Skip to main content
Barnstorm Production of 'Alice in Wonderland'

Náisiún
Ildánach

Ag bualadh lenár gComhghleacaithe Cruthaitheacha: Anna Galligan

Scroll
3 min read

Ag bualadh lenár gComhghleacaithe Cruthaitheacha: Anna Galligan

3 min read

29/01/20

Ag bualadh lenár gComhghleacaithe Cruthaitheacha: Anna Galligan

Gné lárnach de thionscnamh píolótach na Scoileanna Ildánacha, atá á rolladh amach faoi láthair chuig 300 scoil ar fud na tíre, is ea na foirne Comhghleacaithe Cruthaitheacha atá i gcroílár gach timpeallachta scoile, agus é de chúram orthu cuidiú le plean cruthaitheachta saincheaptha a fhorbairt do gach scoil.

Tá taithí ag gach Comhghleacaí Cruthaitheach i gcleachtas ealaíon nó ar a bheith ag múineadh daoine óga agus oibreoidh sé go dlúth le gach scoil chun an chruthaitheacht a fhorbairt in a oiread gnéithe agus is féidir de shaol scoile laethúil na ndaltaí.

Ar dhuine de na Comhghleacaithe Cruthaitheacha i réigiún an Oirdheiscirt tá Anna Galligan, atá ag obair mar dhéantóir amharclannaíochta gairmiúil le breis agus tríocha bliain. Tá sí ag tabhairt a saineolas agus a paisean chuig Scoileanna Cruthaitheacha ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach anois agus cur chuige láidir instinneach aici ó thaobh daoine óga a spreagadh; “Is bealach smaointeoireachta í an chruthaitheacht. Ciallaíonn sé a bheith ag déileáil le an rud anaithnid ní ar bhealach faiteach ach go diongbháilte agus go samhlaíocht. Ciallaíonn sé a chreidiúint gur féidir le rud éigin nach raibh ann fós a bheith ann. Baineann sé le ceisteanna a chur faoin status quo ní hamháin nuair a bhíonn athrú riachtanach ach ar son é a cheistiú. Ciallaíonn sé a bheith ag imirt le smaointe, leis an saol mórthimpeall ort, le daoine eile, féachaint cad a tharlóidh. D’fhéadfadh sé a bheith éadrom agus d’fhéadfadh sé a bheith tromchúiseach. Níl teorainn leis na bealaí ar féidir úsáid a bhaint as sa saol.”

Above: Barnstorm Production of 'Alice in Wonderland'

Díríonn saothar Anna ar fhorbairt ealaíonta na ndaoine óga agus úsáid á bhaint aici as an drámaíocht mar mhodheolaíocht, obair a bhíonn ar bun aici go leanúnach ó lá go lá ina ról mar Oifigeach For-rochtana le Barnstorm Theatre Company i gCill Chainnigh. D’iarr muid uirthi cur síos a dhéanamh ar a ról mar Comhghleacaithe  Cruthaitheach? Is é an ról atá agam ná spreagadh agus dúshlán a thabhairt, a bheith ag ceistiú agus cabhrú leis an scoil a fís a bhaint amach ó thaobh na n-ealaíon agus na cruthaitheachta de. Is é an chéad rud a dhéanaim ná aithne a chur ar mo scoileanna. Ar dtús déanaim é seo trí thaighde agus trí chuairt a thabhairt ar Chomhordaitheoir na Scoileanna Cruthaitheacha agus bualadh leo. Labhraímid faoin gcúis go raibh an scoil ag iarraidh a bheith páirteach i gclár na Scoileanna Cruthaitheacha, cén ról atá agamsa, agus aon cheisteanna a fhreagairt nó aon mhíthuiscintí a shoiléiriú.

Ciallaíonn an “cur chuige modhúil agus pragmatach” seo ó thaobh fís fhadtéarmach a mhúnlú, go dtugtar creat láidir do gach scoil chun oibriú as fiú nuair a imeoidh an  Comhghleacaí Cruthaitheach, agus tugann sí deis d’Anna bealaí a bhféadfadh an scoil “comhairliúchán fiúntach a bheith aici leis na páistí” a roinnt, chomh maith le scoileanna a nascadh le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ar mhaithe le comhoibríú.

