Skip to main content
Aches Final Piece, Ardú Street Art Initiative, supported by Cork City Council Arts Office and Creative Ireland. Credit: Clare Keogh

Náisiún
Ildánach

A bhfuil taobh thiar de na tionscadail ealaíne sráide a thugann dath agus samhlaíocht isteach inár bpobail

Scroll
6 min read

A bhfuil taobh thiar de na tionscadail ealaíne sráide a thugann dath agus samhlaíocht isteach inár bpobail

6 min read

31/12/20

A bhfuil taobh thiar de na tionscadail ealaíne sráide a thugann dath agus samhlaíocht isteach inár bpobail

I rith na bliana 2020, le tacaíocht ó Chlár Éire Ildánach, thug sraith de thionscadail ealaíne sráide dhochreidte dath, gliondar agus samhlaíocht chuig sráideanna na mbailte agus na gcathracha ar fud na hÉireann ó lár gnóthach chathair Chorcaí go dtí na lánaí ciúine gleoite i gCloch na Rón, i gContae na Gaillimhe.

Nuair a bhí an saol gruama, bhí an ealaín sráide ar cheann de na meáin ealaíne a raibh fáil fós orthu toisc go raibh an pobal in ann taitneamh a bhaint as na saothair ealaíne seo amuigh faoin aer agus iad ag cloígh leis an scaradh sóisialta go sábháilte. Agus deireadh na bliana ag druidim linn caithfimid súil go díscréideach ar na tionscadail seo agus beimid ag caint le cuid de na healaíontóirí a chruthaigh draíocht ar ár sráideanna.

Tionscnamh Ealaíne Shráid Ardú – Cathair Chorcaí

Seoladh Ardú i mí Dheireadh Fómhair 2020 nuair a chruthaigh cuid de na healaíontóirí sráide is cáiliúla in Éirinn lena n-áirítear Aches, Maser agus Shane O’Driscoll saothair bhríomhar in áiteanna ar fud Chorcaí lena n-áirítear Sráid Anraí, Sráid Anglesea agus Sráid Harley. Bhí Deirdre Breen ar dhuine de na healaíontóirí a ghlac páirt sa tionscadal agus bhí a Múrmhaisiú iontach Placemaking ar Ché Wandesford ar cheann de na píosaí ba shuntasaí. Déanann sí cur síos anseo ar a nasc pearsanta leis an obair agus chomh ríméadach is atá sí go raibh an pobal chomh tógtha sin leis.

Deirdre Breen: Toisc go raibh spás le haghaidh tionscadail agam roimhe seo ag Backwater agus go bhfuilim i mo bhall de Phriontaí Chorcaí, oibrím go rialta san ionad coimpléasc, ar bhonn pearsanta tá tábhacht ar leith leis. Is spás fíor-bhríomhar, tacúil agus tábhachtach é i lár na cathrach seo.

Thóg sé thart ar choicís san iomlán. Ar dtús bhí orainn na ballaí a réiteach agus a phríomhú. Nuair a bhí sé sin críochnaithe, mapáladh an dearadh ar an mballa i gcearnóga méadair. D’úsáid mé ais X agus Y gach cearnóg aonair chun pointí líne, óna bhféadfainn na línte a nascadh, a mharcáil. Ba é sin an chuid ba chiotaí, go háirithe áit a raibh go leor cruthanna agus uillinneacha beaga. Nuair a bhí an dearadh mapáilte bhí an balla le péinteáil ina chuid is ina chuid, ag déanamh cinnte go raibh na línte ar fad deas géar. Ar ámharaí an tsaoil, bhí an aimsir fabhrach ar feadh na coicíse, rud a rinne an-difríocht. Bhí an múrmhaisiú críochnaithe díreach in am d’Oíche Chultúir, mar sin, bhí sé go deas go bhféadfadh daoine teacht agus suí ar an mballa trasna an bhealaigh ag an abhainn agus breathnú air.

