Cuirfear bonn treise faoi mhúnla feidhmiúcháin Chathair na Gaillimhe i ndáil le hinmharthanacht cultúir, rannpháirtíocht an phobail, sárchleachtas agus cathair ina bhfuil cultúr agus cruthaitheacht ar scoth an domhain le taithí agus le tapú:
- trí bhéim a leagan ar na sócmhainní cultúir, an cultúr a chur i gceartlár na forbartha ar Ghaillimh agus leas a bhaint as an gcultúr chun iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí nua chun saol níos fearr a chruthú don am atá romhainn.
- trí ghlacadh go fonnmhar le pobal na gcomharsanachtaí éagsúla agus leis an iléagsúlacht, scóip a chruthú do na gnéithe uile a bhaineann le féiniúlacht cultúir agus lena chur in iúl agus do bhealaí nua a oireann don chomhar agus don rannpháirtíocht.
- trí shoirbhiú don chomharobair, go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus do mhoil, cúnamh agus foinsí nua spreagtha a chur ar fáil maidir le tionscadail, páirtnéireachtaí agus gnéithe infreastruchtúir.
- trína ndéantar go sármhaith i nGaillimh a chur i láthair agus sin a chur ar fail do dhreamanna nua den lucht féachana agus den lucht rannpháirtíochta.