Nuair a ceistíodh í faoi na buntáistí a bhaineann lena ról nua mar Comhghleacaí Cruthaitheach, is léir gur rud dearfach atá ann don dá thaobh; “An rud is mó a chuir sceitimíní orm ná a dhíograsaí agus a thoilteanaí a bhí na scoileanna ar fad a ndeachaigh mé i dteagmháil leo, breathnú ar na cleachtais atá acu faoi láthair agus chomh hoscailte agus a bhí siad mar a bhain le rudaí nua a thriail. Bíonn taithí iontach agam freisin sna ceardlanna áit a bhfuilimid ag fáil tuairimí na ndaltaí maidir leis an gcruthaitheacht, an úsáid a bhaineann a gcuid scoileanna as an gcruthaitheacht agus na cineálacha gníomhaíochtaí cruthaitheacha nua ar mhaith leo tabhairt fúthu. Tá sé ráite ag múinteoirí gur oscailt súl a bhí ann a dtuairimí a chloisteáil, go bhfuil meas acu ar na modhanna atá in úsáid agus go bhfuil siad ag súil go mór le húsáid a bhaint astu iad féin.”

Above: Barnstorm Theatre's production of The House of Oedipus

Ag cur san áireamh taithí Anna ag obair mar chuid d’fhoireann Barnstorm Theatre Company le roinnt mhaith blianta, b’fhéidir nach gcuirfeadh sé iontas ar dhuine a thábhachtaí a fheictear di an t-amharclannaíocht a bheith mar léiriú ar an gcruthaitheach i gcás daoine óga! “Tá sé casta, éilíonn sé cruthaitheacht i ngach réimse; an teagasc, an t-éascú, an stiúradh, an dearadh. Faigheann tú an deis saol iomlán a chruthú in éineacht le daoine eile. Tugann sé dúshlán dom agus spreagann sé mé. Bím diongbháilte dá bharr.Tugann sé seans dom a bheith ag imirt le mo shamhlaíocht. Éilíonn sé eolas agus scileanna uaim. Cuireann sé oiliúint orm mar a bhaineann le muinín a chur i mo instinn. Ligeann sé dom a bheith de shíor ag foghlaim. Tá sé mar a bheadh sraith d’fhadhbanna ann a bhfuil réiteach le fáil orthu. Nuair a dhéantar fís a fhorbairt nó gur rud réadúil atá ann i bhfoirm léiriúcháin, caithfidh go bhfuil sé ar cheann de na rudaí is spreagúla dá bhféadfadh duine a bheith ag plé leis.”

Nuair a fiafraíodh di cén chaoi, dar léi, a bhféadfaí níos mó tacaíochta a thabhairt do na cleachtóirí cruthaitheacha in Éirinn, dúirt Anna go bhfuil imní uirthi faoin gcaoi a bhfeictear “an chruthaitheacht mar rud atá taobh amuigh den’ fhíorobair’’. ” Ba mhaith léi, a deir sí, go bhfeicfí é ‘mar ghnáthbhealach le bheith ag smaointeoireachta agus ag dul i ngleic le rudaí. Ba mhaith liom go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta ó thaobh oiliúna agus deiseanna fostaíochta do chleachtóirí cruthaitheacha a oibríonn le daoine.

Tá scil ar leith ag baint leis an éascú agus uaireanta ní aithnítear é sin. Ba mhaith liom a chur ar chumas daoine eile a saol féin agus na saolta mórthimpeall orthu a iniúchadh, a chur in iúl, a cheistiú agus a cheiliúradh.”

Above: Barnstorm Theatre's production of Alice in Wonderland

An paisean agus an sásamh a fhaigheann Anna as a bheith ag cuidiú le daoine óga a gcruthaitheacht a aimsiú is rud tógálach é agus fágann sí muid leis an ngliondar cinniúnach a thugann an ról di, “an luach breise a thagann ó thuras an duine óig a leanúint agus iad ag dul tríd an bpróiseas; a n-úinéireacht air, a bhforbairt ealaíonta, shóisialta agus phearsanta. Nuair a thugann tú faoi deara go bhfuil siad ag forbairt a gcuid scileanna, ag cothú cairdis. Chomh maith leis sin, nuair a fheiceann tú go bhfuil feabhas ag teacht ar a dteacht aniar, ar a gcumas dul i ngleic le rudaí agus teacht chucu féin nuair a dhéanann siad botúin, nuair a fheiceann tú go bhfuil siad ag aithint agus ag ceiliúradh a láidreachtaí agus ag glacadh lena laigí, an tacaíocht a thugann siad do dhaoine eile. D’fhéadfainn coinneáil orm … agus orm…’’

Faigh tuilleadh eolais faoi na Deiseanna a bhaineann leis an gComhghleacaí Cruthaitheach anseo.

Stay up to date

×