Skip to main content
National Print Museum

Músaem Priontála an
Natinal

Músaem Priontála an Natinal

Is ábhar mórtais ag Éire Ildánach, chomh maith le Ciste Pobail Staid Aviva agus an Wild Apple Press, go rabhthas páirteach i dtogra suntasach maidir le haistriú inniúlachta sa Mhúsaem Náisiúnta Cló “Making our Impression”.

Is bailiúchán ann féin an ceann atá sa Mhúsaem Náisiúnta Cló lena mbaineann trealamh priontála brúchló, a oibríonn, arna chur ar taispeáint mar a bheadh in ionad cló den seanchineál i rith na 1960idí.  Tá ról lárnach i gcónaí ag an bpainéal seanchlódóirí agus cló-eagraithe a chuir an Músaem ar bun maidir leis an mbailiúchán agus an cheird a chaomhnú.  Is ábhar mór dúshláin atá san eolas agus sna scileanna atá acusan a chaomhnú agus a chur ar aghaidh chuig glúnta níos óige.

Togra nuálaíochta “Making our Impression” trínar féachadh leis an lucht airdill ab fhorleithne ab fhéidir a chothú maidir le hoidhreacht clódóireachta na tíre a chaomhnú.  Thug an clár aistriú inniúlachta deis do phainéal seanchlódóirí agus cló-eagraithe an Mhúsaeim a gcuid saineolais agus scileanna a thabhairt do dhreamanna óga dearthóireachta agus clódóireachta a bhfuil geallta acu an cheird a thabhairt do dhaoine eile chomh maith.

Don Kerrigan, Clódóir

"Ní mór stair an chló a choinneáil ar bun, bhí oiread sin tábhachta leis i dteacht na sibhialtachta, is ábhar mórtais agamsa baint a bheith agam leis an gceird."

Chuaigh an chéad bhabhta de “Making Our Impression” i bhfeidhm go mór ar dhaoine.  Ba mhór ag painéal seanchlódóirí agus cló-eagraithe an Mhúsaeim, i gcomhar le Tommy Duffy, ceanglóir leabhar, an deis oibriú le hochtar a bhfuil an-spéis acu sa phriontáil brúchló chun oidhreacht na ceirde a chaomhnú.

Tá Bainisteoir Oiliúna an togra, an clódóir brúchló Mary Plunkett, i mbun caidrimh faoi láthair leis na rannpháirtithe i mbun seisiúin éagsúla cleachtaidh ar an mbrúchló agus tugadh deis don uile dhuine acu a gcuid scileanna nua a léiriú agus a thaispeáint i rith imeachtaí éagsúla sa Mhúsaem.

Is féidir breis eolais a fháil faoin gclár aistriú inniúlachta “Making our Impression” ó info@nationalprintmuseum.ie

Músaem Priontála an Natinal

Open Video

Stay up to date

×