Skip to main content

Náisiún
Ildánach

€560,000 do 16 thionscadal Cruthaitheachta do Dhaoine Níos Sine a chuirfidh údaráis áitiúla ar fáil

Scroll
4 min read

€560,000 do 16 thionscadal Cruthaitheachta do Dhaoine Níos Sine a chuirfidh údaráis áitiúla ar fáil

4 min read

28/03/22

€560,000 do 16 thionscadal Cruthaitheachta do Dhaoine Níos Sine a chuirfidh údaráis áitiúla ar fáil

Inniu bhronn an Clár Éire Ildánach €560,000 ar thionscadail chruthaitheacha a dhéanfaidh sláinte agus folláine daoine níos sine in Éirinn a fheabhsú agus iad ag teacht as an bpaindéim.

Is cuid de chlár Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine de chuid Éire Ildánach iad na tionscadail seo agus cuirfear i bhfeidhm i mbliana iad le comhpháirtithe náisiúnta Éire Ildánach agus údaráis áitiúla.

Áirítear ar Thionscadail na nÚdarás Áitiúil

Ceatharlach – Beidh Féile Ealaíon Cheatharlach ag obair le háitritheoirí níos sine ó Ráth Bhile, Baile Haicéid, Míseal agus an Ghráig chun dráma fuaime a fhorbairt a thabharfar chun beochta le beochana páipéir ghearrtha.

Ag cur leis an rath a bhí ar an dtionscadal Borris Lace by Post, déanfaidh na lásadóirí Ally Nolan agus Jules Michael gréasa lása nua a fhorbairt le háitritheoirí tithe cúraim agus leathnófar an tionscadail go baill de chuid Sheideanna na bhFear i gCeatharlach.

Artist from Borris Lace by Post Project

 

Cathair Chorcaí – Trí Leabharlann na gCeamaraí oibreoidh grianghrafadóirí níos sine Chlub Ceamaraí Chorcaí le ceamaraí éagsúla analógacha lena n-áirítear an box brownie, ceamaraí mionphoill, an super 8, ceamaraí scannáin dhubh agus bháin agus go leor eile de cheamaraí an 20ú cead a bhfuil eolas acu air. I gcroílár an tionscadail beidh Bailiúchán Ceamaraí Hermann Marbe a bronnadh ar an gcathair le go mbeadh grianghrafadóireacht níos inrochtana.

Contae Chorcaí – Oibreoidh Katie Holly, stiúrthóir agus léiritheoir, le grúpa de dhaoine níos sine chun sobalchlár Raidió 10 gcuid a chruthú agus déanfar é a thaifeadadh i mí Meithimh. Cinnfidh an grúpa féin cibé an mbainfear nó nach mbainfear úsáid as aisteoirí gairmiúla nó an dtapóidh siad féin an deis agus na páirteanna a dhéanamh iad féin.

Dún Laoghaoire/Ráth an Dúin – Cruthóidh Oifig Ealaíon Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin taispeántas nua do dhaoine níos sine i gcomhar lena gcomhghleacaithe i nGailearaí na Lánaí Arda i nDroichead Átha, Co. Lú a dhíreoidh ar an saothar atá ina mBailiúcháin iontacha Bhardasacha. Óstálfaidh an dá ghailearaí imeachtaí agus ceardlanna mar chuid de na taispeántais a bheidh fáilteach agus dírithe ar dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, ar a gcuid teaghlach agus cúramóirí idir Meitheamh agus Meán Fómhair 2022.

Cathair na Gaillimhe – Dancing Memories – tionscadal cruthaitheach scannánaíochta i gcomhar a dhéanfaidh tallann cóiréagrafaí, déantóra scannán, beirt damhsóirí nua-aimseartha, cumadóra agus daoine níos sine an Bhaile Bháin a bhí ar an gcéad eastát tithíochta a thóg Comhairle Cathrach na Gaillimhe sna 1950idí a thabhairt le chéile.

