Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Feirmeoirí an Chláir ag fí scéalta le chéile

Scroll
min read

Feirmeoirí an Chláir ag fí scéalta le chéile

min read

12/01/24

Feirmeoirí an Chláir ag fí scéalta le chéile

D'fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shaibhir a bhaineann le cúrsaí talmhaíochta i gContae an Chláir, thug an tionscadal "Feirmeoirí an Chláir ag fí scéalta le chéile/Clare Farmers Weaving Stories Together" a raibh An Clár Sláintiúil i gceannas air agus a fuair maoiniú ó Éire Ildánach mar chuid den scéim An Chruthaitheacht agus Daoine Scothaosta, faoi thuras chun croí shaol na feirmeoireachta ar fud an réigiúin a aimsiú.

Thug an tionscadal cuairt ar chúig cheantar a bhfuil marglanna iontu lena n-áirítear Inis, Cill Fhionnúrach, Cill Rois, An Scairbh, agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 2023. Tugadh cuireadh d’fheirmeoirí ó na ceantair seo teacht agus labhairt faoina gcuimhní cinn ar obair an fheirmeora san am a chuaigh thart chomh maith le  todhchaí na feirmeoireachta sa lá atá inniu ann a phlé.

Rinne an grúpa oidhreachta seanchas béil Cuimhneamh an Chláir éascaíocht ar an bplé. D’oibrigh feirmeoirí áitiúla as lámh a chéile chun cur síos a dhéanamh ar a dtaithí, thug siad léargas dúinn ar an gcaoi ar tháinig na cleachtais feirmeoireachta chun cinn agus léirigh siad na mianta a chuirfidh cruth ar chúrsaí talmhaíochta amach anseo. Ghabh taifeadóir agus físghrafadóir oilte na seisiúin ansin, ionas go bhféadfaí na scéalta seo, a bhfuil an oiread sin baint acu le féiniúlacht talmhaíochta an Chláir, a chaomhnú.

Rinneadh gach seisiún, a mhair dhá uair an chloig, a roinnt ina sheisiúin 30 nóiméad a bhí dírithe ar staidéar a dhéanamh ar an bhfeirmeoireacht san am atá thart, i láthair na huaire agus sa todhchaí. Cuireadh sólaistí ar fáil dóibh siúd a bhí páirteach, rud a chabhraigh le naisc phobail a chothú agus a spreag tuilleadh comhrá.

Nuair a bhí na seisiúin i ngach ceann de na limistéir tugtha chun críche cuireadh na scéalta a bailíodh le chéile i leabhrán cuimsitheach mar aon leis na híomhánna ón taifeadadh grafach. Seoladh na comhchuimhní cinn seo, dar teideal “Clare’s Farmers Weaving Stories Together,” ag Glór, in Inis i mí na Samhna 2023.

Bhailigh daoine ó phobail feirmeoireachta ar fud an Chláir le chéile ag Glór chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oidhreacht talmhaíochta an Chláir agus chun a machnamh a dhéanamh air. Scaipeadh na leabhráin chlóite ar fud an chontae i Leabharlanna, Ionaid Acmhainní agus Ionaid Phobail.

Tugann an tionscadal “Clare Farmers Weaving Stories Together” léargas ar an gcumhacht a bhaineann leis an gcomhscéalaíocht, agus an oidhreacht thábhachtach atá ag pobal feirmeoireachta an Chláir a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

Stay up to date

×