Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Clár Éire Ildánach chun tacú le níos mó deiseanna i dTeicneolaíocht Chruthaitheach agus Réiteach Fadhbanna Cruthaitheach do pháistí agus daoine óga in 2023

Scroll
min read

Clár Éire Ildánach chun tacú le níos mó deiseanna i dTeicneolaíocht Chruthaitheach agus Réiteach Fadhbanna Cruthaitheach do pháistí agus daoine óga in 2023

min read

3/07/23

Clár Éire Ildánach chun tacú le níos mó deiseanna i dTeicneolaíocht Chruthaitheach agus Réiteach Fadhbanna Cruthaitheach do pháistí agus daoine óga in 2023

Agus béím níos mó á cur ar chothromas, éagsúlacht agus ionchuimsiú leis an Phlean Óige Ildánach, déanfar leathnú níos mó ar Chlár an Smaoinimh Mhóir i suíomhanna áirithe.

Leis an Smaoineamh Mhór, téitear i gcomhar le daltaí idirbhliana chun dul i ngleic le ceisteanna trí réiteach fadhbanna cruthaitheach agus smaointeoireacht deartha. Le treoir ó mheantóirí tionscail éagsúla, tá deis ag daoine óga réiteach a fhorbairt ar fhíorcheisteanna a imríonn tionchar orthu cosúil le hathrú aeráide, éagsúlacht agus ionchuimsiú, daoine díláithrithe, bochtaineacht cheilte, agus meabharshláinte.

I rith 2023, leathnófar an Smaoineamh Mór isteach níos faide in ionaid Youthreach agus forbrófar é don Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCA).

Féachfar leis an Smaoineamh Mór ar dheiseanna chun taithí trasteorann a fhorbairt agus béim ar cheangail agus líonraí oideachais a bhunú agus a thógáil i dTuaisceart Éireann.

Chun níos mó a léamh faoin Smaoineamh Mór, is féidir a dTuarascáil Tionchair 2021-2022 a léamh anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×