Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Ar tí deich mbliana de chruthaitheacht a shroicheadh: Buaicphointí ón chéad 5 bliana

Scroll
min read

Ar tí deich mbliana de chruthaitheacht a shroicheadh: Buaicphointí ón chéad 5 bliana

min read

12/12/22

Ar tí deich mbliana de chruthaitheacht a shroicheadh: Buaicphointí ón chéad 5 bliana

Agus 7,500+ tionscnamh cruthaitheach críochnaithe cheana féin go dtí seo, tá áthas orainn a dheimhniú go leanfaidh an Clár Éire Ildánach go dtí 2027!

An chéad tionscnamh dá shórt, tacaíonn an Clár Éire Ildánach le luach ollmhór na n-ealaíon, an chultúir, agus na cruthaitheachta do shláinte gach uile dhuine in Éirinn.

Tá ríméad orainn inniu a fhógairt go bhfuil an cinneadh déanta ag Rialtas na hÉireann an clár a shíneadh ar feadh cúig bliana eile. Sin é cúig bliana eile d’Óige Chruthaitheach, de Phobail Chruthaitheacha, de Thionscail Chruthaitheacha, de Chruthaitheacht, de Shláinte agus Folláine, agus de Ghníomhú agus Inbhuanaitheacht Chruthaitheach ar son na hAeráide.

Ar gcruthaitheacht iomlán a fhíorú

Agus é seolta in 2017 mar thionscnamh cultúir agus folláine uile-rialtais, is bua é an síneadh seo, ar shlite éagsúla, do gach aon duine in Éirinn. Tá fís ag croílár an tionscadail agus is é an fhís sin ná gur cheart go mbeadh an deis ag gach duine a gcruthaitheacht iomlán a fhíorú, mar sin, is cúig bliana eile é sin a bhfuil fáilte roimhe chun iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna cruthaitheacha!

Ó bunaíodh an Clár Éire Ildánach, tá na mílte deiseanna cruthaithe aige chun scaoileadh le héiceachóras cruthaitheachta ceart. Ní fhéadfaimis an t-éiceachóras ar leith seo a chothú gan na caidrimh láidre chomhtháite a chothaíomar idir rialtas láir agus áitiúil, tionscal, ealaíontóirí, lucht déanta beartas agus go háirithe, na pobail bhríomhara ar fad inár cuireadh na tionscadail ar fáil.

In imeacht cúig bliana, tá an Clár Éire Ildánach tagtha chun cinn mar chreat fíordhearfach don athrú agus mar shlí a smaoinímid faoi chruthaitheacht.

Cuireadh rannpháirtíocht, cuimsiú agus léiriú cultúrtha atá thar a bheith luachmhar chun cinn ag na mílte tionscnamh cruthaitheacha atá faoi stiúir an phobail, tionscnaimh a cuireadh i bhfeidhm ar fud na tíre go dtí seo.

Mar sin, cad go díreach a bhí ar siúl againn? 

Cruinniú na nÓg

Is í Éire an chéad agus an t-aon tír ar domhan a mbíonn lá iomlán aici go náisiúnta atá tiomanta do shaorchruthaitheacht leanaí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois. Tá fás tagtha ar ár dtionscnamh ar leith, Cruinniú na nÓg, agus é ag dul ó neart go neart le cúig bliana anuas. Tá fás tagtha ar shíolta dóchasacha na cruthaitheachta óige a cuireadh cúig bliana ó shin, agus is imeacht suaitheanta ollmhór é i bhféilire cultúrtha an náisiúin.

Gach mí an Mheithimh, baineann na mílte leanaí agus na mílte daoine óga sult as an deis chun iad féin a chur in iúl ar bhealach cruthaitheach, agus níos tábhachtaí, chun slite cruthaitheacha iomlán nua a aimsiú. Ó scileanna sorcais cróga go sárbheochan íomhá ar íomhá, deis teacht chun solais an taibheora nó tástáil a dhéanamh ar a neart mar Master Chefs óga – scaoil Cruinniú na nÓg le tuilleadh tallanna cruthaitheacha ar fud na tíre.

Chonaic Cruinniú na nÓg 2022 os cionn 101,000 duine óg a bheith páirteach in 1,690 imeacht cultúrtha saor in aisce ar fud na tíre, figiúr atá deacair le creidiúint. Bhí na himeachtaí seo faoi cheannaireacht 1,246 cleachtóir cruthaitheach eisceachtúil, imeachtaí nach mbeadh caighdeán agus éagsúlacht an léirithe chruthaithigh a chuireann Cruinniú na nÓg ar fáil ann gan na cleachtóirí sin.

Above: Línte Na Farraige

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide

In 2021, dhíríomar ár n-aird ar athrú aeráide agus ról an tsochaí dul i ngleic leis le seoladh an Chiste Chruthaithigh maidir le Gníomhú ar son na hAeráide.

