Skip to main content

Cill Dara

Ceaptar Contae Chill Dara, 'an Contae ina mbíonn an Féar Giortach’, le machairí fairsinge an Churraigh, le Cnoc Alúine, le portaigh agus canálacha, le hOllscoil Mhá Nuad agus le stair Chuallacht na gCairde i mBeal Átha an Tuair. Tá cúrsaí airm agus cúrsaí capall ina snáithí trí chúrsaí cultúir an chontae le fada agus ábhar spreagtha iontu ag lucht scéalaíochta agus ag lucht ceoil.

Tá traidisiún láidir sa chontae maidir le cóir, ceolfhoirne agus ceol traidisiúnta, drámaíocht amaitéarach, amharclannaíocht óige agus cumainn ceoil, agus tá cuid mhór ealaíontóirí gairmiúla, compántais ealaíne agus daoine den lucht cruthaitheachta ina gcónaí agus i mbun oibre sa chontae agus ag cur leis an saol ann. Tá tionscnaimh maidir leis an stair áitiúil agus leis an nGaeilge á gcur i gcrích san áit a bhfuil gnéithe suntasacha den oidhreacht nádúrtha agus den oidhreacht seandálaíochta. Tarlaíonn cláir shocraithe mar shampla an tSeachtain Oidhreachta, Oíche an Chultúir, Seachtain na Bithéagsúlachta, Féile Léitheoireachta Chill Dara, clár bliantúil na Seirbhíse Leabharlannaíochta agus an Lá Spraoi i rith na bliana chomh maith le clár d'fhéilte bríomhara. Le tionscnaimh de leithéid choimisiún ‘Kildare Short Grass Films’ cuidítear leis an lucht cruthaitheachta agus leagtar béim ar a bhfuil ar fáil sa chontae.

Ligeann clár Éire Ildánach i gCill Dara dúinn cur lena bhfuil bainte amach cheana againn agus comharsanachtaí atá bríomhar, dlúth, inmharthana a chruthú inar féidir le daoine cónaí, obair, spraoi agus infheistíocht a dhéanamh. Déantar an clár iléagsúil Éire Ildánach a thabhairt i gcrích i gcomhar ar fud bhrainsí uile na Comhairle, go háirithe na seirbhísí a bhaineann le cúrsaí oidhreachta, leabharlannaíochta, ealaíne, caithimh aimsire, fóillíochta, páirceanna agus gnóthaí pobail. Tá buntábhacht leis an gcomhar idir gníomhaireachtaí éagsúla chun treisiú leis an gclár.
Is ábhar mórtais ag Comhairle Chontae Chill Dara an obair atá déanta go dtí seo maidir le 'maitheas an duine' agus caighdeán an tsaoil don uile shaoránach a chur chun cinn. Fágann an t-ardú ar dhaonra na leanaí agus na ndaoine óga sa chontae éileamh níos mó ar sheirbhísí agus áiseanna cultúir arna gcur ar fáil ag an údarás áitiúil. Tá an-chlú ar Riverbank, ionad ealaíne an chontae, mar gheall ar an gclár oideachais agus caidrimh allamuigh. Fáiltítear go fonnmhar roimh Music Generation a thabhairt i bhfeidhm i gCill Dara i rith na bliana 2020, rud a threiseoidh arís leis an infreatruchtúr. Tuigtear, an tráth céanna, an daonra suntasach de dhaoine scothaosta sa chontae agus an t-ábhar dúshláin agus na deiseanna a ghabhann leis sin maidir le 'caighdeán an tsaoil.

Tá leagtha ar na húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann Colún 2 den phlean náisiúnta maidir le hÉire Ildánach a thabhairt i gcrích, 'Bonn a chur faoin gCruthaitheacht i ngach Pobal'. Is é atá d'aisling ina leith sin i gCill Dara: craobhchóras fiúntach na bpáirtnéirí a oibríonn i gcomhar d'fhonn dea-thoradh a thabhairt i gcrích i ndáil le cúrsaí cultúir agus cruthaitheactha i gContae Chill Dara a leathnú agus a chothú.

Image ALT text

Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chill Dara

Creative Ireland and RTÉ Supporting the Arts: The Kildare Covid Diaries

Open Video

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Gillian Allen

Oifigeach Ealaíon an Chonate agus Comhordaitheoir Gníomhach Éire Ildánach

Teagmháil

Colleen Werle

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Sonya Kavanagh

Príomhfheidhmeannach

Teagmháil

Eoghan Ryan

Stiúrthóir Seirbhísí (Seirbhísí Corparáideacha, Daoine agus Cultúir)

Teagmháil

Anne Myler

Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin – Seirbhísí do Shaoránaigh

Teagmháil

Bridget Loughlin

An tOifigeach Oidhreachta Contae

Teagmháil

Kevin Murphy

Leabharlannaí, Staidéar Áitiúil, Cartlanna agus Seirbhísí Taighde

Teagmháil

Betty Maguire

Oifigeach Gaeilge Chontae Chill Dara

Teagmháil

Syl Merrins

Comhordaitheoir Chomhpháirtíocht Spóirt Chill Dara

Teagmháil

Paula O'Rourke

Comhordaitheoir um Ghníomhú Aeráide

Teagmháil

Ruth Kidney

Ailtire Caomhantais

Teagmháil

Paula O'Brien

Ailtire Caomhantais

Teagmháil

Ár Straitéis

Kildare-Irish-version.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×