Féach cad atá ar siúl
Music Tuition for Older Persons WCC and Music Network
Festivals Development Supports Covid-19
Visual Artists Development Series VAI
The Avonmore River
Video Connection in a Time of Covid 19
Street Feast Community Engagement
Ár Straitéis
Is é atá d'aisling leis an gClár Éire Ildánach i gCill Mhantáin go ndéanfaí gnáthchuid den phobal ar fud an chontae den chruthaitheacht; go gcuirfí le hacmhainn agus le muinín an uile dhuine maidir le dul i mbun cruthaitheachta agus nuála ina saol féin ionas go gcuirtear le saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúir Chontae Chill Mhantáin.
...
Beidh an clár seo ina bhonn treise faoin gcruthaitheacht ar fud an phobail trí chaidreamh agus comharbheartaíocht a chothú idir lucht ealaíne, scannánaíochta, oidhreachta, leabharlannaíochta agus cartlannaíochta, i réimsí gairmiúla agus i réimsí eile. Tá de rún leis an straitéis go gcuirfí in aghaidh aon bhac ar rannpháirtíocht ar ann dó nó a thiocfadh chun cinn, más cúrsaí airgid, tíreolaíochta nó socheolaíochta is bun leo, nó aon bhac eile a bhainfeadh le dearcadh nó le meon. Beidh iniúchadh á dhéanamh faoi straitéis Chill Mhantáin ar na deiseanna atá ann caidreamh a chothú le lucht ealaíne, oidhreachta agus cruthaitheachta ar bhealaí nua seachas na bealaí seanbhunaithe amháin. Tá an rannpháirtíocht agus an deis rannpháirtíochta bunúsach maidir leis an aisling. Meastar chomh maith go bhfuil bunriachtanas leis na healaíontóirí agus daoine eile den lucht cruthaitheachta a cheangal leis an bpobal i gcomharsanachtaí éagsúla má táthar leis an aisling a thabhairt i gcrích.