Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Fógraíonn Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide Chromghlinne 6 phríomhthionscadal

Scroll
min read

Fógraíonn Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide Chromghlinne 6 phríomhthionscadal

min read

29/09/22

Fógraíonn Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide Chromghlinne 6 phríomhthionscadal

Ar an 31 Lúnasa i dTeach an Ardmhéara, d'fhógair Gníomh Cruthaitheach ar son na hAeráide Chromhghlinne sé phríomhthionscadal agus súil acu go n-athróidh siad an bealach a smaoiníonn muintir Chromghlinne ar a dtimpeallacht agus na hathruithe a chaithfimid ar fad a dhéanamh chun todhchaí níos inbhuanaithe a chinntiú.

Tionscadal Kingfisher i gCuibhreann Pháirc na Blarnan ag cur athrú ó bhonn ar an ‘talamh uirbeach gan saothrú’ atá ar bhruacha an Phoitéil i gCamaigh, le go mbeidh sé ina acmhainn phobail don oideachas, don eolas, don rannpháirtíocht agus don fhorbairt shóisialta.

An geimhreadh seo bainfidh lucht Kingfisher úsáid as cumhacht na gréine agus cumhacht na gaoithe chun plandaí a phéacadh. Roinnfear iad ansin ar scoileanna agus ar an bpobal agus cuirfear ag fás iad le tacaíocht ó fhoireann Kingfisher.

Tionscadal Kingfisher

Chomh maith leis sin cruthóidh siad liosta den flóra agus fána atá ar fáil go háitiúil  agus é mar aidhm leis gach planda, feithid agus ainmhí in éiceachóras Thionscadal Kingfisher a ghabháil agus cur síos a dhéanamh air. Ina dhiaidh sin úsáidfear é seo chun monatóireacht a dhéanamh ar shláinte na bithéagsúlachta sa cheantar, chomh maith le go mbeidh sé ina acmhainn teagaisc do scoileanna agus do ghrúpaí a thugann cuairt ar an tionscadal. Is múrphictiúr sealadach ar mhórscála é The Weight, a mbeidh radharc uaidh ar Bhóthar Chromghlinne agus ar an gCanáil Mhór. Is comhoibriú é idir na healaíontóirí Sarah Bracken Soper agus Holly Pereira agus na cónaitheoirí áitiúla agus cuirfear an imní atá orthu faoin athrú aeráide san áireamh sa mhúrmhaisiú, a bheidh críochnaithe ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Is mol nua sealadach le haghaidh athúsáid éadaí sa cheantar é Change Clothes, Cromghlinn. Reáchtálfaidh siad trí imeacht le linn Athúsáid Dheireadh Fómhair ina mbeidh ceardlanna ar rudaí a dheisiú agus a uaschúrsáil, áiseanna chun éadaí a bhabhtáil agus taispeántas a ardóidh feasacht faoin tionchar a bhíonn ag tionscal an fhaisin. Chun tuilleadh eolais a fháil lean @clothescrumlin.

Change Clothes Cromghlinn

Sábhálann an áis ReCreate Ireland i mBaile an Mhóta an-chuid ábhair ó bheith curtha chuig na láithreáin líonadh talún gach bliain. Spreagann an polasaí ‘athúsáid chruthaitheach’ atá acu an pobal le hábhar a athúsáid ar go leor bealaí cruthaitheacha agus samhlaíocha, rud a thugann saol nua dóibh. Tá dhá thionscadal spreagúla acu a thugann an acmhainneacht iontach a bhaineann leis an ‘athúsáid chruthaitheach’ chun beatha laistigh de phobal Chromghlinne.

Tob-spás le haghaidh imeachtaí amuigh faoin aer a bhaineann athúsáid as ábhar ar bhealach cruthaitheach is ea CuriousB agus úsáidtear é don fhoghlaim fhiosrach, don taiscéalaíocht chruthaitheach agus don súgradh. Tógadh é beagnach go hiomlán as ábhar athúsáidte – léiríonn sé na rudaí ar fad is féidir a chruthú má bhímid cruthaitheach.

Is clár rannpháirtíochta cruthaitheach le haghaidh suíomhanna Montessori agus luathbhlianta, a mhaireann 12 mhí, é WonderMaker. Múineann sé prionsabail inbhuanaitheachta dóibh le comhtháthú ina gcuraclam, cuireann sé an smaoineamh atá taobh thiar den súgradh glas i láthair chomh maith le gníomhaíochtaí a bhaineann le rudaí a chur le chéile/a bhaint ó chéile. Spreagann sé iad freisin le bheith ag obair i dtreo suíomhanna atá saor ó ábhar plaisteach a bheith acu (gan aon bhréagáin phlaisteacha), cuirtear comhairle orthu maidir leis an gcaoi le háiteanna súgartha uaschúrsáilte dá gcuid féin a thógáil ag baint úsáide as ábhar athúsáide, chomh maith le clár de sheisiúin ceardlainne bunaithe ar an dúlra a reáchtáil dá bhfoireann.

Is It All On You?

Is tionscadal ilmheán é Is It All On You? ina bhfuil scannáin faisnéise, imeachtaí agus feachtais ar na meáin shóisialta a chruthaigh Beta Bajgart agus Olga Tiernan.

I dtaca leis an smaoineamh atá taobh thiar de athrú a chur ar iompraíocht chun gníomhú ar son na haeráide, glactar leis go bhfuil na roghanna atá ar fáil dúinn chun an t-athrú seo a chur i gcrích éasca, gur furasta teacht orthu agus nach bhfuil ann ach go roghnaíonn daoine a mhalairt a dhéanamh. Ach ní mar sin atá i gcás roinnt mhaith daoine agus déanfar iniúchadh air seo i ngach gné den chlár.

Faigh thuilleadh eolais: Creative Climate Action Crumlin

Stay up to date

×