Bailíonn an tionscnamh ar leith seo na scileanna agus saineolas an phobail chruthaithigh le chéile, chomh maith le gníomhaithe na haeráide, muintir na hEagraíochta Neamhrialtasaí (ENR), scoláirí, eagraíochtaí an Rialtais agus pobail áitiúla chun tionscadail a cheapadh chun feasacht a spreagadh agus na hiompair a athrú a chuir leis an ngéarchéim aeráide.

As na 160+ iarratas, roghnaíodh 15 thionscadal nuálacha mar fhaighteoirí maoinithe in 2021. Agus gach faighteoir ag tabhairt cur chuige cruthaitheach leo chun na hathruithe atá riachtanach a léiriú agus a chur i gcrích maidir le dul i ngleic ar athrú aeráide, tá éagsúlacht agus ilghnéitheacht álainn tagtha ar na tionscnaimh.

Ó shuiteálacha solais cois farraige de chuid Línte na Farraige, rud a chuireann ardú leibhéal farraige réamh-mheasta in iúl, go The Bohemian Way bealach siúil pailneora a bhfuil d’aidhm aige pobail a tharraingt le chéile trí chomhrá agus grá dá gceantar. Ó obair Ghníomhú Dheisithe na hÉireann, rud a tharraing aird ar an riachtanas atá ann ídiú a laghdú trí cheird an deisithe a athaimsiú, go Tionscadal Cruidínum Ghníomhú Cruthaitheach Cromghlinn ar son na hAeráide, rud atá ag claochlú talamh dramhaíola in aice leis an bPoitéal ina acmhainn pobail d’oideachas, d’eolas, do rannpháirtíocht agus chun caipiteal sóisialta a thógáil. Tá na tionscadail a tosaíodh ó 2021 fíor-nuálach, tionscadail a bhfuil ábhar machnaimh iontu.

Agus lena chois sin, seoladh leagan 2022 den Chiste Cruthaitheach maidir le Gníomhú ar son na hAeráide – Gníomhú Cruthaitheach Ar Son Na hAeráide II: Gníomhaithe an Athraithe – le déanaí. Táimid anois ar thóir tionscadail chruthaitheacha a spreagann gach duine chun: athmhachnamh a dhéanamh ar a stíleanna maireachtála; ceangail a dhéanamh leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta; aistriú cothrom i ndéanamh athruithe stíleanna maireachtála a chumasú; saoránaigh a chabhrú maidir lena dtuiscint ar an ngéarchéim aeráide, agus dul in oiriúint ar thionchair an athraithe aeráide.

Cruthaitheacht in Aois níos Sine agus an ghéarchéim COVID-19

Mar fhreagairt ar an iargúltacht atá ann de thoradh dhianghlasála na paindéime in 2020, bhí an aidhm againn gur cheart rochtain a bheith ag daoine ar thaithí chruthaitheacha go fóill – go háirithe baill dár bpobail atá níos sine agus níos leochailí.

D’oibrigh an Clár Éire Ildánach leis An Meaisín Soghluaiste Ceoil – chun aoibhneas agus fuinneamh an cheoil bheo a thabhairt go dtí tithe cúraim cónaithe, ospidéil agus suíomhanna meabhairshláinte timpeall na tíre.

Agus iad ag taisteal gan stad ó thús deireadh 2020 agus 2021, chuir an Meaisín Soghluaiste Ceoil 1,650+ ceolchoirm ar fáil ag os cionn 100 ealaíontóir cáiliúil trasna 23 tír. Tháinig an tionscadal suáilceach seo, a cheap an dordveidhleadóir Gerald Peregrine, chun críche i gceolchoirm cheiliúrtha ag an gCeoláras Náisiúnta i mí an Mheithimh 2022.

Faoi cheannaireacht an stiúrthóra David Brophy agus le ceolfhoireann a raibh 45 duine ann, bhí páirt ag Cóir na n-Oibrithe Túslíne agus cóir idirghlúine Aoisbhá Éireann sa cheolchoirm.

Agus leathnaíonn ár n-obair maidir le sláinte agus folláine ár saoránach i bhfad i gcéin ar an bpaindéim. Bhronnamar €560,000 ar thionscadail chruthaitheacha níos luaithe i mbliana a bhí bunaithe ar shaolta daoine níos sine. Bhí cruthú sobalchlár raidió in Iarthar Chorcaí i gceist le roinnt de na tionscadail seo, chomh maith le scileanna déanamh iallacha a fhorbairt i mBotháin na bhFear i gCeatharlach, gairdín poiblí a chruthú i mBaile Átha Cliath Theas agus ag obair le ceamaraí analógacha i gCorcaigh.

