Skip to main content
Credit: Tom Flanagan

Náisiún
Ildánach

Ealaíon na Sláinte agus na Folláine: Siompóisiam Náisiúnta

Scroll
min read

Ealaíon na Sláinte agus na Folláine: Siompóisiam Náisiúnta

min read

26/08/22

Ealaíon na Sláinte agus na Folláine: Siompóisiam Náisiúnta

Ar an 22 Meitheamh 2022, ag siompóisiam náisiúnta a tionóladh i gColáiste Ríoga na Lianna i mBaile Átha Cliath, dhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an tAire Sláinte i gcomhpháirt le chéile a n-aitheantas do na buntáistí ó thaobh sláinte agus folláine a bhaineann leis an gcruthaitheacht agus leis na healaíona.

Bhí an siompóisiam á chomhóstáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Clár Éire Ildánach), an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Chomhairle Ealaíon. Léiríonn sé céim shuntasach chun cinn mar a bhaineann leis an gcruthaitheacht agus na healaíona a leabú laistigh de sheachadadh an tsláinte agus an chúraim shóisialta in Éirinn.

Féach ar fhíseán forbhreathnaithe gearr den siompóisiam anseo.

Óstach an tsiompóisiam Olivia O’Leary le painéalaithe

 

Phléigh trí phainéal, a bhí comhdhéanta de shaineolaithe agus lucht déanta beartas sinsearach ó earnálacha na n-ealaíon agus na sláinte araon, an fhianaise, tírdhreach na mbeartas agus saincheisteanna maidir leis an gcur chun feidhme.

Féach ar an sruth físe iomlán den siompóisiam thíos agus léigh tuarascáil achoimre anseo.

Féach ar thaifeadadh den siompóisiam ar YouTube.

Ealaíon na Sláinte agus na Folláine: Siompóisiam Náisiúnta: Sruth Iomlán

Open Video

Léigh tuilleadh faoi shiompóisiam Mheitheamh 2022 anseo.

Stay up to date

×