghníomhach, ná bí ag fanacht go dtairgfidh daoine ballaí agus jabanna  mhúrmhaisithe duit. Téigh amach agus péinteáil ballaí ar do chonlán féin, bíodh bailiúchán maith saothar agat agus bain tairbhe as seo. Déan an oiread péinteála agus is féidir leat. Ná cuir san áireamh an rud a thaitníonn le daoine eile, péinteáil an rud a theastaíonn uait féin a phéinteáil. Agus níos tábhachtaí fós, bain sult as.”

Creidmheas don íomhá:@achesdub

Stay up to date

×