Skip to main content


Nuacht

Cad is Cosán Scéil ann?

Is é Cosán Scéil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin an chéad uair in Éirinn a chuirfear siúlóid faoin spéir ar fáil lena n-insítear scéal trí leabharlanna poiblí nó trí thionscnaíocht phríobháideach, ag tabhairt na seirbhíse leabharlainne amach faoin aer agus isteach sa réimse poiblí. Is leabhar pictiúr atá sa chosán scéil nó siúlóid scéil a chuirtear ar fáil i bhfoirm taispeántais a bheidh tú ábalta a leanúint ó thús deireadh, agus tú ag siúl le do mhuintir nó le do chairde.

Céard é an scéal?

Is é an leabhar álainn a scríobh Sadhbh Devlin, scríbhneoir cónaithe 2019-2020 Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, an chéad Cosán Scéil a bheidh againn; leabhar a scríobhadh le linn a tréimhse cónaitheachta agus a cuireadh le chéile ar an urlár uachtair i LexIcon Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin! Is iontach an scéal é Geansaí Ottó, atá maisithe ag Roisin Hahessy. Insítear scéal luchín bhig ar a dtugtar Ottó sa leabhar agus é ar aistear tríd an gcoill chuig teach a sheanmháthar, a dtaitníonn léi féiríní breátha a chniotáil dó. Tá an ghráin ag Ottó ar na geansaithe olla a chniotálann sí dó agus socraíonn sé é sin a insint di nuair a thugann sé aghaidh ar a aistear tríd an gcoill. Is i nGaeilge atá Geansaí Ottó ach tá aistriúchán Béarla den scéal curtha ar fáil againn chun Cosán Scéil dátheangach a chur ar fáil agus chun go mbeadh teacht ag cách air. Bhí an chéad Chosán Scéil lonnaithe taobh amuigh de LexIcon Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i nDún Laoghaire.

Cén chúis a ndéantar Cosán Scéil?

  • Chun ugach a thabhairt do dhaoine tabhairt faoin léamh amuigh faoin aer
  • Chun leabhair a chur chun cinn taobh amuigh de bhallaí na leabharlainne
  • Chun fógraíocht a dhéanamh ar Chlár Scríbhneoir Cónaithe Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus chun ardán a thabhairt don obair mhór is féidir a dhéanamh de bharr na cónaitheachta
  • Idirghníomhaíocht ó ghlúin go glúin a spreagadh chun go mbeidh tuismitheoirí, leanaí, seantuismitheoirí, siblíní agus cairde ábalta teacht le chéile le leabhar

Bhí tábhacht mhór ag baint leis sin le linn phaindéim Covid in 2020. Sheolamar Cosán Scéil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ar an 20 Deireadh Fómhair 2020 sular cuireadh srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm in Éirinn ar an 22 Deireadh Fómhair.

Chun beocht a chur faoin gCosán Scéil d’iarramar ar chniotálaí agus áisitheoir áitiúil an limistéar a bhfuil crainn ar gach taobh de, an áit a mbíonn an Cosán Scéil ar bun, a chlúdach le snáth. Chuireamar clár imeachtaí ar líne a bhain leis an gCosán Scéil ar fáil do scoileanna áitiúla i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a cuireadh ar fáil trí Zoom.  Mhaisíomar an áit a thuilleadh i mí na Nollag 2020 trí ealaín a chur sna fuinneoga in áiteanna i LexIcon Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhreathnaigh amach ar an gCosán Scéil, chrochamar soilse Nollaig ó chrainn agus chuireamar tuilleadh snáithe ar na carachtair gearrtha amach, hataí, scairfeanna agus miotóga don gheimhreadh chun cuma na Nollag a chur ar an gCosán Scéil.”

Nasc chuig an mhír nuachta ghearr ar láithreán gréasáin Leabharlanna Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×