Skip to main content
Barnstorm Production of 'Alice in Wonderland'

Náisiún
Ildánach

Na Comhaltaí Cruthaitheachta: Anna Galligan

Scroll
3 min read

Na Comhaltaí Cruthaitheachta: Anna Galligan

3 min read

14/11/20

Na Comhaltaí Cruthaitheachta: Anna Galligan

Is dlúthchuid den tionscnamh píolótach maidir le Scoileanna Ildánacha, atá á thabhairt i bhfeidhm faoi láthair i 300 scoil ar fud na tire, na Comhaltaí Cruthaitheachta atá croílárnach maidir leis an tionscnamh i ngach ceann de na scoileanna. Leagtar de chúram orthusan cuidiú le plean cruthaitheachta saincheaptha a leagan amach do gach scoil faoi leith.

Tá cleachtadh agus taithí ag gach Comhalta Cruthaitheachta ar shaol na healaíne nó ar dhaoine óga a theagasc agus oibríonn siad go dlúth le gach ceann de na scoileanna d’fhonn saothrú na cruthaitheachta a chothú i ndáil le hoiread gnéithe agus is féidir den scolaíocht ag na daltaí lá i ndiaidh an lae.

Duine de na Comhaltaí Cruthaitheachta seo i réigiún an Oirdheiscirt í Anna Galligan, a bhfuil taithí níos mó ná tríocha bliain aici ar an amharclannaíocht. Tá tairbhe anois as a cuid saineolais agus a cuid díograise ag Scoileanna Ildánacha ar fud Chill Chainnigh agus Cheatharlach. Tá cur chuige nádúrtha aici maidir le daoine óga a spreagadh: “Modh smaointeoireachta atá sa chruthaitheacht. Pléitear leis an ní-nach-eol le teann díocais agus samhlaíochta seachas le faitíos ná eagla. Bítear cinnte go bhféadfadh an rud nach raibh ann go fóill a bheith i ndán fós. Ní amháin nuair a bhíonn gá le hathrú nach mbítear taobh leis an status quo, bíonn fonn athrú mar gheall gur féidir. Bíonn spraoi le smaointe, leis an saol inár dtimpeall, leis an gcomhluadar, go bhfeictear cad a d’fhéadfadh titim amach. Bíonn trom i gceist, bíonn éadrom. Níl srian ná teorainn lenar féidir a thabhairt i gcrích.”

Above: Barnstorm Production of 'Alice in Wonderland'

Bíonn obair Anna dírithe ar fhorbairt na healaíne i ndaoine óga agus an drámaíocht in úsáid aici mar ábhar oibre, obair a dhéanann sí freisin mar chuid den ghnáthlá oibre ina hOifigeach Comhchaidrimh le compántas amharclannaíochta Barnstorm i gCill Chainnigh. Iarradh uirthi cur síos ar an ról atá aici ina Comhalta Cruthaitheachta di: “Tá de chúram ormsa daoine a spreagadh, a ndúshlán a thabhairt, ceisteanna a chur agus cuidiú leis an scoil an aisling maidir le réimse na healaín agus na cruthaitheachta a thabhairt i gcrích. Tús na hoibre eolas a chur ar na scoileanna a mbeidh mé ag obair leo. Tosaím air sin le taighde de mo chuid féin agus le cuairteanna agus cruinnithe leis an gComhordaitheoir Scoileanna Ildánacha. Pléitear na fáthanna a bhí ag an scoil le páirt a ghlacadh sa chlár Scoileanna Ildánacha agus mo rólsa i ndáil leis an scoil agus freagraítear ceisteanna ar bith atá ag an scoil agus tugtar soiléiriú maidir le haon réimse míthuisceana.”

Fágann cur chuige pragmatach an chórais go gcruthaítear aisling fhadtéarmach agus creat daingean oibre i ngach scoil ar féidir oibriú ina leith fiú tar éis don Chomhalta Cruthaitheachta an scoil a fhágáil agus gur féidir le Anna modhanna a chur i láthair inar féidir leis an scoil “dul i gcomhairle leis na leanaí ar bhealach dáiríre” chomh maith leis na scoileanna a chur i gcaidreamh le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ar mhaithe le hobair i gcomhar.