Cruthaitheacht ar scoil agus sa phobal

Tá Scoileanna Ildánacha, ceann dár dtionscadail is luaithe, tagtha faoi bhláth bliain in aghaidh bliana ó bunaíodh é in 2018. Tacaíonn an tionscadal, a bhfuil an Chomhairle Ealaíon ina bhun, le scoileanna/ionaid chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur ag croílár shaolta na ndaoine a fhreastalaíonn ar scoil.

Ag cur deiseanna ar fáil do leanaí agus daoine óga chun a gcuid scileanna ealaíonta agus cruthaitheachta a fhorbairt – chun teagmháil a dhéanamh lena samhlaíocht, chun comhoibriú léi agus í a spreagadh, chomh maith le leas a bhaint as a bhfiosracht – tá páirt glactha ag 650+ scoil go dtí seo agus ballraíocht glactha ag 186 scoil eile in 2022.

Ó bhunscoileanna móra agus iar-bhunscoileanna i mórchathracha, go scoileanna faoi leith agus ceantair Ógtheagmhála, agus scoileanna níos lú fiú ar oileáin ar nós Inis Bó Finne, Acaill, Inis Oírr agus Inis Meáin – léiríonn an réimse scoileanna atá i gceist go maireann an chruthaitheacht i ngach áit.

Ar ndóigh bíonn ár bPobail Chruthaitheacha i gcónaí ag obair go dian chun a gcumas cruthaitheachta a uasmhéadú agus rannpháirtíocht ghníomhach sna bailte, sna sráidbhailte agus sna cathracha a spreagadh ar fud na tíre.

Tá gach ceann de na 31 údarás áitiúil ag comhlíonadh na Straitéise Cultúrtha agus Cruthaitheachta go gnóthach, straitéis a cheap siad cúig bliana ó shin le cabhair ealaíontóirí áitiúla, lucht na n-ealaíon, eagraíochtaí cultúrtha agus oidhreachta agus grúpaí pobail ar fud na tíre. Cruthaíodh na húdaráis seo chun go n-oibreoidh daoine le chéile chun a bpobail, a saolta agus a dtimpeallacht a chlaochlú trí chruthaitheacht.

Is sampla amháin é den obair iontach atá ar siúl acu ná borradh na dtionscadal ealaíne sráide fíorálainne ar fud na tíre. Tá tacaíocht tugtha ag Éire Ildánach ar roinnt tionscadail ealaíne sráide de chuid na n-údaráis áitiúil ó ealaíontóirí graifítí mór le rá ar nós Aches, Tionscadal na mBallaí agus SEEK Ealaíon Dún Dealgan. Is léir áilleacht an mhargaidh chruthaitheachta seo i gCorcaigh trí Thionscadal Ealaíne Sráide Ardú, agus tá sé soiléir sna mionsonraí freisin agus 100 bosca leictreach na Gaillimhe maisithe ag ealaíontóirí áitiúla.

Cuimhnigh gur féidir leat fanacht suas chun dáta i gcónaí leis an nuacht is déanaí i do chontae trí chuairt a thabhairt ar an rannán Pobail Chruthaitheacha dár suíomh gréasáin.

Cad é an chéad chéim eile?

Tá béim curtha ag an Rialtas ar thábhacht ról an chultúir agus na cruthaitheachta thar mhórán beartas, trí obair Éire Ildánach ó 2017.

Tá an Clár Éire Ildánach chun tosaigh ó thaobh forbairt beartais de trí chomhdhálacha tacaíochta, áit a gcuireadh smaointí nua i láthair timpeall Óige Ildánach, Cruthaitheacht agus Sláinte agus Folláine, agus Dearadh sa Rialtas le cabhair deonacháin shárluachmhar ó shaineolaithe idirnáisiúnta agus náisiúnta araon.

Déanfar cinnte sna cúig bliana atá romhainn go leanfaimid ár n-obair ag baint feidhm as cumhacht na cruthaitheachta chun tacú le folláine a shíneann ar fud an phobail.

Cé go bhfuil ár dtosaíochtaí i leith leanaí, daoine óga agus ár bpobail chomh daingean agus a bhí riamh, díreoimid níos doimhne ar an tsláinte agus ar an bhfolláine, ár n-earnálacha cruthaitheacha, gníomhú aeráide, agus inbhuanaitheacht shóisialta. Tá súil againn go dtabharfaidh na tosaíochtaí athnuaite seo deiseanna don rannpháirtíocht chruthaitheach le saoránaigh nach gcloistear ró-mhinic agus atá faoi riosca a bheith faoi mhíbhuntáiste.

Síneann Rialtas na hÉireann Clár Éire Chruthaitheach 5 Bliana Eile

Open Video

Seo chugainn an chéad chúig bliana eile, seo é ár sláinte, táimid ar bís le féachaint cá háit a dtabharfaidh cruthaitheacht fhlúirseach na tíre seo muid.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×