Skip to main content


Nuacht

Clár Éire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Coimisiúin Éagsúlachta

libeanna:

Bhí an-áthas ar Éire Ildánach, i dteannta le Coiste Cultúir agus Cruthaitheachta Éire Ildánach de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le tacaíocht ó Ghailearaí Grianghrafadóireachta na hÉireann, an tionscadal seo a chur i láthair.

Roghnaíodh cúigear grianghrafadóirí chun freagairt go cruthaitheach do théama na ‘héagsúlachta’ i gcathair Bhaile Átha Cliath. Ba iad na grianghrafadóirí Mandy O’Neill, Ala Buisir, Jialin Long, Tessy Ehiguese agus Tobi Isaac-Irein.

Le breis agus cúig mhí, bhí baint mhór ag na grianghrafadóirí le pobail éagsúla i mBaile Átha Cliath, ag cruthú naisc nua spreagúla idir an t-ealaíontóir, pobail áitiúla agus an chathair. Léirigh na tionscadail choimisiúnaithe tírdhreach sóisialta agus cultúir na príomhchathrach atá athraithe agus muid ag druidim le céad bliain ó bunaíodh an Stát.

Seoladh an tionscadal an 1 Iúil 2021, “Tá ríméad orm tacú leis an tionscadal álainn seo a chuireann éagsúlacht mhuintir Bhaile Átha Cliath in iúl go cumhachtach in 2021. Is cuid d’fhís Éire Ildánach é seo chun deiseanna áitiúla a sholáthar do thallann chruthaitheach nua chun iad féin a chur in iúl agus ardán a thabhairt dóibh.” – An tAire Catherine Martin

Cuireadh na grianghraif shuntasacha i láthair lucht féachana poiblí trí thaispeántas lasmuigh ar phainéil dhigiteacha, ar chuaillí meitreo agus ar scáthláin bhus ar fud chathair Bhaile Átha Cliath thar thréimhse coicíse.

D’éirigh go hiontach leis an tionscadal i measc an phobail agus fuarthas léirmheasanna iontacha ó na meáin.

Freagra na meán:

https://www.independent.ie/life/the-world-in-one-city-five-photographers-capture-the-spirit-of-dublins-diverse-communities-40572479.html

https://www.rte.ie/news/dublin/2021/0628/1231836-dublin-diversity-campaign/

https://mobile.twitter.com/rtenews/status/1409577419745419267

Stay up to date

×