Skip to main content

Náisiún
Ildánach

€600,000 bronnta ar thionscadail chruthaitheacha do dhaoine aosta ar fud na tíre

Scroll
2 min read

€600,000 bronnta ar thionscadail chruthaitheacha do dhaoine aosta ar fud na tíre

2 min read

28/06/23

€600,000 bronnta ar thionscadail chruthaitheacha do dhaoine aosta ar fud na tíre

Cuirfidh Clár Éire Ildánach na tionscadail i bhfeidhm i mbliana trína chomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla.

I measc bhuaicphointí na dtionscadal a fuair maoiniú tá:

  • Oibreoidh Seideanna na bhFear agus Cumainn Ghníomhaíochta Lucht Scoir i gCeatharlach le healaíontóir chun suirbhé a dhéanamh ar na toibreacha beannaithe ar fad atá sa chontae. In éineacht leis an tionscadal seo, beidh clár faisnéise á léiriú ag scannánóir a thabharfaidh léargas ar an tábhacht atá leis na láithreáin stairiúla seo do mhuintir an chontae.
  • Sa Chabhán, cruthóidh baill de Chomhairle Daoine Scothaosta an Chabháin píosa nua drámaíochta agus iad ag obair le cleachtóirí amharclannaíochta a bhfuil taithí acu.
  • Oibreoidh foireann Aoisbhá an Chláir agus foireann An Clár Sláintiúil de chuid Chomhairle Contae an Chláir i bpáirt le Cuimhneamh an Chláir, Feirmeoirí Aontaithe Éireann agus Oifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc chun ceardlanna cruthaitheacha a óstáil i gcúig Mharglann Feirmeora ar fud an chontae.
  • Leanfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin leis an obair  thábhachtach atá ar bun acu sa réimse uileghabhálacht Néaltrú Cruthaitheach ag cur oiliúint ar chleachtóirí ealaíon a bhíonn ag obair san earnáil seo chomh maith le ceardlanna ar ardú feasachta a eagrú i gcomhpháirtíocht leis an Global Brain Health Institute. Beidh sraith de sheisiúin duine le duine ar an gcruthaitheacht agus ar an ealaíon á reáchtáil acu freisin le haghaidh daoine a bhfuil néaltrú orthu agus/nó a gcúramóirí le chéile ina dtithe féin. Tabharfar an clár chun críche le saothar ilchéadfach bunaithe ar na healaíona do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu in dhá shuíomh cúraim chónaithe.
  • I rith an tsamhraidh, déanfar ealaíontóirí a choimisiúnú chun oibriú le sé Aonad Cúram Sláinte Cónaithe trasteorann sna húdaráis áitiúla i gCo. Dhún na nGall agus i gCathair Dhoire agus i gComhairle Ceantair an tSratha Báin agus beidh píosa ealaíne nó ceardaíochta críochnaithe mar thoradh air seo.
  • Reáchtálfaidh Comhairle Contae Fhine Gall Féile Cheoil agus Ealaíon ón Seansaol do dhaoine aosta i suíomh álainn Chaisleán Shoird a bhfuil athchóiriú déanta air.  
  • Mar chuid den tionscadal “Cupán Ceoil Tea Dances’’ i nGaillimh beidh gnéithe de thurais shóisialta, ceol, damhsa, ceardaíocht agus bia á nascadh le chéile ar mhaithe le dea-mheabhairshláinte agus nasc sóisialta a chur chun cinn i measc daoine breacaosta, go háirithe iad siúd atá scoite amach.
  • Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe tús le “The Rhythm of Life/ Rithim an tSaoil”, clár drumadóireachta 10 seachtaine do dhaoine aosta le Drumadore. Eagróidh siad sraith de shuiteálacha ealaíne múrmhaisithe freisin agus beidh siad seo á gcur ar fáil ag an ealaíontóir Mo Robinson. 
  • I Maigh Eo roghnóidh Art for Older People at Home Hearth 2023 triúr ealaíontóirí le bheith ag obair leis na rannpháirtithe uair sa tseachtain ina dtithe féin in Acaill, i mBaile an Róba agus i gCaisleán an Bharraigh. Gheobhaidh gach duine de na rannpháirtithe sraith d’ábhar ealaíne a chuirfidh ar an gcumas a dtionscadail chruthaitheacha féin a fhorbairt.
  • Fostóidh Comhairle Contae Ros Comáin coimeádaí chun cúig imeacht taibhealaíon, a reachtálfar i rith an lae agus ina mbeidh ealaíontóirí áitiúla páirteach, a leagan amach le haghaidh Ionad Ealaíon Ros Comáin, Teach an Rí i Mainistir na Búille, Ionad Dhubhghlas de hÍde i nDún Gar, Ionad Ealaíon na Tríonóide sa Chaisleán Riabhach agus Teach agus Músaem an Ghorta Mhóir i bPáirc Bhéal na mBuillí.
  • Reáchtálfaidh Comhairle Contae Shligigh ceardlanna do dhaoine aosta a oibreoidh i dtreo saothair ealaíne bhunaidh a chruthú bunaithe ar an téama ‘Áitiúil’ agus taispeánfar iad go léir ag an taispeántas a bheidh ar siúl ag deireadh an tionscadail i Halla na Cathrach.

Tacóidh an clár de chuid Éire Ildánach, An Chruthaitheacht agus Daoine Scothaosta le clár cuimsitheach de thaibhithe ceoil beo a eagrú i suíomhanna cúraim sláinte i gCeatharlach, Corcaigh, Dún na nGall, Fine Gall, Gaillimh, Baile Átha Cliath, Luimneach, an Clár, Tiobraid Árann, An Longfort, Lú, na Mí, Muineachán, an Cabhán, Uíbh Fhailí, Baile Átha Cliath Theas, Port Láirge, an Iarmhí agus i gComhairle Contae Phort Láirge.

Faigh tuilleadh eolais faoi thionscadail An Chruthaitheacht agus Daoine Scothaosta agus faoi tionscadail Sláinte & Folláine Éire Ildánach i gcoitinne, anseo.

Stay up to date

×