Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Cruthaitheacht an Duine Críonna

Scroll
min read

Cruthaitheacht an Duine Críonna

min read

20/10/20

Cruthaitheacht an Duine Críonna

“Is uafásach an cur isteach atá ag an bpaindéim ar shaoránaigh aosta na tíre seo.  Ní mór dóibh, le theacht slán, iad féin a choinneáil amach óna ndaoine muinteartha agus óna gcuid cairde agus briseadh dá bharr sin an ceangal sóisialta a chothaíonn sonas, muinín agus an tsláinte meabhrach dóibh.  Tuigtear don Roinn go bhféadann leas a bheith le cláir ealaíne agus cruthaitheachta maidir leis an gceangal sóisialta a séanadh orthu a nascadh in athuair.” An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D.

I mí Iúil 2020, sheol an tAire Catherine Martin T.D Críonna Ildánach ciste leathanréimseach de chuid Éire Ildánach a leagadh amach go speisialta chun cur in aghaidh thorthaí sóisialta na paindéime. Tráth a mbraithfeadh daoine aosta go bhfuil siad scoite ó dhaoine eile is ábhar áthais dúinn treisiú le tionscnaimh éagsúla cruthaitheachta a thabharfaidh faoiseamh ón gcúlráid, a chothóidh sonas, spraoi agus seasamh le chéile.

Ag obair as lámha a chéile d’Éire Ildánach le páirtnéirí náisiúnta agus le páirtnéirí sna húdaráis áitiúla, cuireadh tionscadail nua cruthaitheachta ar bun a bhfuil féith na samhlaíochta ag rith leo agus iad ag freastal go nádúrtha ar riachtanais na ndaoine aosta.  An tráth a mbraitear srianta agus teorainneacha sa saol, cuidíonn an chruthaitheacht le saoirse intinne a chothú.

Stay up to date

×