Skip to main content
Paleolithic snail fragment from Drummin Bog

Náisiún
Ildánach

Saol ársa aimsithe faoi phortach ardaithe i gCeatharlach, an t-aon phortach ardaithe sa chontae

Scroll
4 min read

Saol ársa aimsithe faoi phortach ardaithe i gCeatharlach, an t-aon phortach ardaithe sa chontae

4 min read

3/08/21

Saol ársa aimsithe faoi phortach ardaithe i gCeatharlach, an t-aon phortach ardaithe sa chontae

Agus muid ag réiteach le fógra a dhéanamh níos déanaí an mhí seo maidir le buaiteoir an mhaoinithe um Ghníomhú ar son na hAeráide, tá tús iontach curtha le Tionscadal Phortach Dhroimín, tionscadal atá á mhaoiniú ag Éire Ildánach: thángthas le gairid i gCeatharlach, ar phíosa adhmaid portaigh atá 5,000 bliain d'aois, plandaí atá 8,000 bliain d'aois, chomh maith le samplaí de shiolta ó ghrinneall loch ársa a théann siar thart ar 10,000 bliain.

Is tionscadal deonach neamhbhrabúis don oideachas pobail é Tionscadal Phortach Dhroimín atá dírithe ar phortach ardaithe i gContae Cheatharlach, an t-aon cheann atá sa chontae, a thabhairt ar ais.

Is féidir leis na staidéir gheolaíochta a rinneadh le linn Chéim 1 den chuid sin den Chlár a bhain leis an Tionscadal Meirge nasc díreach a dhéanamh anois, siar tríd na blianta, go dtí tréimhse go gairid i ndiaidh na hOighearaoise deireanaí  – sular thosaigh daoine ag cur fúthu sa cheantar máguaird.⁣

⁣Sna míonna amach romhainn, beidh an pobal rannpháirteach ó thaobh na dtorthaí seo i suiteálacha, siamsaíocht, agus imeacht Lae Oscailte arna n-eagrú i mí Dheireadh Fómhair 2021.⁣

⁣Thug na daoine cneasta atá ag obair ar Thionscadal Phortach Dhroimín eolas dúinn maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh sa chúinne stairiúil seo de Chontae Cheatharlach agus an chaoi ar chuidigh an maoiniú ó Éire Ildánach leis an obair:

“Cuireadh an obair ar athlá mar gheall ar Covid ach bhí Coiste Thionscadal Phortach Dhroimín i gCeatharlach agus na healaíontóirí Jules Michael agus Cathy Fitzgerald ríméadach a bheith in ann, ar deireadh thiar, beirt phailneoirí ó Wet Futures i UCC – Benjamin Gearey agus Rosie Everett – a óstáil ar Phortach Dhroimín an tseachtain seo caite, le haghaidh Chéim 1 den Tionscadal Meirge.

Beidh na suirbhéanna méadaithe claise a rinne Ben agus Rosie le linn a gcuairte agus na scrúduithe sa mhion-saotharlann i Halla na Dromainne an lá dár gcionn, in ann bonn eolais a thabhairt faoi chonair na rannpháirtíochtaí pobail sa tionscadal seo, atá á mhaoiniú ag Éire Ildánach, sna trí mhí atá amach romhainn.

 

sphagnum moss under a microscope

Cell structure of sphagnum moss, approximately 6,000 years old

Cuirfear na samplaí móna paleo seo os comhair an phobail mar chuid d’imeachtaí an Lae Oscailte a bheidh ar siúl i Halla na Dromainne, i gContae Cheatharlach, i nDeireadh Fómhair 2021 Tá an t-ábhar amhairc as na samplaí micreascópacha mar fhoinsí anois don Tionscadal Meirge. Cuirfidh baill den phobal agus an t-ealaíontóir Jules suiteáil ar bun i Halla na Dromainne, bunaithe ar thuarascáil Rosie.

Beidh Halla na Dromainne agus Portach Dhroimín féin mar chuid den Lá Oscailte, rud a thabharfaidh deis cainteanna a chur i láthair maidir leis an bportach- na foirmíochtaí ársa agus an flóra agus an fána ar leith atá ann, agus a thábhachtaí atá sé mar thearmann gnáthóige agus fiadhúlra. Seinnfear an t-amhrán The Bog Rosemary,agus cuirfear na Meirgí ar taispeáint. Eagróidh an t-adhmadóir staire, Eoin Donnelly, ceardlann ar an lá agus uirlisí agus gléasanna iontacha ón seansaol á ndéanamh aige.”

Go bunúsach, chaith Ben agus Rosie an lá ag plé leis na croí-shamplaí. Thug na samplaí tosaigh, nuair a chuaigh siad síos thart ar thrí mhéadar, píosa adhmaid ó 5,000 bliain ó shin aníos! Thug tuilleadh samplaí, ón gcuid ba doimhne den phortach, samplaí d’eanach – an réamhtheachta do chruthú an sphagnum – dóibh, agus é seo thart ar 8,000 bliain d’aois. Thíos faoi seo fuair siad samplaí de mhóta liath agus de shiolta (thart ar 10,000 bliain d’aois) ar ghrinneall an locha bunaidh, lena n-áirítear píosa beag bídeach de shliogán. Bhí na torthaí seo iontach ar fad, agus iad in ann Portach Dhroimín a thabhairt i bhfad siar agus é cheangal le tréimhse go gairid tar éis na hOighearaoise deireanaí; agus le ham sula raibh daoine ag cur fúthu sa cheantar fiú.

 

wood from ancient bog

5,000 year-old oak fragment

 

An lá dár gcionn, shocraigh Ben agus Rosie micreascóip allamuigh i Halla na Dromainne, in aice láimhe. Tháinig baill den phobal chun éisteacht le Ben ag tabhairt achoimre ar an bportach agus a fhoirmíochtaí móna. Tugann na croíshamplaí eolas maidir le hairc na h-aeráide i gcaitheamh na tréimhse  – níos mó báistí, níos fuaire, níos teo etc. Toisc go bhfuil tailte móna aigéadach tá siad in ann seanphailin a chaomhnú, gan marach beagnach (crainn, féar agus fásra plandaí), ar bhealach nach bhféadfadh gnáthithir nó carraig iad a chaomhnú, agus tá siad thar a bheith tábhachtach agus iad ina gcartlanna staire de na tréimhsí éagsúla seo.

I ndeireadh na dála, ba thús speisialta -agus ancaire- a bhí sa dá lá seo do thionscadal níos leithne, de réir mar a rachaidh sé chun cinn sna trí mhí atá amach romhainn.

Faigh tuilleadh eolais ag drumminbog.com

Stay up to date

×