Cill Chainnigh – Cuirfidh Knitted Together le chomh maith is a d’éirigh le tionscadail Knitted Together in 2020 agus 2021 a d’oibrigh le breis is 400 duine níos sine ar líne le linn na paindéime. Tabharfar cuireadh do na rannpháirtithe cearnóga do phluideanna a chniotáil agus a chróiseáil do charthanachtaí éagsúla ar fud an chontae. Tabharfar cuireadh do ghrúpaí nua amhail Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, Seideanna na bhFear, Cumann na gCúramóirí agus Ionad Oideachais Chill Chainnigh a bheith páirteach.

Laois – Is tionscadal cruthaitheach, ilardáin é Always Human do dhaoine níos sine arna cheapadh ar dtús ag Cabrini Cahaill agus a choimisiúnaigh Ionad Ealaíon Dhún Másc in 2021. I mbliana áireoidh sé seisiúin portráidí pearsanta do bhaill Chaife do dhaoine a bhfuil Néaltrú orthu Dhún Másc, sraith podchraoltaí a roinnfear ar láithreán gréasáin Ionad Ealaíon Dhún Másc agus Midlands 103, clár fairsing cruthaitheachta do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta agus tionscadal forbartha le healaíontóirí níos sine lena chinntiú go dtacaítear lena gcuid oibre.

"nniu bhronn an Clár Éire Ildánach €560,000 ar thionscadail chruthaitheacha a dhéanfaidh sláinte agus folláine daoine níos sine in Éirinn a fheabhsú agus iad ag teacht as an bpaindéim"

Liatrom – Déanfaidh The Sweeter the Tune triúr ealaíontóirí gairmiúla níos sine a choimisiúnú as an réigiún – Cathy Carmen (dealbhóireacht), Charlie McGettigan (ceol) agus John McDwyer (amharclann) chun saothar nua a chruthú agus oibriú le grúpaí de dhaoine níos sin.

Luimneach – Is é aidhm an tionscadail Musicians on Call ná sláinte agus folláine a chur chun cinn trí rochtain ar cheol beo do dhaoine leochaileacha níos sine a chur ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i dtithe altranais.  Ceoltóirí gairmiúla a thug faoi thraenáil speisialaithe sular thosaigh siad sna ceolchoirmeacha a bheidh i mbun na gceolchoirmeacha seo sna tithe altranais éagsúla.

An Mhí – Le Tae, Comhrá agus Ceol, cruthóidh ‘Across the Miles’ nasc idir 16 teaghlach tríd an gceol, comhrá agus cuimhní cinn, beag beann ar an áit a bhfuil siad.  Ag obair go díreach le sé Theach Altranais, cuirfidh Tae, Comhrá agus Ceol ceolchoirmeacha príobháideacha ar fáil atá leagtha amach go sonrach chun freastal ar riachtanais na gcónaitheiorí ag na ceoltóirí agus aisteoir ar cuairt.

Muineachán – Déanfaidh an tEalaíontóir Cónaithe Orlagh Meegan Gallagher The Memory of Water 3 a chruthú le hAmharclann Ealaíon Iontas i mBaile na Lorgan, Co. Mhuineacháin. Sholáthar Orlagh tionscadal den chineál sin cheanna i dtithe cúraim i gCarraig Mhachaire Rois agus i mBaile na Lorgan.

Uíbh Fhailí- Trí chlár de rannpháirtíocht chruthaitheach, ceardlanna, cainteanna agus taispeántais, tabharfaidh Intergenerational Futures daoine fásta níos sine agus daoine óga le chéile lena gcuid scéalta agus scileanna maidir lena bpobail féin, an nádúr, bia agus ceardaíocht a roinnt. Trí úsáid a bhaint as cur chuige STEAM, treoróidh na héascaitheoirí cruthaitheachta na rannpháirtithe i dtreo a bheith ina smaointeoirí cruthaitheacha.

Deisceart Bhaile Átha Cliath- Oibreoidh Mucking Around in the Mud le 30 duine níos sine atá ina gcónaí i bPáirc Chorcaí nó timpeall air le bheith rannpháirteach i dtionscadal cruthaitheach garraíodóireachta. Is é an aidhm atá leis ná oibriú ar fud rannóga agus cláir éagsúla laistigh de Chomhairle Contae Átha Cliath Theasa chun gairdín nua poiblí a chruthú chomh maith le scileanna nua a fhorbairt agus mórtas pobail.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine de chuid Éire Ildánach téigh chuig anseo.

Stay up to date

×