Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Tionscadal Lása na Buiríosa ar an bPost: Bain triail as ceird oidhreachta Cheatharlach

Fógra do cheardaithe atá os cionn 65 - ar mhaith libh deis a bheith agaibh tuilleadh a fhoghlaim faoi cheird lásadóireachta na Buiríosa? Tá ríméad ar Oifig Ealaíon Cheatharlach agus Éire Ildánach Cheatharlach seoladh 'Tionscadal Lása na Buiríosa ar an bPost' a fhógairt - agus is mian linn go mbeidh tú páirteach!

Is é Lása na Buiríosa atá mar spreagadh ag ‘Tionscadal Lása na Buiríosa ar an bPost’, agus beidh deis ag rannpháirtithe blaiseadh a fháil de phróiseas na fuála agus de dhéantús an lása le beirt ealaíontóirí áitiúla Ally Nolan, dearthóir agus ceardaí ó Mhuine Bheag; agus Jules Michael, péintéir agus ealaíontóir pobalghníomhach a bhfuil cónaí air gar don Bhuiríos.

Tá tionscadal sé mhí leagtha amach ag Jules agus Ally ina bhfaighidh rannpháirtithe pacáiste ar an bpost gach mí chun na próisis chruthaitheacha a bhaineann le lásaíocht, teicnící fuála agus eile a fhoghlaim. Is é an rud is fearr faoin tionscadal seo ná go gcuirfear in oiriúint é chun go mbeidh tusa ábalta atá ag teastáil uaitse a dhéanamh! Is tionscadal saor in aisce é seo agus tá cead ag aon duine atá os cionn 65 agus atá ina chónaí i gCeatharlach páirt a ghlacadh ann.

Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt an t-ealaíontóir Jules:

“Tiocfaidh gach cuid den tionscadal chugat i bpacáiste uathúil, lena mbeidh ábhair agus treoracha chun go mbeidh tú in ann é a chur i gcrích i do theach féin. Le pacáistí á gcur amach sa phost, beidh deis againn teagmháil a dhéanamh lena chéile agus fanacht slán ó Covid inár dteach féin ag an am céanna.”

Dúirt Ally Ag deireadh an tionscadail, déanfaimid ceiliúradh ar na saothair ceardaíochta éagsúla agus ar an gcruthaitheacht, trí theacht ar bhealach le taispeántas a chur ar siúl go sábháilte sa phobal.

Borris Lace by Post Project

Tugadh Lása na Buiríosa go Deisceart Chontae Cheatharlach 174 bliain ó shin chun go mbeadh bealach ag muintir na háite le hairgead a shaothrú le linn an Ghorta Mhóir. Bunaíodh Grúpa Lásaíochta na Buiríosa sa bhliain 2016 chun aghaidh a thabhairt ar mheath na ceirde. Tá an coincheap céanna mar bhunús ag ‘Tionscadal Lása na Buiríosa ar an bPost’, is é sin tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla le linn tréimhse chorrach, trí mheabhairshláinte dhearfach agus deaslámhacht fhisiciúil a chothú agus trí cheird dhúchasach agus an stair, na naisc agus na scéalta uilig a bhaineann léi a chur chun cinn.

Is iad Oifig Ealaíon Cheatharlach agus Éire Ildánach Cheatharlach a d’fhorbair ‘Tionscadal Lása na Buiríosa ar an bPost’ i gcomhar le Grúpa Lásaíochta na Buiríosa agus tionscadal Mhol Ceardaíochta na hEorpa.

Seolfar na chéad phacáistí den tionscadal ar an bpost an tseachtain dar tús an 17 Bealtaine. Is tionscadal saor in aisce é seo agus tá cead ag aon duine atá os cionn 65 agus atá ina chónaí i gCeatharlach páirt a ghlacadh ann.

Ar mhaith leat páirt a ghlacadh? Déan Teagmháil le Aileen Nolan ag anolan@carlowcoco.ie nó seol téacs chuig 087 358 0224 roimh 5pm ar an 14 Bealtaine 2021.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadail chultúir agus ildánacha Cheatharlach  anseo.

Stay up to date

×