Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Scéim Leasa Shóisialaigh d’ealaíontóirí féin-fhostaithe áleathnúchuig an bpobal cruthaitheach i gcoitinn

Fógraíonn Airí leathnú a bhfuil fáilte roimhe ar an scéim leasa shóisialaigh d’ealaíontóirí féin-fhostaithe ó mhí Mheán Fómhair. Dea-scéal dár n-ealaíontóirí díograiseacha is ea go bhfuil leathnú suntasach curtha ar cheann de na chéad tionscnaimh phíolótacha faoin gClár Éire Ildánach - an scéim leasa shóisialaigh d’ealaíontóirí féin-fhostaithe - chun fiú níos mó disciplíní cruthaitheacha a chur san áireamh.

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD agus an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce SóisialtaRegina Doherty TD, go bhfuil an scéim leathnaithe go buan chuig ealaíontóirí féin-fhostaithe, lena n-áirítear daoine atá ag obair sna taibhealaíona, sna scannáin agus san ailtireacht.

Leis an scéim leathnaithe, aithnítear cúinsí cruthaitheacha uathúla ealaíontóirí a fhaigheann an Liúntas Cuardaitheora Poist, agus tugtar cúnamh speisialta dóibh ina gcéad bhliain as obair chun deis a thabhairt dóibh díriú isteach ar a dtáirgeadh cruthaitheach.

Ag tacú le haisteoirí, ailtirí, dearthóirí, damhsóirí agus níos mó

Ciallaíonn sin go mbeidh ealaíontóirí féin-fhostaithe a fhaigheann an Liúntas Cuardaitheora Poist in ann díriú isteach ar a n-iarrachtaí ealaíonta agus a bpunann a fhorbairt, seachas a bheith rannpháirteach sa ghnáthmhargadh saothair chun airgead a shaothrú, an chéad bhliain a bheidh siad as obair, ó mhí Mheán Fómhair 2019. Áirítear ar na healaíontóirí atá incháilithe chun cur isteach ar an scéim anois, aisteoirístiúrthóirí amharclainne agus scannáindamhsóiríamhránaithe ceoldrámaíochtadearthóirí seit, feistis agus soilsitheceoltóirícumadóirícóiréagrafaitheailtirí agus taibheoirí sráide.

Aiseolas dearfach

Léiríodh le hathbhreithniú ar an scéim phíolótach gur bhain os cionn 100 ealaíontóir agus scríbhneoir leas aisti go dtí seo agus go ndearna 87% de na healaíontóirí sin a d’fhág an scéim Liúntas Cuardaitheora Poist é sin laistigh den chéad bhliain.

Aiseolas dearfach atá faighte ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar amharc-ealaíontóirí agus ar scríbhneoirí, rud a thugann le fios go dtugann an scéim aitheantas don rannchuidiú ríthábhachtach a dhéanann ár n-ealaíontóirí dár saol agus dár sochaí.

Mar is amhlaidh i gcás amharc-ealaíontóirí agus scríbhneoirí, déanfaidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon agus na comhlachtaí ionadaíochta éagsúla próiseas a fhorbairt chun bailíochtú neamhchlaonta a dhéanamh ar dheimhniúchán gairmiúil mar chuid den phróiseas.

Social Welfare Pilot Scheme For Artists & Writers

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×