Skip to main content
Plastics. The Good, The Bad & The Ugly


Nuacht

CALMAST – Ábhar Plaistigh: An Dea-scéal, an Drochscéal & an Scéal Uafáis

Tá eolaíocht agus ealaín á gcur le chéile ar bhealach spéisiúil le teann cruthaitheachta agus oideachais leis an tionscadal Idirbhliana STEAM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) a bhfuil comhordú á dhéanamh air ag Calmast, an t-ionad caidrimh allamuigh STEM in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

I rith na bliana, oibríonn Calmast le scoileanna, le lucht tionscail, le Spraoi agus le grúpaí eile cultúir chomh maith leis an bpobal chun Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (STEM) a chur chun cinn, go háirithe nuair is féidir Ealaín agus tionscadail STEAM a tharraingt le chéile.

I gcomhar leis an Seanadóir Grace O’Sullivan agus leis an ealaíontóir Rachel Smith, agus le cúnamh taca ón Garter Lane Arts Centre, tá tionscadal curtha le chéile ag Calmast a spreagann daltaí na hIdirbhliana agus daltaí bunscolaíochta saothar ealaíne a cheapadh i ndáil leis an ábhar tromchúiseach a bhaineann le truailliú ó phlaisteach. D’fhonn tuiscint chuimsitheach a ghnóthú ar na gnéithe ar fad a bhaineann le hábhar plaistigh, tá 19 dalta ó Mheánscoil na Toirbhirte i mbun taighde faoi láthair ar an dea-scéal, an drochscéal agus an scéal uafáis a ghabhann le hábhar plaistigh.  Tá póstaeir á leagan amach acu freisin chun torthaí na hoibre a chur ar a súile do dhaoine eile chomh maith le plean ceachta a leagan amach chun eolas faoin ábhar plaistigh a chur i láthair do rang a sé i Scoil Náisiúnta na Toirbhirte, Port Láirge.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×