Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann: An tsraith Fóillín le Físeáin

Scroll
3 min read

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann: An tsraith Fóillín le Físeáin

3 min read

18/03/21

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann: An tsraith Fóillín le Físeáin

Ball d'fhoireann na gcuairteoirí in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann í Joan Walker agus cláir maidir le hábhar spéise agus foghlama de chúram uirthi, cláir ina measc do dhaoine scothaosta. Tugann sí tuairisc ar an tsraith Fóillín le Físeáin, bailiúchán d'fhíseáin, arna léiriú go háisiúil cóiriúil ag lucht a mbreathnaithe agus arna gcur ar fáil do dhaoine in ionaid cónaithe, ina ndéantar saothar ealaíne as bailiúchán Áras Nua-Ealaíne na hÉireann a scrúdú.

“A bhuíochas de chistí flaithiúla ó Éire Ildánach, b’acmhainn dúinn cur leis na cláir ar líne atá ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.  Ceann de na cláir bhreise atá in Fóillín le Físeáin atá á chur i láthair ag daoine d’fhoireann an Ábhar Foghlama agus Spéise.  Baineann an teideal  leis an gcur chuige, tamall a chaitheamh ag breathnú go foighneach ar shaothar ealaíne; smaoineamh ar a raibh de rún ag an ealaíontóir leis agus ar a spreagann sé ionainn féin.  Seisiún machnaimh don lucht féachana atá san fhíseán tosaigh (as deich gcinn) d’fhonn a bheith lán oscailte agus ar a suaimhneas sula mblaistear d’fhíseán de na cinn eile.  Géarú goile atá ann, sula roghnaítear ón lón ábhair a shásóidh an dúil!

Faoi láthair tá turais fhíorúla agus plé ar ábhar ealaíne ar fáil againn trí Zoom.  Ar na cláir atá againn a thagann faoi scáth Age & Opportunity,  tá Suíochán Azure, Comhrá faoi Ealaín ar líne agus Pacáistí Acmhainne, Stiúideo 10, chomh maith le cuairteanna fíorúla.  Táthar ag cur i gcónaí lena líon ionas go gcuirtear ábhar na dtaispeántas ar fáil do dhaoine a bhaineann taitneamh as an ealaín, idir óg agus aosta.  Nuair a chaitear am le grúpaí nó le duine aonair, is maith linn, gan bheann ar aois na ndaoine, cur chuige go réidh socair, deis a thabhairt a bhfuil sa saothar ealaíne a shú isteach agus, an ní is tábhachtaí, fiosracht a chothú.

Tá fiosracht ag rith leis na grúpaí go léir.  Fonn doshásaithe níos mó a fhoghlaim, níos mó a chruthú, níos mó a shamhlú agus a chur in iúl do dhaoine eile sa ghrúpa.  Is pribhléid domsa a bheith páirteach sa chúram seo.  Is breá liom a bheith in éineacht le daoine fiosracha ar breá leo saothar casta a chur os a gcomhair.  Is iontach an rud an fonn a bhíonn ar an uile dhuine an saothar a fhiosrú agus a dtuairim a phlé le daoine eile, is cuma cé chomh domhain diamhair agus atá an saothar.  Is é is mó a théann i gcion orm féin, chomh domhain agus a bhíonn léargas na ndaoine seo uile, arís agus arís eile agus chomh maith agus a mhíníonn siad an rud a fheictear dóibh.”

'Crann' le Niamh McCann

Open Video

“Am ar bith a mbíonn plé ar ealaín nó ealaín á cruthú le daoine ar thogra a thagann faoi Age & Opportunity, déanann sé leas agus bíonn meas ar an dícheall.  Is minic le daoine aosta, agus go deimhin le daoine meánaosta, a rá gur bliain is fiche atá siad i gcónaí taobh istigh.  Nuair a bhíonn caidreamh cruthaitheachta ar siúl le daoine, is mar sin a bhíonn, baintear an aois den duine agus oibrítear le croí agus le hanam an duine istigh.  De réir mar a théann na seisiúin ar aghaidh, bíonn an uile dhuine níos sáite iontu agus léirítear sin trína gcuid smaointe agus a dtaithí féin ar chúrsaí a chur in iúl.  Insítear scéalta, luaitear eolas agus tagraítear d’fhíricí.  Is minic go bhfeictear ní do dhuine nach mbeadh tugtha faoi deara agam féin riamh.  Gach uair a dtagann na daoine le chéile, spreagtar ábhar nua.  Is maith liom a cheapadh go mbíonn ardú meanman den sórt céanna á bhrath ag gach duine a ghlacann páirt sna seisiúin, go mbíonn nuacht agus bunspreagadh acu as a chuireann leis an lá dóibh, fonn orthu é a insint dá gcuid gcairde agus dá gcuid daoine muinteartha.  Ábhar pléisiúir dom oibriú le grúpaí den uile chineál ach is minic spreagadh faoi leith as oibriú le daoine críonna mar gheall ar a mbíonn de léargas acu óna gcleachtadh féin ar chúrsaí an tsaoil.”

Nóiméad Meabhrach le Paola Caitzone

Open Video

Sílim gurb é an bunrud a bheith fiosrach i gcónaí.  Na daoine is sine a thagann ar cuairt chuig dánlanna an Árais, tá siad fiosrach, cíocrach ag léargas breise, ábhar breise, rud nua le foghlaim, ceisteanna nua le cíoradh, níl leisce orthu a gcuid tuairimí a chur in iúl, ná faitíos, tá muinín agus misneach acu, mar a thagann don duine críonna, an rud díreach atá ar intinn acu a rá amach go cruinn baileach.

E.M. Forster a dúirt gurb iad tréithe na daonnachta, fiosracht, saoirse intinne, muinín i mínléargas agus dea-thuairim den duine.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×