Go dtí seo tá daoine an-togtha leis. Bhí an oiread sin aiseolais álainn faighte agam ó na híomhánna agus na físeáin bheaga ar líne, agus chuir go leor daoine grianghraif chugam díobh féin nó de dhaoine eile agus iad gafa leis an bpíosa. Leis na srianta reatha, b’éigean do mhúsaeim, dánlanna agus eagraíochtaí ealaíon a ndoirse a dhúnadh agus tá an oiread sin taispeántas agus léiriú ealaíne curtha ar athló. Cuireadh fáilte roimh fhéile Ardú, a thugann an taithí ar shaothair ealaíne nua amach faoin aer, ar na sráideanna. Bhain daoine an-taitneamh as conair na féile, agus bhí tionchar dearfach aige ar ár bpobail áitiúla agus lúcháir á chur orainn le linn tréimhse a bhraitheamar a bheith dian go síoraí agus go seasta.

Above:

Tionscadal Waterford Walls 

Cé go ndeachaigh Féile Idirnáisiúnta Ealaíne Sráide Waterford Walls i bhfeidhm go mór ar dhaoine leis na blianta ag láithreacha éagsúla ar fud na cathrach, bhí tábhacht ar leith ag baint leis na múrmhaisithe seo sa bhliain 2020. Bhí múrmhaisiú clógrafach Vanessa Power i measc na saothar den scoth a nochtadh i mbliana, agus roinneann sí linn a cuid scéalta faoi bheith ag cruthú an phíosa seo.

Vanessa Power: Rinne siopa bia úr Ardkeen urraíocht ar an bpíosa a bhí agam do Waterford Walls na bliana seo, agus bhí mé ag iarraidh rud éigin a phéinteáil mar fhreagra air seo. SO FRESH -is imirt focal é seo ar a bhfuil le fáil sa siopa agus freisin ar chaint sráide ó na 80idí ar rud éigin a bhíonn nua nó go deas. D’úsáid mé an stíl litreacha slab serif agus an focal SO i stíl scripte, agus, i gcás FRESH, choinnigh mé leis na teicnící scáthaithe traidisiúnta le haghaidh scríbhneoireacht ar chomharthaíocht. Theastaigh uaim go mbeadh an-tionchar ag na litreacha agus teorainneacha an spáis a leathnú. Ba iad seo na litreacha ba mhó a phéinteáil mé go dtí seo mar sin, bhí sé an-dúshlánach dom ó thaobh na cruthaitheachta de. Chaith mé cúig lá ar chliabhán ardaithe ag obair air, tharraing mé ar fad é le cailc ar dtús le leachtleibhéal.

Is é an sceitseáil is mó a thógann am i gcás múrmhaisiú ar bith agus is gá díriú go hiomlán air d’fhonn a chinntiú go mbíonn na litreacha chomh foirfe agus is féidir. Is í an phéintéireacht an chuid is spraíúla d’aon saothar múrmhaisithe i gcónaí, nuair is féidir liom taitneamh a bhaint as an bpróiseas. Is breá liom a bheith ag péinteáil múrmhaisithe agus tá súil agam go bhfaighidh mé an deis tuilleadh litreacha ar scála mór a phéinteáil in 2021. Tá mé ag súil go mór le bheith i mbun péintéireacht arís ag Waterford Falls na bliana seo chugainn.

Above: Vanessa Power

Maser Mural ag Fringe Festival Bhéal an Átha – Béal an Átha, Co. Maigh Eo

Agus é á spreagadh ag na bláthanna faoin tuath i dtírdhreach Mhaigh Eo máguaird, d’athraigh múrmhaisiú taibhseach Maser éadan an fhoirgnimh seo ar Shráid an Chnoic, i mBéal an Átha i mí Dheireadh Fómhair le linn Fringe Festival Bhéal an Átha. Tugann an chaoi a bhfuil an timpeallacht uirbeach measctha le hinspioráid nádúrtha ón bhflóra agus fána, agus iad taobh le taobh, ardú meanmain don bailedhreach iomlán.

Above: Maser

Maser at Ballina Fringe Festival

Open Video

The Sacred Heart of a Nurse le Siobhan Harton – Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe 

Nochtadh The Sacred Heart of a Nurse le Stiúideo Siobhan Harton i mí na Samhna 2020 mar chuid de Samhlú, clár speisialta teilifíse 90 nóiméad Éire Ildánach i gcomhar le TG4. Thug sé ómós do na hoibrithe túslíne a chosain muid ar feadh na bliana agus d’fheabhsaigh sé na sráideanna garbha fileata thart ar Chloch na Rón lena dhathanna áille.

Above: Siobhan Harton

Faigh tuilleadh eolais faoi ealaín sráide na hÉireann: Aches and the creative explosion of Irish graffiti art

Stay up to date

×