Skip to main content
Only Jealousy of Emer, 2017 (Ste Murray)

Cathair Bhaile Átha Cliath

Tá an cultúr croílárnach maidir le sainiúlacht Bhaile Átha Cliath agus le caighdeán an tsaoil ann, is é an cultúr a fhágann gur cathair bhríomhar í atá tarraingteach ag lucht féachana áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le litríocht, ceol, damhsa, amharclannaíocht, gnéithe den oidhreacht agus ealaín don tsúil a thapú.

Tá clú ar fud an domhain ar Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an oidhreacht chultúir, an stádas mar Chathair Litríochta de chuid UNESCO agus oiread d'fhorais náisiúnta cultúir na hÉireann a bheith suite ann, na smaointe, an spreagadh agus na deiseanna a bhíonn ar fáil ann ceangal a chothú le gnéithe den chultúr agus den chruthaitheacht, rud a tharraingíonn lucht féachana áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun litríocht, filíocht, ceol, damhsa, amharclannaíocht, gnéithe oidhreachta agus na hamharc-ealaíona a thaithí.

Seasann Cathair Bhaile Átha Cliath le rannpháirtíocht agus saothrú an chultúir trí chomhar páirtnéireachta a chothú, trí ghnéithe suntasacha den infreastruchtúr cultúir a chur ar fáil ar fud na Cathrach agus i gcomharsanachtaí éagsúla na háite. Mar gheall ar Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chathair Bhaile Átha Cliath faoin gclár Éire Ildánach tá an ceangal idir an chathair agus saoránaigh na cathrach níos treise ná mar a bhí riamh. Soirbhíonn an téama maidir le 'comhar cruthaitheachta' leis an gcultúr agus an chruthaitheacht a fhorbairt agus a chur chun cinn i gCathair Bhaile Átha Cliath. Is féidir le daoine dá réir dul i ngleic leis an gcruthaitheacht ina gcomharsanacht féin agus níos faide ó bhaile.

Tá tábhacht nach beag le deiseanna a chruthú do leanaí páirt a ghlacadh i gcúrsaí cultúir agus cruthaitheacht ó thús an tsaoil, ní amháin maidir le sláinte, maitheas agus forbairt an linbh, ach mar chuid freisin de chinntiú na hinmharthanachta maidir le leas an chultúir i mBaile Átha Cliath san am atá le teacht. I rith ré feidhme Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chathair Bhaile Átha Cliath faoi Éire Ildánach, tá cúnamh á thabhairt maidir le healaín na mblianta luathóige, cláir amharc-ealaíon agus féilte agus imeachtaí rannpháirtíochta do leanaí.

Tá cláir a théann i gcion ar fud na cathrach, chomh maith le deiseanna maidir le rannpháirtíocht go háitiúil, á dtabhairt chun cinn mar gheall ar straitéis cruthaitheachta na cathrach, idir 14 Sráid Henrietta, Dánlann Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath, an áit a bhfuil Stiúideo Francis Bacon agus Spásanna Déantúsóirí, Moil Cultúir agus Clubanna Cultúir, idir scríbhneoirí cónaithe agus tograí oscailte amharclannaíochta agus damhsa.

Image ALT text

Clár Éire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Coimisiúin Éagsúlachta

Bhí an-áthas ar Éire Ildánach, i dteannta le Coiste Cultúir agus Cruthaitheachta Éire Ildánach de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le tacaíocht ó Ghailearaí Grianghrafadóireachta na hÉireann, an tionscadal seo a chur i láthair.

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Ray Yeates

Comhordaitheoir maidir le hÉire Ildánach, Oifigeach Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Mairead Owens

Leabharlannaí Cathrach Bhaile Átha Cliath, Ceannasaí, Meitheal Cultúir Bhaile Átha Cliath maidir le hÉire Ildánach

Teagmháil

Alison Clarke

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Brendan Teeling

Leas-Leabharlannaí Cathrach

Teagmháil

Iseult Byrne

Príomhfheidhmeannach, Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Barbara Dawson

Stiúrthóir, Dánlann Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Charles Duggan

Oifigeach Oidhreachta Chathair Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Margaret Glupker

Rannóg Ailtire na Cathrach

Teagmháil

Ruth Johnson

Seandálaí Cathrach

Teagmháil

Alice Boardman

Oifig Caidrimh Idirnáisiúnta Chathair Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Simon Clarke

Imeachtaí Chathair Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Greg Swift

Ceann Fiontar
Oifig Fiontraíochta Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Miriam Flynn

Oifigeach Cúnta Forbartha Pobail – Limistéar an Deiscirt Láir

Teagmháil

Jessica O'Donnell

Dánlann Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Ár Straitéis

The ‘Dublin City Culture and Creativity Strategy 2018 – 2022’ identifies seven strategic priorities focusing on collaboration, engagement and participation. These priorities largely draw from Creative Ireland Programme Pillar 2 – Enabling Creativity in every Community, Pillar 1 – Enabling the Creative Potential of every child and Pillar 3 – Investing in our Creative and Cultural Heritage.

Dublin-City-Irish-version.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×