Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Siopa Fuinnimh Challainn

Scroll
2 min read

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Siopa Fuinnimh Challainn

2 min read

2/02/22

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Siopa Fuinnimh Challainn

Tá Siopa Fuinnimh Challainn, foirgneamh malartach neamhthráchtála ina ndéantar smaointe móra a mhalartú, ar cheann de 15 thionscadal nua atá á maoiniú ag ciste Éire Ildánach um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide.

Tar isteach agus déan athluchtú  

Cad as a dtagann ár bhfuinneamh? Cé a dhéanann é?

Agus i ndeireadh na dála cad a chosnaíonn sé (agus cé a íocann as)?

Is spás spraíúil, idirghníomhach é Siopa Fuinnimh Challainn áit a dtugtar cuireadh duit ár dtomhaltas fuinnimh a scrúdú, smaoineamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le do chuid úsáide fuinnimh féin agus Comhaontú Aeráide Challainn a shíniú – tiomantas atá ceangailteach ó thaobh na drámaíochta de go ndéanfaidh tú athrú dearfach amháin ar d’úsáid fuinnimh.

Ar feadh mhí Aibreáin, beidh Gailearaí Powerhouse ar Lána an Mhuilinn, Callainn ag óstáil  cainteanna, díospóireachtaí, ceardlann agus taispeántais scannáin – agus sprioc amháin acu ar fad: feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh an bhaile, ar mhaithe le gach duine.

Chomh fada siar le 1907 bhí ‘The Callan Powerhouse’ cuideachta giniúna leictreachais a bhí faoi úinéireacht áitiúil, lonnaithe san fhoirgneamh seo agus chuir sé iontais an leictreachais ar fáil do dhosaen gnólacht áitiúil, chomh maith le soilsiú sráide poiblí a chur ar fáil, i bhfad sular raibh fáil ar a leithéid i mbailte tuaithe eile.

Tá sé mar aidhm ag Siopa Fuinnimh Challainn athluchtú a dhéanamh ar an smaoineamh go mbeadh leictreachas á ghiniúint go háitiúil agus é faoi úinéireacht áitiúil agus tugann sé cumhacht do na saoránaigh tosú ar na hathruithe sin is gá dúinn go léir a fheiceáil, a chur i bhfeidhm.

Siopa Fuinnimh Challainn / Asylum Productions

"Is mian linn an smaoineamh faoi leictreachas a bheith á tháirgeadh go háitiúil agus é a bheith faoi úinéireacht áitiúil a athghiniúint agus an cumhacht a thabhairt do shaoránaigh tús a chur leis na hathruithe is gá dúinn go léir a fheiceáil"

Tá stair i bhfad siar ag Asylum Productions mar a bhaineann le tionscadail amharclainne a raibh an pobal páirteach iontu i mbaile Challainn, idir Six by Sundown in 2007 ina raibh iniúchadh déanta ar thailte agus ar stair Theach na mBocht i gCallann; Bridge Street Will Be… in 2015 tráth a ndearnadh athshamhlú ar phríomhbhealach an bhaile mar a bhí sé san am chuaigh thart, mar atá sé faoi láthair agus mar a bheidh sé sa todhchaí, agus an tsráid ar fad á úsáid mar stáitse; agus Big Chapel X, a bhuaigh Gradam Amharclannaíochta na hÉireann agus a ghlac seilbh ar an mbaile ar fad, sa léiriú amharclainne ba mhó riamh i stair an stáit.

Sa chéad seó mór eile dá gcuid beidh siad ag díriú a gcuid fuinnimh ar… fhuinneamh! Mar dhéantóirí amharclainne tá sé de chúram orthu ceisteanna samhlaíocha a chur, agus tá siad ag tabhairt cuireadh do mhuintir an bhaile an rud céanna a dhéanamh.

Tá a fhios againn go léir gur gá athruithe móra a dhéanamh ag an leibhéal domhanda. Ach cad iad na hathruithe a d’fhéadfadh muid a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil inár saol laethúil d’fhonn todhchaí ár bpláinéid a fheabhsú dár leanaí? Agus do leanaí ár leanaí?

Agus le linn duit a bheith ar cuairt i mí Aibreáin beag seo, cén fáth nach mbainfeá triail as The De-Rustifier?

Ní hea, ní cóireáil áilleachta speisialaithe atá ann. Níl ort ach do chuid seanuirlisí meirgeacha a thabhairt leat, bídís beag nó mór agus, le draíocht an leictreachais agus braon allais, cuideoidh Rusty leat iad a dhéanamh mar a bheidís glan as an bpíosa– gan aon chostas breise ort!

Déanfar liosta d’imeachtaí The Callan Energy Store a nuashonrú go míosúil ar shuíomh gréasáin Éire Ildánach.

Faigh tuilleadh eolais faoi thionscadail an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide.

Stay up to date

×