Skip to main content

Better Words: A field guide to contemporary art and culture

Ar dheis agus misneach a thabhairt do dhaoine óga idir ocht mbliana agus dhá bhliain déag d'aois ealaín na linne seo a fhiosrú agus a scrúdú de réir a meon féin…cruthaíonn siad teanga nua dá gcuid féin.  Sin é go díreach a thit amach nuair a thug EVA International, le cúnamh taca ó Éire Ildánach, cuireadh do 150 duine óg as cúig cinn de bhunscoileanna i réigiún Lár Luimnigh saol na healaíne comhaimseartha a scrúdú dóibh féin.  

Picasso pants – an cineál a chaitheann mic léinn ealaíne

Icantouche- an rud a bhraitear nuair nach féidir lámh a leagan ar shaothar ealaíne

Trumpflip – nuair a tharlaíonn an ní-nach-féidir

Tháinig bealaí nua chun cur síos ar a mbraitear le linn cuairt a thabhairt ar dhánlann agus saothair den ealaín chomhaimseartha a bhreathnú chun tosaigh nuair a thug EVA International, le cúnamh taca ó Éire Ildánach, cuireadh do 150 duine óg as cúig cinn de bhunscoileanna i réigiún Lár Luimnigh saol na healaíne comhaimseartha a scrúdú dóibh féin.

Tar éis clár cúig seachtaine de chuairteanna ealaíontóirí ar na scoileanna, de chuairteanna scoileanna ar dhánlanna, de cheardlanna le roinnt de na scríbhneoirí is iomráití in Éirinn, Sue Rainsford ina measc, bhí ábhar nua foclóra ceaptha ag na daoine óga chun cur síos ar a dtaithí féin ar an ealaín chomhaimseartha.

Le cúnamh taca ó Éire Ildánach, sheol EVA International Better Words, arna dhearadh ag Piquant, ina bhfuil cuntas ar bhraith 150 dalta bunscoile as cúig cinn de scoileanna i Luimneach, Bunscoil Chorp Chríost, Scoil Náisiúnta Chnoc Áine, Tionscadal Scoile Luimnigh, Scoil Bhanríon na Síochána agus Scoil Náisiúnta Naomh Seanáin, Faing

Arna eagrú de réir théamaí éagsúla de leithéid ‘Pobal & Polaitíocht’, ‘Gnás’, agus ‘Teicneolaíocht’, tugtar buntuiscint in Better Words ar théamaí mórthábhachta maidir le saothrú na healaíne comhaimseartha sa lá atá inniu ann, an tráth céanna a léirítear fiosracht cultúrtha, fuinneamh cruthaitheachta agus easonóir ghreannmhar na ndaltaí a bhí páirteach sa togra.

Tá brollach curtha freisin ag an údar clúiteach Kevin Barry le Better Words agus nótaí ar phróiseas na gceardlann curtha i dtoll a chéile aga an gcoimeádaí Maeve Mulrennan.

Beidh cóipeanna den leabhar á scaipeadh in Éirinn trí na scoileanna agus trí chóras na leabharlann poiblí agus beidh siad ar fáil le ceannach freisin trí EVA International agus miondíoltóirí eile.

Deir Matt Packer, Stiúrthóir EVA International: Is ábhar mórtais agam an leabhar Better Words a sheoladh, leabhar a eascraíonn as próiseas an chomhair maidir le ceardlanna le scoileanna, le healaíontóirí iomráiteacha agus le scríbhneoirí maidir le cúrsaí ealaíne. Cuirtear samhlaíocht na ndaltaí scoile i láthair sa leabhar agus léirítear an meon oscailte fiosrach atá acu maidir leis an ealaín chomhaimseartha.  Trí chead a ligean leis na leanaí a gcuid téarmaí ealaíne féin a chumadh, cuirtear de leataobh ceann de na constaicí is coitianta a bhíonn roimh cheangal níos forleithne i measc an phobail leis an meon criticiúil agus leis na réimsí castachta ar dlúthchuid iad den ealaín chomhaimseartha mar léiriú ar shaol na linne seo.

Deir Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta:

Is breá liom gur thug Éire Ildánach cúnamh taca maidir leis an togra iontach seo faoin gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta.  Is toradh an leabhar Better Words ar chomhar páirtnéireachta idir EVA International, ealaíontóirí iomráiteacha agus níos mó ná 150 dalta scoile i Luimneach.  Is léir ardaidhmiúlacht an togra ón gcaoi ina dtéann Better Words i ngleic le réimsí dúshláin na healaíne comhaimseartha trí intinn fhiosrach scóipiúil na n-óg a chur i gceartlár an phróisis.

Tugadh cúnamh taca don chlár Better Words faoin gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta a eagraíonn Éire Ildánach agus is tionscnamh de chuid EVA International atá ann chun modhanna nua ina dtaithítear agus ina dtuigtear an ealaín chomhaimseartha a chur chun cinn trí leas a bhaint as foclóir chruthaitheach.

Stay up to date

×