Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Cocooner: A Lockdown Diary

Scroll
3 min read

Cocooner: A Lockdown Diary

3 min read

14/03/21

Cocooner: A Lockdown Diary

Tá Paddy Smith, iarchraoltóir le RTÉ agus iar-iriseoir leis an Irish Independent, seacht mbliana déag agus trí fichid d'aois anois. Thug Éire Ildánach agus Comhairle Chontae na Mí coimisiún dó ionas go gcoinneodh tuairiscí cín lae i rith aimsir na paindéime a d'fhoilseofaí ina leabhar faoin gcocúnú.

Tá an leabhar Cocooner: A Lockdown Diary foilsithe anois agus é ar fáil i siopa leabhar Antonia i mBaile Átha Troim agus ar líne. Tá an leabhar ar cheann de 25 tionscadal cruthaitheachta do dhaoine aosta ar tugadh cúnamh ina leith faoin gclár Éire Ildánach i rith na bliana 2020 mar chuid de Dul in Aois go Tairbheach agus Cruthaitheacht Fholláin.

Sa dialann mhaisithe seo, tugann an t-iriseoir tuairisc rífhiúntach ar shaol na linne agus eolas á bhreacadh aige faoin gcur isteach a bhí ag an bpaindéim ar shaol an teaghlaigh ó lá go lá.  Cuntas ar an gcrá atá ann ach cuntas greannmhar freisin ar bhliain faoi leith, deir Jackie Maguire, Comhairle Chontae na Mí, “Paddy Smith has embraced the spirit of ‘all in this together’ and manages, through his insights and reflections, to lift the heart in these difficult times”.

Is féidir Cocooner: A Lockdown Diary a cheannach ó Antonia’s Bookstore agus ó Charlie Byrnes

Tá eolas breise faoi thionscadail eile do dhaoine aosta faoin scéim Éire Ildánach ar fáil anseo.  

Stay up to date

×