Skip to main content

Polasaí agus Straitéis Ealaíon agus Sláinte Shaolta a Sheoladh

Portiuncula University Hospital Artist in Residence Programme Credit Saolta Arts 2

I mí na Samhna 2019 a seoladh Polasaí agus Straitéis Ealaíon agus Sláinte Shaolta.  Is é Grúpa Ospidéal Shaolta an grúpa is mó sa tír leis na hospidéil seo a leanas: Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn, Ospidéal na hOllscoile, Maigh Eo, Ospidéal na hOllscoile, Páirc Mhuirlinne, Ospidéal na hOllscoile, Portiuncula, Ospidéal na hOllscoile, Ros Comáin, Ospidéal na hOllscoile, Sligeach agus Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

Portiuncula University Hospital Artist in Residence Programme Credit Saolta Arts

Bunaíodh an polasaí ar an lón eolais ó chlár cuimsitheach de thaispeántais, d'imeachtaí agus de bhearta caidrimh poiblí le gach duine de phobal an ospidéil, na hothair, gach duine den lucht leighis agus altranais, na cuairteoirí agus foireann taca an ospidéil.  Is comhar páirtnéireachta atá ann idir Iontaobhas Ealaíne Ospidéil Ollscoil na Gaillimhe, Grúpa Chúram Sláinte Ollscoile Shaolta, Seirbhís Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Grúpa Forfheidhmiúcháin Shaolta maidir le hÉire Fholláin, Grúpa Thaithí an Othair agus Comhairle na nOthar.

Offset UHG Post Room Credit Ruby Wallis

I bhfianaise an réimse leathan atá le Grúpa Ospidéal Shaolta, tuigeadh do Éire Ildánach gur mhaith an eiseamláir a bheadh ann maidir le nuálaíocht agus le hoibriú i gcomhar agus go mbeadh tábhacht ar an leibhéal náisiúnta leis maidir le cláir chruthaitheachta a thabhairt i gcrích i ngrúpaí eile ospidéal.

Offset Artwork Credit Saolta Arts

www.saolta.ie

Offset Artwork 2 Credit Saolta Arts

Stay up to date

×