Ar a fhiafraí di faoin tairbhe atá leis an ról nua ina Comhalta Cruthaitheachta, is léir go mbíonn tairbhe ag an dá thaobh; “An ní is mó a chuireann ríméad orm an fonn atá ar na scoileanna ar fad a raibh baint agam leo an gnás agus an nós oibre atá á leanúint acu faoi láthair a scrúdú agus chomh toilteanach agus atá siad triail a bhaint as rudaí nua. Bhain mé sásamh iontach freisin as na ceardlanna ina mbíonn tuairimí na ndaltaí ar an gcruthaitheacht á gcíoradh, an úsáid a bhaineann an scoil as an gcruthaitheacht agus cineálacha nua bearta cruthaitheachta ba mhaith leo a thriail. Deir múinteoirí gur oscailt súl dóibh na tuairimí seo a chloisteáil, gur maith leo na modhanna a tapaíodh agus go bhfuil siad ag tnúth leis na modhanna sin a úsáid iad féin.”

Above: Barnstorm Theatre's production of The House of Oedipus

I bhfianaise a bhfuil de chleachtadh ag Anna ar oibriú le compántas amharclannaíochta Barnstorm le blianta anuas, is dócha nach aon iontas go bhfuil oiread measa aici ar an amharclannaíocht mar mhodh inar féidir le daoine óga an chruthaitheacht a chur in iúl. “Tá sé casta, éilítear cruthaitheacht maidir le gach gné agus gach réimse de; múinteoireacht, áisitheoireacht, stiúrthóireacht, dearthóireacht. Bíonn deis saol nua a chruthú le daoine eile. Bíonn spreagadh agam as agus tugtar mo dhúshlán ina bhun. Cothaítear díocas ionam. Tugtar scóip don tsamhlaíocht. Éilítear eolas agus scil. Cothaítear muinín as mo chuid tuisceana féin. Bíonn deis agam a bheith seasta síoraí ag foghlaim. Bíonn mar a bheadh sraith fadhbanna le scaoileadh i ndiaidh a chéile. Chaithfeadh sé go bhfuil réamhcheap a thabhairt chun cinn go dtí go léirítear é ar cheann de na nithe is spéisiúla le bheith páirteach ann.”

Fiafraíodh de Anna cén cúnamh is dóigh léi is féidir a thabhairt do dhaoine a chleachtann an chruthaitheacht in Éirinn agus luaigh sí ina freagra gur ábhar imní di go “meastar nach dtagann an chruthaitheacht san áireamh le hobair ‘dáiríre’.” Áitíonn sise “gurbh fhearr dá measfaí gur gnáthmhodh smaointeoireachta agus oibre atá ann. Ba mhaith liom cúnamh níos mó maidir le deiseanna oiliúna agus fostaíochta a fheiceáil á thabhairt don lucht cruthaitheachta a oibríonn le daoine.

Is scil faoi leith an áisitheoireacht agus ní i gcónaí a admhaítear sin. Ba mhaith liom cuidiú le daoine eile an saol sin acu féin agus saolta eile ina dtimpeall a scrúdú, a chur in iúl, a fhiosrú agus a cheiliúradh.”

Above: Barnstorm Theatre's production of Alice in Wonderland

Tá an díograis a chaitheann Anna ag cuidiú leis na daoine óga agus an spraoi a bhaineann sí as sin a dhéanamh tógálach agus luann sí féin an sásamh iontach a thugann an ról seo di: “an fiúntas breise atá as duine óg a fheiceáil ag baint tairbhe as an bpróiseas; an t-údarás, an mianach ealaíne, sóisialta agus pearsanta á thabhairt chun cinn iontu, na scileanna a fheiceáil á bhforbairt, cairdeas a fheiceáil á chothú. Agus chomh maith leis sin an t-iarann aigne ag teacht chun cinn iontu, an cumas stró agus dua a sheasamh, tosú arís nuair a théitear amú, iad a fheiceáil ag tuiscint a gcuid buanna féin agus réimsí laige féin, ag ceiliúradh na mbuanna agus ag glacadh leis na réimsí laige, agus iad ag seasamh le chéile. D’fhéadfainn coinneáil orm go maidin…”

Tuilleadh eolais faoi dheiseanna do Chomhaltaí Cruthaitheachta anseo.

Stay up to date

×