Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Scéalta faoi Athrú

Scroll
3 min read

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Scéalta faoi Athrú

3 min read

10/11/21

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Scéalta faoi Athrú

Ag ceiliúradh agus ag tabhairt ardáin do dhaoine maithe in Éirinn atá ag déanamh rudaí maithe le haghaidh cúram talún, cúram daoine, agus sciar cothrom, déanann Scéalta faoi Athrú pobail a spreagadh go cruthaitheach ar ábhar na gníomhaíochta aeráide trí bhia, scéalta a roinnt, agus trí úsáid na hamharcealaíne chun réitigh indéanta, áitiúla agus praiticiúla ar an ngéarchéim aeráide a chur chun cinn.

Ceann de 15 tionscadal as gach cearn den tír atá á mhaoiniú ag Éire Ildánach trína chiste Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide €2 mhilliún, in 2022 tabharfaidh foireann Scéalta faoi Athrú ina bhfuil lucht oideachais comhshaoil, príomhchócairí inbhuanaithe agus grianghrafadóirí gairmiúla camchuairt ar Dhún na nGall, Ciarraí, an Clár agus Gaillimh le cúig chomhpháirtí tionscadail – Iontaobhas Burrenbeo, Leave No Trace, Ambasadóir Aeráide, Artlink, agus Sea Synergy.

Is é an misean atá acu an pobal a thabhairt le chéile chun réitigh áitiúla ar an ngéarchéim aeráide a thaispeáint. Déanfar é seo trí shraith taispeántas físealaíne/grianghraf a thaispeánfaidh réitigh a spreag finscéalta aeráide áitiúla, ceardlanna comhshaoil faoi stiúir grúpaí áitiúla, agus féasta comhchoiteann chun táirgí áitiúla a chur chun cinn agus tacú leo.

Cruthóidh Scéalta faoi Athrú scannán faisnéise freisin le húsáid mar acmhainn oideachais spreagúil; uirlis ‘I Am the Change’ a spreagann daoine aonair agus grúpaí a gcuid scéalta féin faoi athrú a chur isteach; ríomhleabhar Bia don Athrú a chuireann táirgeoirí áitiúla agus catalóga oidis áitiúla inbhuanaithe, séasúracha chun cinn; chomh maith le láithreán gréasáin tiomnaithe tionscadail agus fotha Instagram chun scéalta a thaispeáint do phobail lasmuigh de na ceithre chontae sprice.

Agus é ar intinn againn an script a iompú agus an scéal um athrú aeráide diostóipeach a athrú ó dhrochrath agus scriosadh, tabharfaidh Scéalta faoi Athrú scéalta agus réitigh chun boird mar chatalaíoch chun fíorghníomhaíocht aeráide a spreagadh.

Faigh tuilleadh eolais faoin gciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide.

Scéalta faoi Athrú – essentiallyeco.org/storiesofchange

Leave No Trace – leavenotraceireland.org

Burrenbeo Trust – burrenbeo.com

Artlink – artlink.ie

Ambasadóir Aeráide – climateambassador.ie

Sea Synergy – seasynergy.org

Stay up to date

×