Skip to main content


Nuacht

Babhta ceannais Junk Kouture 2020 buaite ag Synergy

Scroll
5 min read

Babhta ceannais Junk Kouture 2020 buaite ag Synergy

5 min read

10/03/21

Babhta ceannais Junk Kouture 2020 buaite ag Synergy

D’éirigh le mic léinn as Dún na nGall, Brónach Harkin, Robyn O’Donnell agus Orlaith Doherty an craobh a bhaint sa mbabhta ceannais a bhí athsceidealaithe, le gúna a fuair inspioráid ó Elie Saab agus é déanta as gloine ón bhfarraige, cartáin bhainne phlaisteacha, agus prócaí gloine briste ina smidiríní “Ní bhreathnóidh cartán bainne mar a chéile dom go deo arís!” – Michelle Visage - Moltóir

Above:

Bhí dea-thoradh ar na míonna a bhí caite ag Brónach Harkin, Robyn O’Donnell agus Orlaith Doherty, triúr mac léinn as Dún na nGall, ag fuáil, ag gearradh agus ag briseadh ghloine nuair a fógraíodh ar 4 Feabhra go raibh craobhchomórtas Junk Kouture buaite acu. Bhí a ndearadh, ‘Synergy’, gúna ‘eireaball éisc’ déanta as gloine ón bhfarraige, cartáin phlaisteacha bhainne agus gloine athchúrsáilte dála buidéil agus prócaí suibhe, chun cinn ar an 80 dearadh eile a shroich an babhta ceannais. Ghlac daoine ó cheann ceann na tíre páirt sa chomórtas faisin athchúrsála, a bhí le feiceáil ar an teilifís den chéad uair.

Thiúnáil an lucht féachana isteach chuig RTÉ2 agus chuig Seinnteoir RTÉ Déardaoin le breathnú ar shraith dearaí a bhí dochreidte agus iad deartha agus léirithe ag dearthóirí óga cumasacha, a raibh orthu fanacht go foighneach le linn na paindéime chun a bheith ina nglóir. Bhí an babhta ceannais 2020 ceaptha a bheith ar siúl in Aibreán 2020 sa 3Arena, i mBaile Átha Cliath ach cuireadh ar ceal é mar gheall ar ráig de Covid-19. Mar sin féin, ní raibh deireadh caillte mar gur éirigh le Junk Kouture, le tacaíocht ó Éire Ildánach, teacht ar shlí mar mhalairt ar an seó beo agus bhí an babhta ceannais le feiceáil ar an teilifís aréir den chéad uair ó thosaigh sé amach deich mbliana ó shin.

Ba léir go raibh sineirge idir an triúr a bhuaigh, agus an bua sin tuillte go maith acu, leis an ngúna aoibhinn a bhí faoi anáil an dearthóra Elie Saab a bhfuil cáil dhomhanda uirthi. Chuaigh a n-iarracht, a bhí as lámh a chéile, go mór i bhfeidhm ar an bpainéal saineolach moltóirí ar a raibh Louis Walsh a bhíonn ina mholtóir ar X-Factor agus Michelle Visage a bhíonn i mbun moltóireachta ar RuPaul’s Drag Race.

Agus iad á dtreorú ag a múinteoir Pauline McDermott, bhailigh na mic léinn Brónach, Robyn agus Orlaith ó Scoil Pobail Charn Domhnach gloine ón bhfarraige le fuáil ar an ngúna, agus rinne siad painéil ghloine don ghúna ó bhonn trí ghloine athchúrsáilte a bhriseadh ina phíosaí míne agus é a chroith os cionn gliú PVA chun an toradh a theastaigh uathu a fháil. Chomh maith leis sin, ghearr siad amach go cúramach as seanchartáin bhainne phlaisteacha gach peiteal a bhí ag teastáil le haghaidh an ghúna. Mar gheall ar a sárcheird agus a sárcruthaitheacht agus toisc a tharraingtí agus a bhí siad ar an stáitse, tá an fhoireann ag dul abhaile anois agus duais €1,000 buaite acu chomh maith le €2,000 eile dá scoil.

Ag Cóisir na mBuaiteoirí i ndiaidh an tseó bronnadh duaiseanna freisin ar bhuaiteoirí eile, a raibh sé tuillte go maith acu, agus craoladh é seo ar líne ar junkkouture.com nuair a bhí an clár teilifíse thart. Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí le fáil thíos i Nótaí do na hEagarthóirí. Idir an dá linn, ag 3i.n ar an Satharn 6 Feabhra ar 2FM ar an Stephen Byrne Show fógrófar buaiteoir Rogha Lucht Féachana RTÉ mar gurb é an Aoine an 5 Feabhra ag  6i.n an dáta deireanach le haghaidh vóta a chaitheamh.

Dúirt duine d’fhoireann Synergy Robyn O’Donnell: “Baineadh siar asainn agus tá lúcháir orainn gur bhuaigh muid, is deacair linn a chreidiúint gur tharla sé seo tar éis an chaoi a raibh rudaí le bliain anuas, bhí go leor dúshláin romhainn ar an mbealach! Go raibh míle maith agaibh a mholtóirí as muid a roghnú. B’fhiú na huaireanta fada a chaith muid ag obair ar an ngúna seo– bhailigh muid gloine ón bhfarraige ar an trá, bhris muid ina smidiríní sean phrócaí agus buidéil agus ghearr muid amach na céadta peitil as cartáin bhainne. Tá muid buíoch den mhúinteoir as an spreagadh ar fad a thug sí dúinn. Bhain muid taitneamh as gach uile nóiméad a chaith muid ar Junk Kouture agus tá ríméad orainn gur éirigh leis an mbabhta ceannais dul ar aghaidh.”

Dúirt Michelle Visage: “Synergy! Bhí sibh go hálainn, bhí sé sin dochreidte! Déanta na fírinne ní thuigim cén chaoi ar éirigh libh gloine ón bhfarraige a fhigh isteach i ngúna ach rinne sibh é!  Agus cartáin bhainne? Ní bhreathnóidh cartán bainne mar a chéile dom go deo arís! D’fhéadfainn a bheith á chaitheamh in áit a bheith ag ól as. Tá sé sin dochreidte a thaiscí, tá sé ar fad saothraithe go maith agaibh. Comhghairdeas!”

Dúirt Louis Walsh: “Synergy, bhí sé sin chomh difriúil, chomh húrnua, chomh barántúil agus é déanta as gloine. Is léir go ndeachaigh go leor oibre isteach ann agus tá a thoradh le feiceáil. Tá sé fíorálainn agus tá an bua tuillte go maith aige– maith sibh Synergy.” 

Dúirt Troy Armour CEO POF Junk Kouture: “Comhghairdeas leis an dream a shroich an chraobh in 2020 agus a d’fhan chomh foighneach sin chun a bheith ina nglóir. Tá súil agam gur bhain gach duine atá ag breathnú ar an teilifís anseo in Éirinn agus an dream nua idirnáisiúnta atá ag faire ar sheinnteoir RTÉ taitneamh as an seó mórthaibhseach seo. Baineann an tallann atá ag an dream óg iontach seo an anáil díom, mar a dhéanann i gcónaí. Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na buaiteoirí Brónach, Robyn agus Orlaith –cuimsíonn siad gach a bhfuil i gceist le Junk Kouture. Tá tallann acu ó thaobh an fhaisin de agus tá an inbhuanaitheacht ag croílár an déantúis galánta seo. Tá mé cinnte go n-éireoidh thar barr sa todhchaí leis na daoine óga cruthaitheacha seo.”

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×