Skip to main content

Narrative 4 The Empathy
Project

Narrative 4 The Empathy Project

Is deacair neamhaird a dhéanamh den smaoineamh is bun leis an Empathy Project ag Narrative 4. Le beart chomh simplí le scéalta pearsanta a bhabhtáil, cothaítear aithne agus bá dá chéile.

Is é an scríbhneoir Colum McCann a bhunaigh Narrative 4 atá ag feidhmiú faoin tráth seo i dhá cheann déag de thíortha.  Is é malartú na scéalta an gnás oibre is bunúsaí a bhaineann leis an gclár agus oibríonn áisitheoirí oilte le daoine óga ionas go mbaineann siad leas as a gcuid scéalta chun bá agus comhthuiscint a chothú, steiréitíopáil a chur de dhroim seoil agus constaicí a shárú.

Narrative 4 The Empathy Project

Paula O’Sullivan Áisitheoir Babhtáil Scéalta

"Thug mé faoi deara gur breá a thagann daltaí de mo chuid i láthair ar na meáin cheangailte ach nach móide chomh maith céanna iad le duine atá os a gcomhair. Fágann an Babhtáil Scéalta go dtagann an tuiscint sin chucu, go mbíonn siad in ann iad féin a chur i gcás an duine eile tamall agus gur mó an ceangal agus an bhá a airíonn siad ina dhiaidh sin"

Idir Meán Fómhair 2018 agus Meán Fómhair 2019, thug Éire Ildánach cúnamh taca maidir leis an tionscnamh iontach seo a chur ar siúl i Luimneach.  Cuireadh oiliúint ar 46 múinteoir agus 36 oibrí óige ionas go bhfuil ar a gcumas ceardlanna Babhtáil Scéalta a reáchtáil i scoileanna nó in ionaid eile.  Faoi dheireadh na bliana 2019, beidh tairbhe bainte ag líon is mó ná 5,000 dalta i réigiún an Lár‑Iarthair as an tionscnamh seo trína gcothaítear pobal táite agus barr maitheasa an duine aonair.

Narrative 4 The Empathy Project

The Empathy Project at Narrative 4 Ireland

Open Video

Stay up to date

×